Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Scéalta ó Theach na mBocht
Scéalta ó Theach na mBocht
Scéalta ó Theach na mBocht
Ebook159 pages2 hours

Scéalta ó Theach na mBocht

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Aistriúchán ar an leabhar 'Tales from the Poorhouse' le Eugene McCabe agus é aistrithe go Gaeilge ag Liam Mac Con Iomaire. Caitheann McCabe súil ghéar ar thorthaí an Ghorta Mhóir ó dhearcaí chearthrar éagsúla. Ceithre mhonalóg atá sa leabhar. Cuireadh ar stáitse an leagan i nGaeilge i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

LanguageGaeilge
Release dateMay 1, 2001
ISBN9781784440787
Scéalta ó Theach na mBocht
Author

Eugene McCabe

Rugadh Eugene McCabe i nGlaschú, Albain do thuismitheoirí a bhí ar imirce as Éirinn. Bhog an chlann ar ais go hÉirinn sna luath 1940í. Bhí cónaí air ar fheirm in aice le Cluain Eois i gCo. Mhuineacháin gar don teorainn idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Cailleadh é sa mbliain 2020 agus é 91 bliain d'aois. Tharraing a dhráma 'King of the Castle' raic nuair a léiríodh é den chéad uair i 1964 agus chuir The League of Decency ina choinne. Scríobh McCabe a thríológ drámaí teilifíse 'Cancer, Heritage, agus Siege' mar go raibh sé ag iarraidh ráiteas a dhéanamh faoi na Trioblóidí. Bhuaigh na drámaí sin ar fad duaiseanna. 'Ceann de mhórshaothair Éireannacha an chéid seo' a thug Colm Tóibín ar úrscéal McCabe 'Death and Nightingales' agus 'saothar clasaiceach d'ár linnse' a thug Kirkus Reviews ar an leabhar céanna.

Related to Scéalta ó Theach na mBocht

Related ebooks

Reviews for Scéalta ó Theach na mBocht

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Scéalta ó Theach na mBocht - Eugene McCabe

    An Dílleachta

    Nuair a tháinig an t-ocras mór chomh fada linn chuaigh mo mháthair as a meabhair, ag cur an mhilleáin ar Dheaide faoi chuile rud beo beagnach, faoin maor, faoi stíobhard an eastáit, faoi bhás na muice, faoin mbraon anuas, faoin dúchan féin fiú amháin. Uair amháin nuair a bhí an múnlach ón gcarn aoiligh ag sileadh isteach sa tobar dúirt sí gurb in é ba shiocair le Micilín s’againne a bheith tinn. Is é fírinne an scéil gurbh í féin ba chiontaí, ag clabhtáil agus ag sciolladh, agus ansin ag plúchadh an chréatúirín le póga. Rud ba bhrónaí fós, níor dhúirt Deaide tada. Bhí an fear rólag le cur ina coinne agus ansin ní fhéadfadh sé breathnú orainne agus ocras orainn, agus dá dhonacht dár éirigh rudaí is ea is measa a d’éirigh sise, ag sciolladh agus ag sciolladh agus ag sciolladh. Bhí amanna ann agus bhí an bhéiceach chomh huafásach sin gur chuir mé féin agus Grace, mo leathchúpla, ár méara inár gcluasa agus gur ritheamar amach as an teach agus go ndeachaigh muid i bhfolach sa draein atá idir na deich n-acra s’againne agus talamh Noel Callaghan.

    Gaisce agus uabhar ar fad a bhí i mo mháthair. Céard a cheapfadh an sagart agus na comharsana dá beirt iníonacha, ar gheall le dhá striapach iad, ag damhsa agus ag pléaráca cosúil le bodóga fiáine faoi dháir, agus leath an pharóiste leathchaillte leis an ocras? Ní thuigfeadh sise go raibh muid óg agus ag iarraidh sásamh éigin a bhaint as an saol agus imeacht ón gcruatan. Is é Micilín, go bhfóire Dia air, is mó a bhí ar a haire. Bhí sé go síoraí ag casacht. Choinnigh sí cóitín mála air le dallamullóg a chur ar na sióga, ach nach raibh na sióga in ann é a fheiceáil ag an gcúldoras agus é i ngreim ina eireabaillín ag déanamh a mhúin. Grá agus aire ar bith a bhí ag imeacht sa teach s’againne is é an buachaill beag breoite sin a fuair chuile phioc de. Chodail sí in éineacht leis thuas ar lochta na gcearc os cionn an chró.

    Oíche amháin ar tháinig muid isteach deireanach bhí Deaide ina shuí ar an leaba settle sa gcisteanach, agus é ag rá an ruda chéanna arís agus arís eile. Bhí sé dallta go maith, is dóigh. Dúirt sé nach raibh seans ar bith go dtiocfadh muid beo tríd an ngeimhreadh gan aon fhata, gan feithid an bhéil bheo againn agus gan crúb fágtha sa doras againn le fada. Bheadh muid níos fearr as dá uireasa féin. Bheadh an beagán breise sin le n-ithe ag an gcuid eile againn. Chaoin Grace agus d’impigh sí air gan imeacht. Bhí mise trína chéile freisin ach níor dhúirt mé tada, mórán.

    Choinnigh sé air ag croitheadh a chinn. Táilliúir tuaithe a bhí ann ach bhí daoine stoptha le fada ag teacht chuig an teach aige. Ar nós chuile cheird eile ní raibh aon airgead sa táilliúireacht, ní raibh ann ach go ngeallfaí an t-airgead dó. Ag aontaí agus ag cruinnithe is é an chaoi a mbíodh sé as póca go minic, a dúirt sé. D’ordaíodh fir seaicéad eireabaill b’fhéidir, nó bríste, nó veist oibre, agus ansin ní thagaidís chuig an lóistín a mbíodh sé ag obair ann. Ansin deireadh mo mháthair,

    —Sin é do scéalsa, a Tom Brady!

    D’ionsaíodh sí ansin é agus í ag rá gur ól sé an t-airgead.

    —Cén custaiméir a d’íocfadh airgead ar éadaí a bhí déanta chomh dona sin is nach gcaithfeadh moncaí iad, ar fhaitíos go mbeifí ag gáirí faoi!

    Nó bhéiceadh sí air amanna eile,

    —Ní náireoidh tú mise os comhair na tíre ar fad!

    Is cuma céard a dhéanfadh aon duine againn bhí muid á náiriú sise os comhair na tíre ar fad! Níor dhúirt aon duine riamh léi gur cuma sa diabhal leis ‘an tír ar fad’ an beo nó marbh atá muid; is cuma le haon duine sa tír faoi aon duine eile ach fúthu féin; d’inseodh leathamadán ar bith an méid sin duit, agus d’inseodh an leathamadán céanna duit nach bhfuil aon chlann sa tír nach bhfuil údar náire de chineál éigin acu agus ceann faoi orthu mar gheall air.

    Ní raibh mé féin ná Grace ag iarraidh a cheapadh gur drochtháilliúir a bhí i nDeaide ach bhí sé sách dona. Nuair a tháinig sé go baile fearainn Dhroim Leanna scór bliain ó shin bhí mo mháthair go maith os cionn deich mbliana fichead.

    De réir gach cosúlachta bhíodar sona go leor na chéad bhlianta, leis an bpíosa talún agus an táilliúireacht. Ise a bhlíodh an bhó agus a bheathaíodh an lao, a bhaineadh agus a ghróigeadh an mhóin, a chuireadh agus a bhaineadh na fataí, ach nuair a tháinig an dúchan gur lobh sé na fataí sa talamh b’éigean an bhó a dhíol. Itheadh na cearca ansin agus nuair a tháinig an t-ocras mór bhéiceadh sí air,

    —Tá bean agus triúr clainne le beathú agat anois, a Tom Brady. An bhfuil náire ar bith ort a bheith ag ól agus á mhún cois an chlaí! Fuip an chapaill ba cheart a leagan ort agus ar dhruncaeirí eile de do leithéid!

    Ansin d’fhanadh sé imithe ón teach ar feadh laethanta. Nuair a thagadh sé abhaile d’aithneofá air go raibh sé ag ól ón gcaoi a mbíodh na súile marbh ina cheann agus a raiméis chainte. Is é an rud a bhí ann, bhí sé in ann miosúr a thógáil agus éadach a ghearradh agus a fhuáil, ach bhí sé míchúramach, nó b’fhéidir gurb é an t-ól a chuireadh creathán ina mhéaracha agus a dhéanadh praiseach den rud a bhíodh sé a dhéanamh. Nuair a bhíodh custaiméir ag triáil ball éadaigh air d’fheiceadh muide go mbíodh sé mícheart. Nuair a tharlaíodh sé sin bhaineadh sé tarraingt nó casadh as an mball éadaigh agus deireadh sé nach raibh aon síneadh ceart san éadach.

    —Luífidh sé isteach le teas do cholainne, a deireadh sé.

    An rud a chuir mo mháthair as a meabhair ar fad, an chaoi nach bhfreagraíodh sé í. Nuair a bhíodh sí ag tabhairt liobairt teanga dó sheasadh sé ansin agus bhreathnaíodh sé ar an urlár.

    Go gairid sular fhág sé ar fad muid chuir Lord Clonroy fios air. Bhí an Viceroy, Lord Clarendon, tagtha go hEden Hall agus corna de bhréidín Dhún na nGall faoina ascaill aige. Bhí sé ag iarraidh bríste foghlaeireachta a dhéanamh dó. Thug Deaide an t-éadach abhaile agus bhí sé ag obair air de ló agus d’oíche. Bhí sé fíorneirbhíseach, mar ciotóg a bhí sa bhfear mór agus bíonn an troscán sa treabhsar ar crochadh difriúil ar fad ag fear ciotach seachas mar a bhíonn ag fear deiseal, agus b’éigean chuile shórt a dhéanamh an bealach eile ar ais.

    Nuair a thug sé an bríste go hEden Hall bhí siad uilig ag an dinnéar, lán le fíon is le fonn magaidh. Chuaigh an Viceroy amach i seomra eile agus tháinig sé isteach ar ais agus an bríste air. Níor dhúirt aon duine tada i dtosach. Ansin dúirt Lord Clonroy,

    I’ll tell you what you have done, Brady. You’ve made a bags of the Viceroy’s britches!

    Shíl siad ar fad go raibh sé sin greannmhar agus bhíodar ar fad lagtha ag gáirí ach amháin an Viceroy. Seo é an áit a bhfuil an difríocht idir mise agus Grace. Bhí deora i súile Ghrace faoin gcaoi ar náiríodh Deaide, rug sí ar a lámh, phóg sí í agus dúirt sí,

    —Bhí sé sin uafásach ort, a Dheaide.

    Bhí an oiread sin feirge ormsa leis go raibh fonn orm é a bhualadh agus siúl amach as an seomra. Cuireann an cineál sin féintrua gráin orm. Ní haon ionadh go raibh sé níos ceanúla ar Ghrace ná mar a bhí sé ormsa, agus b’fhéidir go raibh éad beag ormsa faoi sin freisin, ach ní mórán é. Is é fírinne an scéil go raibh an oiread grá agam di agus nach bhféadfainn a bheith in éad léi.

    Ar aon chuma lean sé lena scéal. I lár an gháirí ar fad shiúil an Viceroy trasna an tseomra, rug sé ar uillinn ar Dheaide agus chuaigh siad amach sa halla mór. D’fhiafraigh sé de cé mhéad clainne a bhí air, an raibh seantuismitheoirí sa teach? An raibh aon fhataí againn agus an raibh aon bhia eile sa teach nó sa ngarraí againn? Agus cén chaoi a raibh an scéal ag na comharsana? D’inis Deaide dó go raibh an t-ocras mór orainn, go raibh na comharsana ar fad mar a bhí muide.

    —Tá na daoine ag fáil bháis leis an ocras, your honour, agus sin í an fhírinne.

    Dúirt an Viceroy é sin ina dhiaidh i nGaeilge, chuir a lámh suas chun a bhéil agus rinne sé crónán beag de ghlór íseal. Ansin thóg sé gine óir as a sparán agus bhrúigh sé ar Dheaide é.

    No, no, your Lordship, a dúirt Deaide, tá sé sin iomarcach ar fad ar bhríste drochdhéanta.

    —Tá an bríste, a dúirt an Viceroy, go breá.

    —Duine uasal ceart é an fear sin, a dúirt Deaide, chuile orlach beo de. Leanfainn go fíoríochtar ifrinn é dá n-iarrfadh sé orm é.

    Shíl muid ar fad go raibh mo mháthair ina cnap codlata thuas ar an lochta le Micilín. Caithfidh sé gur chuala sí muid mar labhair sí go tobann,

    —Is é leithéidí an duine uasail sin a d’fhág an t-oileán seo uilig go léir ina pholl dubh ifrinn.

    Bhreathnaigh muid suas uirthi. D’fheicfeá nár thuig Deaide í go dtí gur dhúirt sí,

    —Agus is é do leithéidse, a Tom Brady, a rinne poll dubh ifrinn den teach seo le do chuid druncaeireachta agus le do chuid seafóide. Taispeáin do do chuid iníonacha beaga grámhara anois cé mhéad atá fágtha agat as toirtín an Lord.

    Is measa fearg mo mháthar ná stoirm dá thréine. Ní raibh aon rogha aige. Bhí sé scillinge déag agus cúpla pingin fágtha aige, dóthain le greim le n-ithe a choinneáil linn go léir go ceann míosa. Bhí díol seachtaine de bhia beagnach ólta aige agus cé go raibh cion againn air bhí fearg orainn ar fad agus náire orainn faoi. Bhí mo mháthair tagtha anuas den lochta. Bhreathnaigh muid uirthi ag comhaireamh an airgid. Chuaigh sí anonn ansin go dtí an áit a raibh Deaide ina shuí ar an leaba settle, chrom sí síos, chuir sí cor ina muineál agus bhéic sí cúig nó sé huaire suas lena éadan,

    —Amadán, amadán, amadán, amadán, amadán, amadán!

    Chaon uair acu shílfeá gur amhlaidh a bhuail sí trasna an éadain lena bois é agus ansin dúirt sí, agus í leaththachtaithe faoi seo,

    —Gheobhaidh muid ar fad bás leis an ocras anseo, a Tom Brady, mar gur phós mise amadán.

    Sin í an oíche ar imigh sé agus ar fhan sé imithe, gan teachtaireacht ná tada. Agus nuair a smaoiním anois ar an difríocht a bhí idir an fear sin, ár n-athair, agus an bhean sin, ár máthair, caithfidh mé a rá go raibh Grace níos cosúla leis-sean. Ní raibh sí in ann cur ar a son féin. Bhí sí bog. Thosódh sí ag caoineadh faoi chaitín a bheadh tinn nó faoi shicín caillte nó faoi scéal amaideach éigin. Bhí mé go maith in ann caoineadh mé féin ach is beag nach gcaillfí mé sula ligfinn cead d’aon duine mé a fheiceáil. Ach tá súil le Dia agam nach mbeidh an deireadh céanna agam agus a bhí ag mo mháthair. Chuala mé Deaide ag rá faoina anáil uair amháin,

    —Ní ocras a mharós an bhean sin, ach uabhar!

    Ba chuma cé chomh hocrach is a bhí muid bhíodh gallaoireach siopa sa teach aici nó nuair nach mbíodh aon airgead ann dhéanadh sí féin í.

    —Ní chosnaíonn uisce tada, a deireadh sí, agus dar Dia, a chailíní, coinneoidh sibhse bhur gcolainneacha glan agus bhur n-anamacha geanmnaí an fhad is atá sibh faoi mo chúramsa.

    Bhí boladh carbolic uaithi féin agus chinntigh sí go raibh sé uainne freisin. Amach i seid na móna chuile mhaidin, samhradh agus geimhreadh, leis an jug stáin agus an mhias, na fiacla ar dtús le súiche, baint dínn ansin agus í ag faire orainn go nífeadh muid muineál, cluasa, an pasáiste cúil agus suas idir ár gcosa, agus bhí stuf sa ngallaoireach sin a chuaigh suas isteach ionat mar ghabhfadh ga ó bheach. Tú féin a thriomú ansin le mála hessian agus, an t-aon rud maith a bhain leis, thug sé seans dúinn a fheiceáil cén chaoi ar bhreathnaigh an duine eile mar ní raibh aon duine in ann muid a aithint óna chéile. An rud a chonaic mise, chonaic Grace. Súile agus gruaig chomh dubh leis an airne, ar mhuineál corr éisc, cosa dea-chumtha ag dul suas go dtí an sparán meala, cuar ard a tóna, dath an fhraoigh timpeall a didí donna, agus a craiceann ar fad chomh geal lena fiacla.

    —Cén fáth a dtugann sí an spídiúlacht seo dúinn leis an níochán? a d’fhiafraigh Grace lá.

    —Mar go bhfuil boladh óg agus nádúrtha uainn, a

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1