Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Diabhlaíocht Dé
Diabhlaíocht Dé
Diabhlaíocht Dé
Ebook159 pages2 hours

Diabhlaíocht Dé

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

"Before God created the first world, neither this world nor any other world existed..."

But He didn't create the world found in the pages of this book, or if He did may some other god help us!

Mankind emerges groggily, blinking into existence in these stories, innocent as a child. These stories are a madcap swirling frenzy in which God is a trickster and his favourite target is his new creation. Why? Is it anger, malice or just pure spite? Who can say?

These are stories reminiscent of biblical tales and we will recognise many of the characters; the likes of Lazarus and Judas Iscariot make an appearance. Other characters populating the stories might be plucked from folklore or mythology or the Orient.

Likewise, the worlds of magic and realism are merged as Ó Conghaile returns to his familiar stomping ground in this collection that will entice and delight deists, theists, atheists and agnostics alike. """Sular chruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann..."" Ach ní hé an domhan seo é, nó más é, go bhfóire Dia eicínt eile orainn. Scéalta buile, scéalta mire iad seo ina n-imríonn Dia cleasanna den uile chineál ar chine daonna nach bhfuil ach díreach tagtha ar an saol. Ach más le teann oilc nó mailíse nó spite eicínt é, is iad an cine daonna a bhíonn thíos leis.

Scéalta iad seo a bhfuil blas an Bhíobla ar chuid acu agus a bhfuil aithne againn ar chuid de na carachtair cheana féin, leithéidí Lazarus agus Iúdás Iscariot. Carachtair eile, shílfeá gur ón mbéaloideas nó ón miotaseolaíocht nó ón Domhan Thoir féin a tháinig siad: ainmhithe a bhfuil bua na cainte acu agus daoine a bhfuil ainmhithe mar thuismitheoir nó mar chéile acu.

Sa chnuasach seo tá an meascán den draíocht agus den réaltacht is dual don Chonghaileach go rábach tríd síos. Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu."

LanguageGaeilge
Release dateJul 1, 2015
ISBN9781784441395
Diabhlaíocht Dé

Read more from Micheál ó Conghaile

Related to Diabhlaíocht Dé

Related ebooks

Reviews for Diabhlaíocht Dé

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Diabhlaíocht Dé - Micheál Ó Conghaile

    IN AINM DÉ

    Sular chruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann. Chónaigh sé féin, is dóigh, sa spéir, idir neamh agus talamh, nó san áit a mbeadh an spéir, neamh agus talamh nuair a bheadh. Ba ansin a rinne sé a chéad mhachnamh is gan mórán cliú aige i dtosach cén séip a chuirfeadh sé ar chúrsaí an tsaoil mhóir. Ach bhí an scéal ag déanamh scim eicínt dó, is cosúil, is lean sé air ag machnamh, ag dianmhachnamh is ag síormhachnamh. Ansin, nuair a bhí ag teip air, ag moilleadóireacht faoina mhachnamh. Ag domhain-mhachnamh aríst ansin ar feadh seáirse eile. Is ar deireadh thiar thall ag machnamh faoina mhachnamh machnamhach féin. Bhí a intinn ina meascán milis mearaí is tinneas cinn tarraingthe aige air féin faoi seo. Ní nach ionadh.

    Sheas sé suas ag machnamh. Ní fios cé chomh fada a chaith sé ina sheasamh sa spéir ansin ach chaith sé seacht bpéire bróga móra tairní agus é sioctha ina staic staidéarach. Ach ní raibh ach trian dá mhachnamh déanta aige.

    Shuigh sé síos ar stól crua cloiche. Seacht stól fhuara cloiche a chaith a leath deiridh as béal a chéile ach théis an méid sin ní raibh ach dhá thrian dá mhachnamh déanta aige.

    Shín sé siar ar leaba lom adhmaid ansin agus dhún sé a shúile go docht. Stop ná staonadh ní dhearna sé nó go raibh seacht leaba chrua adhmaid caite aige ag machnamh. Ach, má bhí féin, bhí chuile ní beo oibrithe amach ina chloigeann aige, dar leis. Bhí an t-eolas ar fad aige. Tuiscint ar an leagan amach. Lúb ní bheadh ar lár ach tabhairt faoin togra domhanda seo le díograis choinsiasach. Cén chaoi a bhféadfadh a bheith … Buíochas mór le Dia.

    D’ardaigh sé a leathlámh san aer go postúil máistriúil ansin ag cruthú neamh is talamh. Spéir, farraige is fásach. Agus, sul má dhéanfadh sé dearmad air, ifreann. Bhí sé sásta go maith leis féin. Cén fáth nach mbeadh is a chosa fréamhaithe go domhain in ithir na talún anois aige, a scáile os cionn na bhfarraigí móra is na machairí leathana, a imleacán sa spéir ghlan ghorm is a chloigeann crochta thuas go hard sna clabhtaí neimhe.

    Seacht lá oibre ar fad a leag sé amach dó féin ó thús deireadh. D’oibrigh sé leis ar a mhíle dícheall ar feadh sé lá. Nuair a dhúisigh sé ar mhaidin an seachtú lá ní raibh mórán fonn air éirí as a leaba de bharr tuirse, drogall, pianta cnámh nó, b’fhéidir, leisce. Sin nó easpa spéise ina dhomhan féin, nó de bharr diabhlaíocht eicínt, b’fhéidir, a bheith á phriocadh. Bheartaigh sé codladh amach agus a scíth a ligean ar feadh na maidine, go gcríochnódh sé a raibh le críochnú i leath lae oibre.

    Thit néal trom air. Agus néal eile níos troime. Rug an codladh ar fad ansin air.

    Amach go maith sa tráthnóna baineadh an sásamh as a shuaimhneas nuair a dhúisigh tafann mhadraí ragúsacha na mbailteacha é, iad ag cur tinneas cinn air. Ní raibh sé cinnte ón sclafairt an chúig mhada nó sé mhada nó seacht mada a bhí sa bpaca. Nó má bhí an t-ochtú mada ann cé ar leis é? D’oscail sé a shúile agus ghlan sé na clabhtaí agus na sramaí astu. Bhreathnaigh sé síos uaidh. Baineadh geit as, a bhfaca sé á bhualadh idir an dá shúil.

    In ainm dílis Dé is an domhain mhóir, a dúirt sé, ach meas tú sa diabhal cé as a d’éirigh siad sin? Na … na … na rudaí sin ansin atá ag corraí is ag guairdeall go goilliúnach … Gháir sé ansin nuair a smaoinigh sé ar a chruthú féin, agus ar a raibh fós le críochnú. Gan cruthú. Is tháinig meall mór leisce air.

    Ara, bíodh na seacht ndiabhail acu siúd is bíodh na hocht ndiabhail ag an domhan sin ansin anois, a dúirt sé, ag síneadh siar aríst is ag déanamh bolg le gréin is le spéir dó féin.

    Críochnaídís féin é má thograíonn siad é, tá mo dhóthain déanta agamsa dóibh. Sé an meas céanna a bheas orm is tá a ndóthain céille acu féin, má tá … Is déanaidís gáireacha beaga bídeacha agus ollchaointe móra millteacha faoina gcuid ciotaíola, a smaoinigh sé.

    Caithfidh sé an t-am dóibh … mura gcaithfidh tada eile …

    DIABHLAÍOCHT DÉ

    Arbh é díomhaointeas Dé an lá áirithe úd ba chúis leis an diabhlaíocht ar fad? Ag fálróid trí fhoraois i gcríocha fiáine a bhí sé go leamh leadránach nuair a chonaic sé driobaill dhá ápa aeracha ag sliobarna anuas as géagán crainn i mbealach a chosáin. Deartháireacha meánaosta ba ea an dá ápa. Cúpla. Cén fáth a bhfuil siad siúd sa mbealach ansin i mo chosánsa, a smaoinigh sé, agus iad chomh gealgháireach sa mullach ar an méid sin. Mura acu atá an muineál agus mise ag dul an bealach!

    Ag placadh torthaí ar a só a bhí na hápaí. Iad ag caitheamh uathu na gcraicne, iad mar a bheadh ag sciotraíl idir plaiceanna. Gan aird acu ar an saol ná ag an saol orthu ach iad sásta síochánta. Nó gur casadh Dia an bealach.

    Ar cheap sé gur faoi a bhí siad ag gáire? Smaoinigh sé ar phlean láithreach a spreag i mbun diabhlaíochta é. Shac sé amach a lámh go tobann le breith ar dhrioball orthu chun iad a sciobadh chuige anuas chun na talún. Ach mhothaigh na hápaí meabhracha sinneán garbh gaoithe a láimhe agus léimeadar in airde go cliste ó ghéagán go géagán. Shearr Dia amach a lámh fhada níos faide agus níos faide fós agus rug ar dhrioball ar an gceann ba ghaire dó is stróic anuas chuige é. Áhá, tá tú agam anois, a dhiabhailín, a dúirt sé leis féin. Thug an ceann eile, an deartháir ba shine den chúpla, a chosa leis ar éigean ach bhí sé fágtha gan drioball.

    Lig an t-ápa a bhí greamaithe scread chráite as agus Dia á stracadh chuige, Dia a raibh idir olc agus náire anois air gur éalaigh ceann acu uaidh agus a bhí toilteanach an t-olc sin a ídiú ar an ápa a bhí á chuibhriú aige.

    Éist liom, éist liom, a scread an t-ápa, nach mór a bhainim duit.

    Mise is ní tusa a shocraíonn a mbaineann is nach mbaineann domsa, a dúirt Dia go teann. Ná hinis fios mo ghnó domsa.

    Nílimse ag iarraidh tada a inseacht duit, a dúirt an t-ápa. Ná ag rá tada leat. Ar mo bhealach suas sa gcrann a bhí mé i mbun mo ghnó féin.

    A bhí tú, a gháir Dia go magúil, do ghnó féin, ab ea? Mura tú atá tábhachtach. Nach ag iarraidh éalú uaimse a bhí tú! Áhá? Nach féidir liomsa freisin dul i mbun mo ghnó féin … agus más ionann an dá ghnó, mo ghnósa is do ghnósa! Áhá? Agus cén fáth ar shíl tú éalú uaim mura raibh tada déanta as an mbealach agat? Agus rinne sé gáire mór searbh a chuala gach ápa ar fud na foraoise agus a chuir a gcnámh droma ar crith ina gcolainn is a gcolainn ar crith ina gcraiceann.

    Rug Dia i ngreim cúil go garbh ar an ápa agus chroith chomh mór é is go dtitfeadh anam as dá mbeadh a leithéid istigh ann. Lig sé dó titim ar an talamh faoina chosa. D’fhan sé ina chnap tite i bhfanntais ansin mar a bheadh mála gainimh ann.

    Bhí Dia sásta leis féin i dtosach ach théis tamaillín thosaigh sé ag goilliúint air nár mhothaigh an t-ápa tada agus nach raibh ar a chumas tada a rá a d’fhéadfadh sé a fhreagairt nó a bhréagnú le fírinne, cruachaint, bréagchaint nó dea-chaint. Shéid sé a anáil the síos air agus bheoigh suas aríst é.

    "Ouch!" a scread an t-ápa nuair a thuig nach raibh sé marbh ar chor ar bith agus go bhféadfadh pianta fáis is báis an tsaoil a bheith roimhe aríst eile.

    "Cén sórt ouch atá anois ort!" Rug Dia i ngreim cúil aríst air is chroith go maith é nó gur thit cac te amach as.

    Éist liom! Éist liom is ná croith an cac amach asam roimh a am, a dúirt an t-ápa idir dhá chroitheadh de láimh storrúil fheartúil Dé. Thit meall eile caca as.

    Bíodh imní ort! Beidh fuílleach de sin i gcónaí in do leithéidse mar nach gcroithfidh mé asat ach a thrian.

    Lig sé dó titim síos faoi ar an talamh aríst. Ar a thóin ina chac smeartha féin.

    Oscail do bhéal anois dom, a d’ordaigh Dia.

    Cén fáth a n-osclóinn mo bhéal duitse, cibé cé tú féin, a dúirt an t-ápa, agus an drochbhail atá tú a chur ar mo shaol.

    Mar nach bhfuil aon rogha agat ach glacadh le m’ordú, a bhéic Dia. Tá sé chomh simplí sin. Más maith nó olc leat é, sin é an chaoi a bhfuil sé. Oscail do bhéal. Oscail do bhéal dom, a deirim! Sin ordú!

    Agus nuair a dhiúltaigh an t-ápa géilleadh dá ordú rug Dia ar ghiall air agus d’oscail a bhéal le láimh láidir agus choinnigh oscailte é lena mhéaracha. D’oscail sé a bhéal féin ansin agus shéid sé lasair dhearg dhorcha siar ann lena anáil agus dhún béal an ápa de phlimp. Choinnigh sé a lámh go docht daingean ar a bhéal agus ar a pholláirí nó gur mhúch an lasair istigh ann d’easpa aeir is gur iompaigh isteach ina anam.

    Slog siar an t-anam sin anois agus beidh d’anam féin agat is ag do shliocht an chuid eile de do shaol is den tsíoraíocht fhada ina dhiaidh sin, a d’ordaigh Dia.

    Ach níor theastaigh ón ápa frídíní, galair ná anam eachtrannach ar bith d’aon chineál a ghlacadh isteach ina cholainn ná ina phearsa féin.

    Slog siar é, a d’ordaigh Dia aríst i nguth níos airde, siar leis mar aniar ní thiocfaidh sé.

    D’fháisc sé an athuair a ghreim docht daingean.

    Tá neart spáis istigh ionat dó ó chroith mé cuid mhaith de do chuid caca amach asat.

    Thosaigh aghaidh an ápa ag cur dathanna di is a shúile ag bolgadh mar a bheadh a chuid féitheacha ag líonadh le fuil le linn dá anam a bheith á dhó ina lár is ag neadú istigh ann.

    Thit a dhrioball agus brat dá ghruaig de leis an stró is an strus. Shlog sé an t-anam ar deireadh ansin sul má phlúchfaí é nó sul má phléascfadh sé. Is mhothaigh sé istigh ina ucht é ina chnap trom luaidhe dingthe mar leac os cionn a chroí, ag brú an aeir amach as leathscamhóg leis go pianmhar. D’ardaigh Dia a lámh dá bhéal go buacach.

    "Anois, déanfaidh tú mar a

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1