Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Seanairgead, Airgead Nua
Seanairgead, Airgead Nua
Seanairgead, Airgead Nua
Ebook52 pages51 minutes

Seanairgead, Airgead Nua

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Baile Átha Cliath, sa bhliain 1972. Déagóirí is ea Ruaidí agus Pancho, a rugadh is a tógadh i gceantar an Phoirt Thuaidh. Tá Ruaidí ag barr an ranga, agus tá sé sármhaith ag an mata. Bua eile ar fad atá ag Pancho – suimeanna airgid a aimsiú, seachas suimeanna a dhéanamh. Tá tuismitheoirí Ruaidí i mbun an Chomhair Chreidmheasa áitiúil. Bíonn athair Pancho i mbun drabhláis i dtithe tábhairne na cathrach gach lá pá. Tá difear lá agus oíche idir saol na mbuachaillí, ach is dlúthchairde iad mar sin féin. Lá, agus é ag seachadadh nuachtán mar is gnách, siúlann Ruaidí isteach san áit a ndearnadh robáil. Is amhlaidh a bhris gadaithe isteach i dteach 'chailleacha an Phoirt Thoir', beirt deirfiúracha aosta. Ach d'fhág na gadaithe airgead ina ndiaidh. Tá rogha mhór le déanamh ag Ruaidí agus Pancho...
The city is Dublin, the year is 1972. Redser and Pancho are two teenagers from the North Wall. Redser is top of the class, especially good at maths. Pancho's knack is for finding money, not adding or subtracting it. Redser's parents run the local credit union. Pancho's dad runs riot in the city pubs on pay day. The boys' worlds could not be further apart. Yet the pair are the best of friends. One day, on his regular paper round, Redser stumbles upon the aftermath of a crime. Two elderly sisters, 'the East Wall witches', have been burgled. But the robbers haven't taken all the money. Redser and Pancho are about to face their biggest dilemma ever...
LanguageGaeilge
PublisherNew Island
Release dateAug 8, 2023
ISBN9781848409163
Seanairgead, Airgead Nua
Author

Peter Sheridan

Born in Dublin in 1952, Peter Sheridan has spent most of his adult life there - writing, directing and collaborating in the theatre. He has previously written two volumes of memoir, both published by Macmillan. This is his first novel.

Related to Seanairgead, Airgead Nua

Related ebooks

Reviews for Seanairgead, Airgead Nua

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Seanairgead, Airgead Nua - Peter Sheridan

    SEANAIRGEAD, AIRGEAD NUA

    Foilsithe den chéad uair in 2023 ag New Island

    Glenshesk House

    10 Páirc Oifigí Richview

    Cluain Sceach

    Baile Átha Cliath, D14 V8C4

    Éire

    www.newisland.ie

    Cóipcheart © 2023 Peter Sheridan

    Aistrithe ag Antain Mac Lochlainn

    Tá ceart Peter Sheridan mar údar an tsaothair seo dearbhaithe aige de réir Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000.

    Tá taifead chatalóg an CIP don leabhar seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

    ISBN 978-1-848409-16-3

    Is le maoiniú ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a cuireadh leagain Ghaeilge de leabhair Open Door ar fáil.

    Almost There

    Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

    Arna chlóchur ag JVR Creative, India

    Arna chlóbhualadh ag FINIDR, Czech Republic

    Dearadh clúdaigh ag Artmark agus New Island

    A Léitheoir dhil,

    Ábhar mórtais dom mar Eagarthóir Sraithe agus mar dhuine d’údair Open Door, réamhrá a scríobh d’Eagráin Ghaeilge na sraithe.

    Cúis áthais í d’údair nuair a aistrítear a saothair go teanga eile, ach is onóir ar leith é nuair a aistrítear saothair go Gaeilge. Tá súil againn go mbainfidh lucht léitheoireachta nua an-taitneamh as na leabhair seo, saothair na n-údar is mó rachmas in Éirinn.

    Tá súil againn freisin go mbeidh tairbhe le baint as leabhair Open Door dóibh siúd atá i mbun teagaisc ár dteanga dhúchais.

    Pé cúis atá agat leis na leabhair seo a léamh, bain taitneamh astu.

    Le gach beannacht,

    Patricia Scanlan

    Clár ábhair

    Réamhrá an Eagarthóra

    A hAon

    A Dó

    A Trí

    A Ceathair

    A Cúig

    A Sé

    A Seacht

    A hAon

    Ina aonar a bhí Aodh ‘Ruaidí’ de Barra, agus é ag dáileadh páipéir Chaitliceacha ar thithe daoine a bhí ina mbaill de Léigiún Mhuire. B’fhuath leis an obair sin a dhéanamh leis féin. B’éigean dó an Port Thuaidh a shiúl ó bhun go barr. Ní hamháin sin, ach bhí na tithe i bPlás Seville le déanamh aige, áit a raibh sé féin ina chónaí. Bhí air dul chomh fada leis na hárasáin ar Shráid an tSirriam agus bhí custaiméirí aige i nGairdíní Bhríde agus in Árais Labhráis freisin. B’olc mar a ainmníodh iad, na háiteanna céanna, mar ní raibh gairdíní ar bith iontu agus ní árais mar Áras an Uachtaráin a bhí iontu ach oiread. Bheadh air a chuid páipéar a dháileadh ar an taobh thall den droichead sa Phort Thoir chomh maith. Le scéal fada a dhéanamh gairid, ní raibh cearn ar bith den pharóiste nach raibh le clúdach ag Ruaidí.

    B’fhada an turas é agus é ina aonar. ‘Giorraíonn beirt bóthar’ – sin seanfhocal Gaeilge a d’fhoghlaim sé ar scoil. Bhí Ruaidí go maith ag an nGaeilge. Ba as Gaeltacht Dhún na nGall dá athair. Is mar gheall air sin a choinnigh siad an sloinne Gaelach, de Barra. Baisteadh Aodh in ómós do Chonallach eile, Aodh Rua Ó Dónaill. Sin an fáth ar tugadh an leasainm ‘Ruaidí’ air, in ainneoin nach raibh oiread agus ribe rua amháin air ó bhonn a chos go barr a chinn. Ach ba chuma faoi sin, nó bhí dúil aige sa leasainm. Ní raibh dúil ar bith aige sa jab seo, áfach, ag dáileadh páipéar agus é leis féin. Ina mbeirteanna a bhí siad in ainm is é a dhéanamh. Is amhlaidh nár tháinig a chomhghleacaí, Tadhg Mac Aogáin. Chuir sé isteach go mór ar Ruaidí go mbeadh air an paróiste a shiúl ina aonar.

    Smaoinigh sé ar bhualadh isteach chuig Pancho. Críostóir Ó Nualláin an t-ainm ceart a bhí ar an mbuachaill sin agus ní raibh in ‘Pancho’ ach leasainm. Is amhlaidh a ceannaíodh sombrero dó mar bhronntanas Nollag, bliain amháin. Thug fear grinn éigin ar Shráid an tSirriam ‘Pancho’ air agus lean an t-ainm sin dó. Ba é Pancho an comrádaí ab fhearr a bhí ag Ruaidí, ach bhí fuath aige siúd ar ghnóthaí Léigiún Mhuire. Minic go leor a rinne Ruaidí iarracht é a mhealladh isteach. Bhí Caitríona, deirfiúr Pancho, bhí sise ina ball ach níor bhac Pancho leis riamh. Ba

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1