Pianó Mhín na bPreachán
()
About this ebook
Young single mother, Mags, tries to find laughter in her life again but will the past come back to haunt her? Suitable for adult learners of Irish.
Cathal Ó Searcaigh
His collections of poetry include Homecoming/An Bealach 'na Bhaile (Cló Iar-Chonnacht, 1993); Na Buachaillí Bána (Cló Iar-Chonnacht, 1995); Out in the Open (translations by Frank Sewell, Cló Iar-Chonnacht, 1997); Ag Tnúth leis an tSolas (Cló Iar-Chonnacht, 2001) – for which he received The Irish Times Irish Literature Prize for the Irish language, in 2001; Gúrú i gClúidíní (Guru in Nappies) (Cló Iar-Chonnacht, 2006).
Read more from Cathal ó Searcaigh
Margadh na Míol I Valparaíso: The Flea Market in Valparaíso Rating: 5 out of 5 stars5/5Ag Tnúth leis an tSolas Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSeal i Nepal Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Related to Pianó Mhín na bPreachán
Related ebooks
Seachrán Jeaic Sheáin Johnny Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsTagann grá do lá Fhéile Pádraig Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsI gCóngar i gCéin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsBuille Marfach Rating: 5 out of 5 stars5/5Lámh Láidir Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDeargadaoil I mBád fó Thoinn Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSobalsaol Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSpíonáin is Róiseanna Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCeol Baile Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAg caint linn fhéin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsBróga Johnny Thomáis Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓlann Mo Mhiúil as an nGainséis Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSalann Garbh Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsIad Seo Nach bhFaca Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Dealg sa bhFéar Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsTeachtaireacht Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Fear nach nDéanann Gáire Rating: 4 out of 5 stars4/5Dílis Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsFear na bPéistíní Rating: 5 out of 5 stars5/5Ingne Dearga Dheaideo Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScread Mhaidne Rating: 4 out of 5 stars4/5Coranna Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCloch Nirt Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsTábhar ag love Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScéalta ó Theach na mBocht Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓ Lúibíní Lú Rating: 3 out of 5 stars3/5Aileach Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDiabhlaíocht Dé Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Diabhal ar an Ól Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScáil an Phríosúin Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Reviews for Pianó Mhín na bPreachán
0 ratings0 reviews
Book preview
Pianó Mhín na bPreachán - Cathal Ó Searcaigh
Gluais
Brollach
Tá sé ina shuí sa tseomra feistis ag iarraidh é féin a shocrú síos agus a shuaimhniú sula siúlfaidh sé amach ar an stáitse. Seo an oíche mhór. An oíche a bhéarfas brí do chleachtadh na mblianta. I gceann leathuaire an chloig siúlfaidh sé amach ar an ardán agus seinnfidh sé Beethoven leis an Brio Trio. Suífidh sé ag an phianó agus tiocfaidh rabharta lánghealaí ceoil ag cuisliú as a chroí, ag sní as a mhéara, a chuirfeas iontas ar an lucht éisteachta. Anocht seinnfidh sé Opus 97, Tríréad an Ard-Diúc
, a rogha féin de cheol pianó Bheethoven. Beidh sé féin agus an pianó ag freagairt dá chéile, mar a bheadh leannáin ann, ag gríosadh agus ag spreagadh a chéile i gcleamhnas ceoil.
Bhí sé ag smaointiú gur shaoithiúil an dóigh a dtáinig an pianó isteach ina shaol. Ní shamhlófá pianó, chan amháin ceol clasaiceach, le Mín na bPréachán, an baile beag sléibhe ar tógadh eisean ann.
Anois bhí a ainm á lua mar chomharba ar John O’Conor agus ar Barry Douglas. Léann sé an cheannlíne i gceann de nuachtáin an tráthnóna: "Danny McGee: A Touch of Genius". Ach bhí a fhios aige go dtarlódh sé. Ón chéad uair a leag sé a mhéar ar phianó bhí a fhios aige nach raibh a athrach de shaol i ndán dó. D’aimsigh sé a dhúchas. Bhí sé i dtiúin lena chinniúint.
Bhí sé lánchinnte de féin anois. Anocht bheadh sé spreagtha agus é ag seinnt ar an Steinway. Ag deireadh na ceolchoirme bheadh an lucht éisteachta ar a gcosa aige. Nach ar a theaghlach a bheadh an bród ag éisteacht leis an gháir mholta, an bualadh bos. D’amharc sé ar a uaireadóir; faoin am seo bheadh siad ina suí amuigh sa cheolarás ag feitheamh leis a theacht ar an stáitse; a mháthair Mags, Johnny a leasathair, Granny Nancy agus a fear céile, Dickie.
Nach gasta a shleamhnaíonn an t-am thart, a dúirt sé leis féin. Inné bhí sé ina stócach beag ag toiseacht ar an phianó. Inniu tá sé fásta suas, dhá bhliain is fiche d’aois agus é ag gabháil i gceann an tsaoil mar phianódóir gairmiúil.
Táthar ag tabhairt comhartha dó anois go bhfuil sé in am aige a ghabháil ar an stáitse.
"Okie dokie," arsa seisean agus miongháire ar a bhéal.
1. Sa bhaile i Mín na bPréachán
Bhí Mags sínte siar i gcathaoir bhog, a cúl leis an tinidh – seansorn dubh de chuid Stanley – agus súil aici ar an teilifís ach gan iúl ar bith aici dá raibh ag tarlú ar an scáileán. Bhí bogóga móra faoina súile a mheabhródh duit an breoite a bhí sí, nó cráite, nó arbh easpa codlata a ba chúis leo.
Fad is a bhí sise ina suí agus gan cor aisti bhí a máthair ag timireacht chomh tiubhghéar agus a thiocfadh léithe timpeall na cistine. Chuir sí bacóg mhóna ar an tinidh, réitigh sí an tábla agus nigh sí soithí an dinnéara, dhóirt sí deoir bhainne i bpláta an chait, agus thug sí boiseog ghasta de mhop tais don urlár. Níor chleacht Nancy ariamh an suí síos má bhí obair le déanamh.
Nuair a bhí a cuid oibre déanta aici shearr sí suas í féin agus dhírigh a haire ar Mhags.
Croith tú féin suas, a ghirsigh, nó fásfaidh an féar i do mhullach. Tá tú i do shuí ansin achan oíche agus aghaidh ort chomh fada le Domhnach fliuch.
Ní le droch-cheann ar bith a dúirt sí seo ach i bpáirt mhaitheasa nó ba doiligh corraí a chur ar Nancy. Bhí sí pléisiúrtha ina pearsa agus ba mhór an ghnaoi a d’fhág sin uirthi. Bhí sí ocht mbliana agus daichead, ach ón chuma ógánta a bhí ar a haghaidh agus ón léim a bhí ina coiscéim ba chosúla í le bean ina cuid tríochaidí. Dhá thrian den aois an chosúlacht,
a déarfadh sí féin i dtólamh.
Ní raibh bogadh ar bith as Mags ach go dtabharfá faoi deara oiread na fríde de lasadh ina haghaidh. Bhí sí ar tí rud inteacht goirgeach a rá ach sheas an focal ina scornach. Chan ionann agus a máthair, a raibh nádúr séimh inti, thiocfadh le Mags a bheith gairid agus cnapánach ina cuid cainte. Shuigh Nancy síos ar chorr na cathaoireach lena taobh.
Shílfeá go ndéanfá gáire beag anois agus arís. Bhainfeadh sé an dusta díot, a chroí.
Go tobann tháinig colg ar Mhags. Bhioraigh sí a súile ar Nancy.
Níl gáire ar bith ionam le déanamh,
a dúirt sí go giorraisc, agus chuach sí í féin suas ina gráinneog stobranta ar an chathaoir, a ceann ina lúb.
Phioc Nancy suas an cat mór breacbhuí a bhí ag plásaíocht fána cosa.
Amaidí! Tá gáire i gcat ach é a bhaint as. Nach bhfuil sin fíor, a Flufaí?
a dúirt sí leis an chat agus í á shlíocadh siar fad a dhroma. Nuair a thosaigh an crónán aige, thabharfá mionna gur ag gáire a bhí sé. Thug sí cead a chinn dó nuair a shíl sí go raibh a sháith cuimilte faighte aige. A ruball san aer, rinne sé caol díreach ar phláta an bhainne. Choinnigh Nancy súil cheanúil air agus é ag baint sásaimh as an bhainne mhilis. Ansin thiontaigh sí arís ar a hiníon.
Tá mé ag rá leat, a Mhags, a ghabháil amach agus spraoi a bhaint as an tsaol. Cha bhíonn tú beo ach aon uair amháin.
Bhí Nancy ag iarraidh í a ghiúmaráil ach bheadh sé chomh maith aici fanacht ina tost. Bhí Mags ag cúlú isteach inti féin agus ag éirí níos dúrúnta in aghaidh an lae. Bhí eagla ar Nancy mura dtéadh sí amach agus cuideachta a dhéanamh go bhfágfaí ina searbhóg de sheanbhean í agus gan inti ach bean óg. Dá gcuirfeadh sí gnaoi bheag uirthi féin mar a mhol a máthair dithe go mion minic, cúram a dhéanamh dá cuid gruaige, dá haghaidh agus dá cuid éadaigh, bheadh sí ina bean eile ar fad.
Ach sa riocht ina raibh sí faoi láthair,