Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Scread Mhaidne
Scread Mhaidne
Scread Mhaidne
Ebook347 pages5 hours

Scread Mhaidne

Rating: 4 out of 5 stars

4/5

()

Read preview

About this ebook

(An Irish-language title) Joe Steve O Neachtain was born and reared in An Cre Dubh, Spiddal, Co. Galway, where he still resides. He is well-known throughout the country for his part in the TG4 soap opera Ros na Run. A prolific writer, Scread Mhaidne is his first novel. He has also written short stories, pantomimes, plays, songs, poetry, scripts, sketches, agallaimh bheirte and luibini, not to mention his works for children and teenagers! He also wrote the drama series Baile an Droichid which ran for ten years on Raidio na Gaeltachta. He was awarded the Clo Iar-Chonnachta Literary Prize in 1998 for his anthology of short stories Clochmhoin, and in 2001 for his novel Lamh Laidir.

LanguageGaeilge
Release dateDec 1, 2003
ISBN9781905560868
Scread Mhaidne
Author

Joe Steve O Neachtain

Born in An Chre Dhubh in An Spideal in 1942, Joe Steve has been writing creatively since 1969. His radio drama series Baile an Droichid, Raidió na Gaeltachta, 1986 to 1996, received the Jacobs Award. His collection Cloch Mhoin (1998) received Clo Iar-Chonnachta’s literary award in 1998 and was nominated for The Irish Times Literary Prize the following year. His most recent work is the collection of short stories Salann Garbh (2009). An tOireachtas awarded him ‘Actor of the Year’ earlier this year for his role as Peadar in TG4’s Ros na Rún. He lives in An Chre Dhubh with his wife Mairín. They have three adult children.

Related to Scread Mhaidne

Related ebooks

Related categories

Reviews for Scread Mhaidne

Rating: 4 out of 5 stars
4/5

1 rating0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Scread Mhaidne - Joe Steve O Neachtain

    091-593251/593157

    Joe Steve Ó Neachtain

    I gCré Dhubh an Spidéil i gContae na Gaillimhe atá rútaí i dtalamh ag Joe Steve Ó Neachtain ón lá ar rugadh é i nDeireadh Fómhair na bliana 1942.

    Bronnadh Gradam Jacobs ar a shaothar sraithdhrámaíochta Baile an Droichid a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1985 go dtí 1995.

    Tá Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta buaite faoi dhó aige; i 1998 lena chnuasach gearrscéalta Clochmhóin agus i 2001 ar an úrscéal Lámh Láidir atá le foilsiú ag Cló Iar-Chonnachta sa mbliain 2004.

    Bronnadh Duais Oireachtais agus Duais Stuart Parker/BBC Raidió Uladh ar a dhráma Níor Mhaith Liom do Thrioblóid, dráma a bhain cáil amach nuair a léiríodh i dTaibhdhearc na Gaillimhe é i 2001 agus arís i 2003.

    Tá mórchuid duaiseanna litríochta agus ardán bainte amach ag Joe agus tá sé ag saothrú plaic faoi láthair i gcarachtar Pheadair sa sobaldráma teilifíse Ros na Rún.

    Seo an chéad úrscéal óna pheann. Bronnadh an chéad duais sa chomórtas Oireachtais don ‘Úrscéal don Phobal’ ar Scread Mhaidne i 1999.

    Do Róisín

    Is tú a thóg mo chroí

    Ón ísle brí

    Is a chuir brí

    Sa bhfocal beo

    Nuair a bhaist

    Do ghlór

    In athuair mé

    Is tú ag spraoi

    Le do Dheaideo.

    Buíochas

    Gan cúnamh na ndaoine seo leanas ní fhágfadh an leabhar seo m’aigne go brách:

    Máirín, a chlóbhuail chuile fhocal; Aisling agus Páid, a cheartaigh is a chóipeáil; Mícheál Ó Curraoin, a thug chun cruinnis; Lochlainn Ó Tuairisg agus Berní Ní Chuinn. Cló Iar-Chonnachta, Moltóirí an Oireachtais agus Bord na Leabhar Gaeilge a chuir muinín sa leabhar. An Chomhairle Ealaíon, a chuir ar mo chumas breis ama a thabhairt don scríobh.

    Go bhfága Dia bhur sláinte agaibh.

    Réamhrá

    Thagadh an t-allas amach trí mo chraiceann le teann faitís nuair a chloisinn na hoidí béil ag cur síos ar an scread mhaidne le linn m’óige.

    Scread fhada uaibhreach olagónta nárbh fhearrde go brách an té a chloisfeadh í. Scread chéasta chráite a dhéanfadh an t-anam ag fágáil an choirp in am marfach na hoíche.

    Chuala mé an scread chéanna luaite le sian bhaintrí os cionn chorp a haonmhic agus b’fhurasta dom dá réir scread chomh cráite céanna a shamhlú le máthair a mbeadh a céadghin dá streachailt as a baclainn dá buíochas.

    Tharla sé agus ní mba scéal le baile amháin é ach le chuile bhaile sa tír ag tráth éicint. Nuair a bhínn ag scríobh Baile an Droichid do Raidió na Gaeltachta, bhíodh daoine as chuile cheard ag rá liom go raibh aithne mhaith acu ar chuid de na carachtair mar go raibh a leithéid ina gcónaí béal dorais leo. Sílim go mothóidh daoine as gach ceard an fhírinne chéanna leis na carachtair atá faoi chlúdach sa leabhar seo.

    Níor thóg Sorcha a súil den chosán ó d’fhág siad bun an chnoic ach ag coimhlint ó chois go cois in aghaidh an strapa mar a bheadh sí ag tóraíocht faoisimh sa bpuiteach. Caint ná caidéis níor roinn sí leis an tsochraid fear a bhí aníos leis na sála aici, a ngeoin chiúin ómósach ag ardú go spleodrach de réir mar a bhí an maolchnoc ag tabhairt a ndúshláin.

    Ach bhí a nglór mar a bhíonn glór na n-éan go minic, ag líonadh an aeir le ceol do chluasa bodhra na himní. Ní raibh feidhm le fuaim i gcluasa Shorcha ach í ag brostú mar a bheadh sí ag siúl i dtromchodladh, saothar uirthi ag iarraidh coinneáil leis an tarracóir a bhí ag tabhairt chorp Mhom go mullach an tsléibhe.

    Níor mhothaigh sí glugarnach an uisce timpeall a cos sna bróigíní laga a bhí draoibeáilte aníos thar a n-uachtar san aistreán. Níor mhothaigh sí súile na bhfear a bhí ag dearcadh go hamhrasach ar a feisteas agus ar a chéile ag geata an tséipéil. Fios maith acu nach raibh díon deoire ná briseadh gaoithe ina culaith ghalánta ach leisce ar cheachtar acu a ladar a chur i ngraithe gan iarraidh. Níorbh é an chéad bhabhta ag Sorcha é ag tabhairt a cion don reilig. Ach bhí Mom mar thaca aici an lá ar adhlacadh Dad. An mhíoltóg ní chorródh i ngan fhios di an lá sin, a hintinn céim chun cinn ar an ngníomh, ainmneacha na ndaoine a bhí ag cásamh a mbrise leo curtha de chogar i gcluais Mhom aici. Daoine ag fáil caidéise dá cumas eagrúcháin. Na daoine céanna a raibh na deora leo ag cásamh bhás Mhom, a d’fháisc a láimh go muirneach, cé nár mhothaigh sí tada de bharr go raibh an bás tobann tar éis an mothú a bhaint aisti.

    Ghéaraigh sí ar a coiscéim i ngan fhios di fhéin nuair a chuir an tarracóir púir dheataigh in aer ina rith te reaite in aghaidh storráin a bhí i lúb an chosáin. Ní raibh an dara hanáil faighte léi go fóill aici, rud a d’fhág séideán inti nuair a rinne sí iarracht fanacht i gcóngar an choirp.

    Lean a hamharc an tarracóir in aghaidh an strapa ar feadh ala an chloig ach ar an gcéad ala eile bhí na cosa tar éis sciorradh uaithi agus í tite ar a béal fúithi sa bpuiteach.

    Bhí a dhá láimh báite go rostaí sa scuadar ag iarraidh a bheith á díriú fhéin agus gach a raibh ina timpeall ag béiceach amhail is dá mb’as a seasamh a thit sí.

    Dhírigh beirt chomharsan suas go cineálta í, duine acu ag glanadh an phuitigh i mbinn a chóta chomh cineálta le máthair a bheadh ag athrú clúidín ar naíonán.

    Are’ou hurt, Sorcha?

    No. Don’t ruin your coat.

    God blast the coat, it’s aisy wash it. Did’ou scrape’ur knees?

    No, I just slipped.

    Ah, you’d need wellingtons.’Tis no place for a woman this time of year, nothing but shite an’ muck . . .’ou have’ur dress ruined.

    It’s OK, thanks.’

    Beirt eile rite chun cinn ag screadach in ard a ngutha ar an tiománaí, duine ar chaon taobh dhe agus a lámha á threorú chomh fíochmhar le géagáin a bheadh á réabadh i stoirm.

    Hi! Hi!

    Hould on, Pa!’

    Hould on, I say!’

    Stop Pa an tarracóir ar an toirt agus nocht gealacán a shúl go sceonmhar ar fhaitíos gurbh é an cóiste a raibh an chónra istigh ann a bhí bainte as greim.

    What’s wrong?’ ar seisean, ag oscailt doras an chábáin.

    ‘’ Ur goin’ too fa-ast. Will’ou take it aisy, will ya?’

    But sure . . . Hell, man, I had to take a run at that hilleen or she’d start skiddin’.’Tis fierce slippery.’

    I know, sure . . . but she’s after fallin’ in the slobber there behind . . .

    You’ll go inta the cab now.’Tis the best place for ya.’

    No, I’m . . .’ ach bhí sí scuabtha den talamh idir a dhá láimh aige agus é ag rith in aghaidh an strapa léi chomh muirneach is dá mb’uainín caorach a bheadh sé a leagan ar an bhfoscadh.

    In you go there, now. Let’er sit in besides ya there, Pa.’

    OK, OK, no bother.

    ‘’ Tis impossible for a woman to walk in that scutter.’

    ‘’ Tis a holy show, sure. Up to our ankles in it we are.’

    OK, now . . . hould onto that bar, miss . . . OK now?

    OK.

    That’s the place for her now, Pa’ll give’er plenty talk.’

    Pity we didn’t think of it below at the church gate.

    I did sure, but you wouldn’t like to be sayin’ anathing.’

    I know.’

    She’s light as a feather, the crature.’

    She is, Johnny, sure a puff o’ wind’d nearly blow’er away.’

    ‘You would kinda know she weren’t as hardy as a home grown all the same.’

    ‘How could she be? Protected like a day-old-chick all her life.’

    ‘Overprotected she was. Sure, she have no experience of real life at all at all.’

    ‘It’s true for you. Between the prayers and the blessed candles she may as well have been reared in a convent.’

    ‘I think too much of that holiness is worse than having no faith at all.’

    ‘The poor creatureen is very shook lookin’. The shock, I suppose.’

    ‘Faith, she’s longer in the tooth than what she looks.’

    ‘She’d be thirty, would she?’

    ‘Hardly. She isn’t that long teaching.’

    Faith, there’s more metal in that one than what ya think . . . She’s tough as nails in school, they say.’

    By Jaysus, they say she has great smacht and you wouldn’t think she’s old enough to be a taycher at all, to look at’er.’

    By God, it isn’t aisy to be aqual to some o’ them goin’ to that secondary school. Sure, they’re up to every kind of devilment nowadays.’

    They say she’s aqual to the best of’em and, funny thing, they all likes’er.’

    They do, sure. Didn’t you hear them in church? I thought they’d never stop singin’ them hymns.’

    Nuns, sure . . .

    They were verra fond of the nuns always.’

    Sure, Bridie, Lord ‘a’ mercy on her soul, used to go walkin’ with them. I seen’em Sundays walkin’ across the top of Seafinn and they talking Irish.’

    Oh, mad for the Irish she was.’

    Sure, Bridie was from down Dingle way originally.’

    I hear’em sayin she was related in some way to that nun that’s runnin’ the school, Sister Rosie, they calls her.’

    Ah, you hit it on the head. That’s the reason – two Kerrywomen.’

    By Jay, they’ll mind one another.’

    Keep it down, lads.’

    Ha?

    There’s ears on the wind.’

    What?

    Brian, he’s there behind us.’

    *   *   *

    Ba in aon turas a bhí Brian Mór Murphy ag seachaint an chomhluadair, é ag moilliú a choiscéime go stuacach d’fhonn fanacht as fhéin i ndeireadh na sochraide. Ní roimh chomhluadar a chuid comharsan a bhí aon doicheall aige, cé gur bhraith sé beagán teannais sa mbealach a raibh a bhformhór á dhearcadh. Ón spóla goilliúnach a bhí ag ciapadh a chroí ab áil leis éalú ach bhí sé fánach aige faoiseamh a fháil ón ruaig achrainn a choip é sul má d’fhág sé an teach. Bhí glór oilbhéasach Mhary Margaret chomh binbeach ina chluasa leis an agall nimhneach a chuir sí amach an doras ina dhiaidh. Gan é ach ag iarraidh a bheith ag coinneáil na síochána go sibhialta.

    Please, Mary Margaret,’ a d’impigh sé go ciúin. ‘Please come to the funeral with me. It will stop people talking.’

    Bhí an fuath ag fiuchadh ina dhá súil nuair a chas sí air mar a chasfadh mada drochmhúinte.

    I’m not going to that blow-in’s funeral and that’s that.’

    But she was my sister-in-law. Can’t you show a bit of respect to a member of the family?’

    ‘Respect!’ a bhéic sí as ais air. ‘What respect did they show us, bringing that little mongrel bitch on to our property?’

    Níor mhinic is níor mhian leis a ghlór a ardú lena mhnaoi chéile, ach ghortaigh an masla chomh mór é is gur spréach sé.

    ‘How dare you be so insulting!’ a bhéic sé chomh hard is go dtáinig a n-iníon Mary Jane as an seomra de sciotán is gur sheas sí gualainn ar ghualainn mar thaca lena máthair. D’éirigh leis beagán smachta a chur ar a ghlór sul má labhair sé aríst.

    Please, Mary Margaret, please come to the funeral with me. Let’s not be the laughing stock of the parish.’

    I’m not shaking hands with illegitimate trash,’ a deir sí ag cur cor go drochmheasúil ina leath deiridh agus á fhágáil sa diabhal ansin.

    Thiar i ndeireadh an tséipéil a chuaigh sé ar a ghlúine ach ní ar an Aifreann a bhí a aird ach ar na súile a mheas sé a bheith á ghrinniú. Choisric sé é fhéin nuair a tugadh an corp amach thairis, a chroí ag bogadh le trua nuair a chonaic sé Sorcha ag creathadh le fuacht is le faitíos taobh amuigh de dhoras an tséipéil. Í chomh tanaí le slat sailí. An ghaoth ag rómhar a foilt rua gruaige thart timpeall a héadain is na deora á caochadh de réir mar a bhí sí ag slíocadh chlár na cónra. Í chomh pointeáilte le prionsa nó gur thosaigh múr trom báistí ag greamú a cuid éadaigh dá craiceann. Scaoil sé thairis lucht na sochraide sul má ghluais sé go támáilte ina ndiaidh, a chroí á spionnadh nuair a smaoinigh sé ar an bpráinn a bhí ag a dheartháir Jack as Sorcha. Gan aithne air nárbh í fuil a chroí fhéin a bhí ag preabadh trína cuid cuisleacha nuair a mhuirnigh sé ina bhaclainn í tar éis dó fhéin is do Bhridie í a uchtú. Í chomh faiteach le huainín caorach a choiscfí ar a máthair nó gur éirigh leo í a chur ar a suaimhneas le neart a ngrá. Grá a chúitigh sí leo mar gur chuir sí a saol thar maoil le gliondar nó gur roghnaigh an bás lá na cinniúna. Jack bocht a bhí chomh réchúiseach is nár ghoill sé beag ná mór air nár fágadh aige ach an leathacra as feilm mhór a athar. Gan de dheighilt ná de dhifríocht eatarthu ach an gnás a chinntigh gur ag an mac ba shine a d’fhanfadh seilbh ar theach na muintire.

    D’ardaigh sé a amharc nuair a stop an scuaine a bhí amach roimhe ag gluaiseacht. D’fháisc sé a dhá dhrad ar a chéile go goilliúnach nuair a chonaic sé colainn bheag éidreorach Shorcha á hardú isteach i gcábán an tarracóra. Mhothaigh sé meall i mbéal a chléibhe. Ag smaoineamh ar an ngráin shaolta a bhí ag a bhean chéile ar Shorcha ón gcéad lá ar thaobhaigh sí an tsráid. Siliúir curtha inti agus í ruaigthe mar a ruaigfeadh duine préachán as cuid na gcearc, nuair a mheallfadh a cuid neamhurchóide chun spraoi le Brian Óg í. Bog agus crua a d’impigh sé uirthi gan géilleadh don tsaint ach ba dó fhéin ab éigean géilleadh i ndeireadh dála agus cúl a thabhairt le cine ar son na síochána.

    Siar i ndiaidh a cúil a bhí Sorcha ag dearcadh go brónach. Scuaidrín fear i ngeoin chomhrá, iad chomh scafánta leis na Fianna. Mianach na talún a raibh cleachtadh ar fhuacht is ar fhliuchán acu. Gan trioblóid ar bith acu coinneáil leis an tarracóir.

    Scata a bhí beagán mallchosach ní b’fhaide ar gcúl, iad scaipthe chaon taobh den chosán ag santú an chruatain a bhí faoin gcois ar an talamh bán.

    Uncail Brian as fhéin agus a cheann faoi aige. Dreach dúr doscúch ar a phluca fada dearga ag cosc daoine ó dhul ag brú carthanais air.

    Ghoill sé uirthi nach raibh Uncail Brian cairdiúil leo ní ba mhó. Ba leo ar fad é nuair a bhí Dad beo, beirt dearthár a raibh cion acu ar a chéile. Capaill rása mar thús is mar dheireadh ar a gcomhrá. A seolta crochta ag an mbeirt go dtí Rásaí na Gaillimhe, go Baile na Lobhar, go Cheltenham mura raibh sé ina chruóg oibre cheart chríochnaithe.

    Seans gur capaill is searraigh a bheadh ar an bhfeilm ag Brian murach smacht a mhná céile, a raibh ‘Buffalo’ mar leasainm uirthi. Bulláin a bhíodh ag creathadh le feoil a chuirfeadh aoibh an aoibhnis ar a haghaidh siúd. Bhí an-chion ag Mom ar Uncail Brian, agus ar Bhrian Óg. An citil curtha síos acu agus iad chomh teanntásach is dá mbeidís ina dteach fhéin. Níos teanntásaí, b’fhéidir, mar go raibh bealach dúr dorcha le Buffalo a chruthaíodh teannas ina comhluadar. Bhí na tréithe bundúnacha céanna ag baint lena hiníon. Ní raibh de mhuirín orthu ach an bheirt ach ba í Mary Jane croitheadh an tsacáin, í trí bliana déag ní b’óige ná Brian Óg agus gan aithne orthu an raibh gaol ná dáimh acu lena chéile.

    Ghoill bás Dhad go huafásach ar Uncail Brian, gan ann ach na sé seachtainí ó chaith siad siar cúpla deoch ag Rásaí na Gaillimhe nó go raibh na trí sluaiste cré á gcaitheamh síos ina mhullach ar bharr an chnoic. Chomh luath is a ligeadh an t-aer chuig an ailse, scaip sí mar a scaipfeadh tine Bhealtaine.

    Cois níor leag sé taobh istigh dá ndoras ón lá sin amach. Beannú dhóibh ar éigean agus a aghaidh casta deiseal nó tuaifeal uathu. Níor thaobhaigh ceachtar acu an teach, gan ceilt ar bith ag Buffalo go raibh consaeit aici leo. Ba é caitheamh i ndiaidh chomhluadar Bhriain Óig a bhí ag mearú Shorcha. A dúil ag neartú sna póigíní milse a bhídís a bhaint dá chéile i ngan fhios do chuile dhuine, ach gan dé le feiceáil air amhail is dá mba é an talamh a bhí tar éis é a shloigeadh. Go discréideach san uimhir iolra a chuireadh sí a thuairisc ar eagla go mbraithfí tada. Deireadh Mom gurbh í Buffalo a bhí ina máthair ghoir á shaighdeadh. Fuaraidís sa gcraiceann ar théigh siad ann, a deireadh sí sul má tharraingíodh sí anuas scéal éicint eile.

    Murach greim an fhir bháite a bheith ar bharra iarainn ag Sorcha, bheadh sí caite anonn i mullach an tiománaí ag an turraic a bhain sclaig as an tarracóir. Siar a chaith sí an chéad súil ar fhaitíos go mbainfí cónra Mhom as greim. Ach bhí fios a ngraithe ag na fir seo. Bhí beilt mhór láidir chun tosaigh agus chun deiridh á ceansú.

    D’fháisc Sorcha a liopaí le chéile go truamhéalach ag smaoineamh ar Mhom á tuairteáil anonn is anall in aghaidh chláracha na cónra. An cnoc a mbíodh Mom á chur i gcomórtas le ríocht Dé ag tabhairt díbliú a nádúir di ar a turas deiridh go dtína mhullach. A liachtaí tráthnóna breá a sheas siad thuas ag geata na reilige ag baint lán a súl as an radharc.

    Scraith ghlas an tsamhraidh chomh tirim le brat urláir faoina gcosa nuair a théidís suas ó chois go cois ard tráthnóna nó go dtugaidís lomadh deimhis do chuile thráithnín dár chuir a mhullach aníos trí scraith na huaighe. Paidir a rá go ciúin ansin agus beannacht dílis Dé a chur lena anam. Ba mhil ar chroí Mhom seal a chaitheamh ag baint aoibhnis as an áilleacht a bhí le feiceáil de bharr an chnoic.

    ‘Machaire méith na Mumhan, a Shorcha,’ a deireadh sí agus gan oiread is scamall ag cuibhriú fad a n-amhairc. Na mílte is na mílte acra sínte amach os a gcomhair. Páirceanna glasa nach raibh orlach cearnach as scór acra ag breathnú chomh beag le stampa pingine de mhullach an chnoic. Tithe dhá stór a raibh mórchuid scioból ina dtimpeall, scaipthe i bhfad ó chéile ag ceann cosán. Slacht an tsaibhris ar áitreabh Uncail Brian, na fuinneoga uachtair ag breathnú amach trí bhearna sa gcoill darach a bhí ina thimpeall. Bungaló Mhom agus Dhad anonn trasna uaidh, gan le feiceáil ach a chomharthaíocht ar éigean trí scáth na nduilliúr. An uachtarlann, an áit a mbíodh Dad ag obair, ag an gcrosbhóthar agus gan tada ina timpeall ach páirceanna.

    Pearsantacht na n-úinéirí éagsúla le feiceáil i ndreach na talún. Leasú ag cur loinnir ghorm ag borradh tríd an bhféar glas ina chuid suntais. Braillíní móra bána talún go forleathan san áit a mbíodh an barr féir sábháilte. Ciumhais mhór leathan driseacha agus neantóg ag alpadh chucu an talamh réidh, timpeall le fál is le mótaí corráit, ag cruthú comhartha ceiste. Leisce, seanaois nó tinneas?

    ‘Tús na breithe ag Dia,’ a deireadh Mom mar nárbh ar an tírdhreach ba mhó a bhíodh a haird ach ar an stair ársa a bhain leis an dúiche.

    ‘Ard Phádraig, a Shorcha . . .’ a deireadh sí.

    Níos tábhachtaí ná Ard Mhacha ina am, ceanncheathrú na hEaglaise. Baistithe ó aimsir Naomh Pádraig, chomh tábhachtach le Caiseal Mumhan. Féach thiar, Cill Mocheallóg. Féach ó thuaidh Cill Fhíonáin. Féach thoir Cill Dhairbhe.

    Stair na Críostaíochta mórthimpeall orainn . . .

    Don’t’ou agree with me, Miss?

    Ye . . . Yes, Pa.

    Baineadh geit aisti mar nárbh ar a chuid cainte a bhí aird aici, isteach i gcluais is amach sa gcluais eile. Ar éigean má bhí lánstad ar bith sa roilleadh a bhí leis. Scéal éicint i dtaobh tarracóra bhig, Ford Dextra, a chlis leath bealaigh aníos an cnocán de bharr go raibh na boinn beagán caite uirthi.

    The four-wheel drive is your only man, Miss,’tis often I was up to that axle in muck . . . still she’d plough on . . . and good tyres. I have new rubber on this lady now and it’s testin’’er all the same. A holy disgrace is what it is, buryin’’em on top of that mountain in this day and age. Develop a graveyard down below is what they should do. Crowd of bastards, Miss, the whole fuckin’ lot of them, excuse the language.’Tis the way they have the country robbed. Tribunals . . . that’s all bullshit . . . linin’ their own pockets. That Beef Tribunal, sure . . . millions it cost . . . three piece suits on the rogues and fleece- lined jackets and they burstin’ their trousers. Never fed a calf in their lives . . . and the people that’s rearing the beef atein’ rashers and sausages . . . Now, Miss, we’re nearly there.’

    It’s nice and level here, Pa.’

    Ah sure, a wheelbarrow’d do’ou here . . . levels off at the top, d’see, desolate hoor of a spot.’Tisn’t fit for the dead never mind the livin’.’

    You can see five counties from here on a fine day.’

    ‘They say’ou can . . .’ou’ll see nothin’ when’ou’re in a coffin. What use is the view to the crowd inside that wall now? Stay where’ou are for a while till the priest arrives. That wind’d go through ye . . . I’ll slip on the oilskins.’

    Chuaigh ceathrar fear i dtreo an gheata go deifreach, beirt á oscailt is beirt isteach thar an gcéim. Ní raibh aithne orthu nach adhlacadh daoine a bhí mar shlí bheatha acu.

    Brat a bhí ag clúdach na dóibe a fhilleadh agus a leagan i leataobh. Na sluaistí a bhí mar chomhartha na croise ar bhéal na huaighe a thógáil, is an tsluasaid ba ghlaine a chur ar dheis a láimhe don sagart. Mála féar tirim a scaipeadh ar urlár na huaighe agus lán mála eile faoi réir le cur síos os cionn an choirp. Ghoillfeadh sé go ceann blianta ar dhaoine a bheith ag éisteacht leis an dóib mhoirtiúil ag baint torann bodhar as cónra an té ab ansa leo, ach mhaolódh an líonán féir an déistean nár léir dá súile, ord agus eagar nár shamhlaigh mórchuid de bhoicíní an bhaile mhóir leis na tuataigh seo.

    Ómós don mharbhán. Dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire; bhí siad seo ag cur a gcúram fhéin ar an méir fhada nó go mbeadh an tsochraid thart, gnás gnaíúil a lean ó ghlúin go glúin . . .

    Well,’ou put a dacent coffin on her anyway.’

    Bhí geit bainte aríst aisti de bharr a hintinn a bheith ag ruatharach.

    She deserved it.’

    Well’ou could say that again. There’s chipboard coffins goin’ now, an’ a corpse wouldn’t be safe inside in them at all. The kind of shakin’ they get comin’ up that hill . . .

    That’s solid oak.’

    I knew it was . . . what’s that written on it, Sorcha? Meself and the lads were tryin’ to make it out.’

    What . . . ? Oh, that’s her name; it’s written in Irish. Bríd Uí Mhurchú.’

    Is that what it is? So that’s Bridie Murphy now, in Irish.’

    Yes, she always signed her name in Irish.’

    She did, the crature.’Tis nice that she’s buried with it now all the same . . . Oh God, the priest’s landed, Sorcha. Stay where’ou are now, I’ll open the door for’ou.’

    Réab siota gaoithe isteach sa gcábán chomh luath is a d’oscail Pa an doras. Gaoth ropánta bharr an tsléibhe a bhuail go míthrócaireach trasna an leicinn í. Shloig sí puth dá hanáil leis an stangadh a bhain an fuacht aisti. B’in é an chéad mhothúchán a dhúisigh i gceart as néal an dóláis í ó fuair sí Mom sínte fuar marbh tar éis filleadh ón scoil dhá lá roimhe sin.

    Sian a chuir sí aisti, á caitheamh fhéin ar an urlár lena taobh.

    ‘Mom!’ a scread sí aríst is aríst eile.

    Á croitheadh, á pógadh, á dúiseacht, ag caint léi, á brú ag iarraidh anáil a chur inti. ‘Mom, Mom . . .’ Shíl sí í a dhíriú aniar ach ní raibh aon solúbthacht ag baint leis an mbás.

    Dá buíochas a bhain siad as greim í. Dochtúir agus sagart agus lucht an otharchairr ag iarraidh foighid a chur inti, ach ní raibh siad ag dul ag tógáil a Mom uaithi, ná istigh ag an ospidéal ach oiread nó gur tháinig an tSiúr Rosario is gur bhain sí as greim í de réir a chéile.

    Níor fhéad sí Mom a ligean as a hintinn agus iad á hiompar ar ghuaillí arda go dtí bruach na huaighe. Iad ag briseadh na gaoithe ina timpeall nó gur leag siad an chónra go cúramach i gciumhais na dóibe. Scread thruamhéalach a lig sí nuair a caitheadh an chéad lánsluasaid síos ina mullach. Dhoirt a raibh ina seasamh ina cóngar i leataobh as a bealach leis an ngeit a bhain an scread astu.

    Ariamh ina saol níor smaoinigh sí go dtiocfadh an lá seo. Bhí na fir ag clúdach Mhom chomh tréan is go raibh an talamh ag sloigeadh na cónra os comhair a súl, á fágáil ina cadhan aonraic gan duine ná deoraí le haire a thabhairt di.

    Chuir siota fíochmhar gaoithe fead aisti ag ardú a sciorta go mínáireach suas timpeall a básta. Choinnigh sí síos lena dhá láimh é, ach níor choisc sin na freanga fuara a thosaigh ag smúrthacht faoina cuid éadaigh. Fuacht nár mhothaigh sí a leithéid ariamh roimhe, mar a bheadh bioranna seaca á reo isteach go cnáimh. Bhí a cosa mar a bheadh dhá chnapán leac oighir sna bróga báite. Tháinig fuar nimhe ina cuid méaracha. D’aimsigh creathán fuaicht is faitís chuile bhall dá corp.

    Chuir na fir an scraith ghlas a bhí casta go néata ina rolla ar ais os cionn na huaighe, ach is ar éigean ba léir di cé chomh pointeáilte is a bhí a gcuid oibre. Bhí bualadh fiacla imithe ó smacht uirthi.

    I’ll give’ou a lift down if’ou want.’

    Lean sí é le sméideadh beag dá ceann, í beagnach chomh stromptha leis an gcorp a bhí fágtha ar shlí na fírinne. Dhún sí a súile nuair a thug Pa aghaidh an tarracóra le fána. Gan a dóthain de mhothú fanta ina lámha lena coinneáil ó dhul i ndiaidh a mullaigh, ach go raibh sí ar ancaire taobh thiar dá shuíochán.

    That wind is risin’ off the back of snow somewhere. Are ’ou perished, are’ou?

    Bhí an chaint bainte ag an bhfuacht di.

    ‘’ Tis always freezin’ up in that bloody spot anyway, whoever the hell started buryin’ people there the first day ever, halfway to the bloody North Pole.’

    Níor fhág Pa sagart ná bráthair, aire ná taoiseach gan stiall a bhaint astu lena theanga ar a bhealach anuas. Leis fhéin a bhí sé ag caint nó gur tharraing sé isteach ar shráid theach an ósta.

    ‘’ Ou’ll come in and have a hot whiskey now; that’ll take the shivers off ya.’

    No, thank you. I’d rather go home, please.’

    OK. Please yourself, sure.’

    Ní raibh an ceathrú míle fhéin le dhul aici, ach bhí sí cuibhrithe ag seiríní fuaicht a bhí tar éis a dhul ó smior go smúsach a cnámh. Bhí na crainnte móra darach ag cruthú dorchadas níos uaigní fós de réir mar a theann sí leis an teach,

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1