I nDoire an Fhéich, Casla, Conamara a rugadh Liam Mac Con Iomaire sa mbliain 1937. Cailleadh é sa mbliain 2019. Oileadh ina bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i...view moreI nDoire an Fhéich, Casla, Conamara a rugadh Liam Mac Con Iomaire sa mbliain 1937. Cailleadh é sa mbliain 2019. Oileadh ina bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath (1955–1957). I mBaile Átha Cliath a chaith sé a shaol oibre go léir ina dhiaidh sin, seachas cúig shamhradh a chaith sé ag obair ar láithreacha tógála i Londain (1956–1960). Chaith sé aon bhliain déag (1957–1968) ina mhúinteoir i Scoil Lorcáin, bunscoil lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, aon bhliain déag eile (1968–1979) ina iriseoir agus ina léitheoir nuachta le RTÉ, agus seacht mbliana déag (1979–1996) ina Stiúrthóir Teanglainne i Roinn na Nua-Ghaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí aithne freisin air mar chraoltóir ar Raidió na Gaeltachta, áit a raibh sé ina chathaoirleach ar phainéal cainteoirí Leagan Cainte: Eibhlín Ní Mhurchú, Seosamh Ó Cuaig agus An tOllamh Dónall Ó Baoill. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Sean-Nós Cois Life agus chaith sé seal ar bhord Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus ar Choimisiún na Logainmneacha. Is iad na leabhair leis ná: Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair (Cló Iar-Chonnacht, 2000), Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhagha mé bás choíche (Cló Iar-Chonnacht, 2007), agus le déanaí, an t-aistriúchán i gcomhar le Tim Robinson ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, Graveyard Clay (Yale University Press & Cló Iar-Chonnacht, 2016). Cailleadh é, i ndiaidh tinnis, i mí na Bealtaine 2019. (Foinse an nóta beathaisnéise seo: Ainm.ie)view less