Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Clochmhóin
Clochmhóin
Clochmhóin
Ebook188 pages3 hours

Clochmhóin

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Joe Steve Ó Neachtain's first collection of short stories. His flowing style and natural skill as a storyteller make this collection a wonderful read.

LanguageGaeilge
Release dateNov 1, 1998
ISBN9781784440091
Clochmhóin
Author

Joe Steve Ó Neachtain

Born in An Chré Dhubh in An Spidéal in 1942, Joe Steve has been writing creatively since 1969. His radio drama series Baile an Droichid, Raidió na Gaeltachta, 1986 to 1996, received the Jacobs Award. He lives in An Chré Dhubh with his wife Máirín. They have three adult children.

Read more from Joe Steve ó Neachtain

Related to Clochmhóin

Related ebooks

Reviews for Clochmhóin

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Clochmhóin - Joe Steve Ó Neachtain

    smúdar.

    AN TÉ ATÁ THÍOS

    B’fhada le Caitlín a bhí na fógraí á seadú. Ní raibh sí ag tabhairt aird ar bith orthu, rud ab annamh léi. B’iondúil léi suí go sócúlach cois na tine agus an oíche a chaitheamh go sásta ag léamh, nó ag breathnú ar an teilifís. Ach bhí sí míshuaimhneach anocht.

    Go deimhin, ní mórán suaimhnis a rinne sí i gcaitheamh an tráthnóna ach ag guairdeall ar fud an tí, ag cuimilt is ag dustáil trealaimh is troscáin a bhí ag lonrú le glaineacht cheana féin. Den chúigiú babhta thug sí súil ar na cuirtíní chun a chinntiú go raibh sí i bhfolach ó shúile na gcomharsan. Ní hamhlaidh nach raibh gean aici ar na comharsana, agus acusan uirthi; a mhalairt ar fad. Ach mhothaigh sí go raibh siad ag imeacht as a bealach ó fógraíodh go raibh an clár le craoladh. Oiread is mac an pheata acu, níor lig orthu go raibh eolas ar bith acu ina thaobh, ach bhí sé follasach do Chaitlín ón mbealach a lasadh a ngrua is ón gcosamar cainte a bhí siad a dhéanamh go raibh sí féin agus an clár teilifíse á líochán ó theanga go teanga.

    Bhí an clár ar hob tosú.

    Súil ar an tine … níor ghá, an doras … faoi ghlas. Nach raibh an bolta air le trí huaire an chloig. An guthán—Ó, a Mhaighdean! D’éirigh sí de sciotán. Is beag oíche nach nglaodh duine dá beirt chlainne. Nár lige Dia! As an oifig i rith an lae a ghlaodh Caitlín agus san oíche arís Clíona—ar fhaitíos go mbeadh aon stró uirthi. Ní raibh sí ag iarraidh labhairt le ceachtar acu anocht. Chuaigh sí don halla go deifreach, a cuid súl ag dearcadh éadan na teilifíse tríd an doras iata fad is bhí sí ag smúrach lena láimh nó gur thóg sí an guthán dá cheap. Ar bharr a cos a d’éalaigh sí ar ais. Gioscán féin níor bhain sí as an gcathaoir mar bheadh imní uirthi go dtabharfadh an fear a bhí ag cur an chláir i láthair faoi deara í. Mhothaigh sí fuarallas ar fhad a droma nuair a thosaigh an ceol. Ceol mall uaibhreach á sheinnt ar an bhfeadóg mhór. Faoileán mar bheadh sé ag ísliú agus ag ardú le rithim an cheoil go maorga agus go healaíonta ag marcaíocht na gaoithe a bhí ag éirí de leiceann aille.

    Smaoinigh Caitlín gur scread faoileáin agus ceol feadóige a chuir tús nó críoch le gach clár dár bhain le Gaeltacht nó le cultúr. D’éalaigh an faoileán leis d’éadan na teilifíse agus thosaigh maidhm mhór chumhachtach á síneadh is á searradh féin chun fogha a thabhairt faoin aill. Meall mór sáile ag rómhar roimpi, ag bíogadh is ag borradh nó gur bhris a mhoing ina colg geal le teann oibriú. Phléasc an mhaidhm mar phléascfadh plump toirní go hard in aghaidh éadan na haille. Ansin thit a toirt ina taoisc ghlugair i suaitheadh na mara. Níor thug Caitlín faoi deara gur phlúch fuaim na mara ceol na feadóige nó gur seinneadh cúpla nóta mall olagónta os cionn chúr na maidine. Ansin go healaíonta taispeáineadh scáile fir ag seinnt na feadóige. Gan ann ach comharthaíocht a éadain ar dtús nó gur ghlan an smúit go mall réidh is go raibh fear óigeanta mar bheadh sé beo beithíoch ag baint fuaime as an bhfeadóg mhór.

    Shlog Caitlín mionsmugairle leis an ngeit a baineadh aisti. Mhothaigh sí cuisle ag preabadh idir a baithis is a cluais, agus a hanáil ag teacht ina gearrshiotaí de bharr thréanbhualadh a croí. Lioc sí siar sa gcathaoir í féin mar go raibh sé chomh beo os a comhair agus gur shíl sí ar feadh meandair go raibh sé chun siúl amach as éadan na teilifíse. Bhí sí san ísle brí le lagar mar gur chuir lán na súl ag diúl ar an aimsir chaite í.

    ‘Johnny,’ ar sise leis faoina hanáil.

    Ghlaoigh sí arís air, níos airde an babhta seo chun go mbeadh a hachainí le cloisteáil os cionn chársán na hanála.

    ‘Johnny,’ ar sise den tríú babhta agus meacan goil ag cur creatha ina glór.

    ‘Mise atá ann,’ amhail is dá mba iad a cuid focla a bhíog an ceoltóir. Chríochnaigh sé an fonn mall agus gan oiread is anáil a tharraingt chaoch sé leathshúil go haerach ina treo agus líon sé an t-aer le ceol binn meidhreach. Bhí aoibhneas a cheirde greanta go gleoite ar a éadan agus meisce an cheoil ag cur a cholainne ag princeam. Ansin labhair guth domhain soiléir tríd an gceol.

    ‘Seán Ó Dubháin, ceoltóir, 1934 go dtí 1982. Anocht, a lucht éisteachta, tá muid ag craoladh clár speisialta in ómós an tsárcheoltóra, Seán Ó Dubháin, nó Johnny mar ab fhearr aithne againn air. Ba thubaisteach an buille dár dtír agus dár gceol dúchais é bás Johnny agus gan é ach i lár a shaoil agus i mbarr a mhaitheasa. Ní háibhéil a rá gurbh é Seán Ó Dubháin a rinne athbheochan ar an gceol Gaelach. Is beag gléas ceoil nach raibh máistreacht ag Seán air. Thug sé a shaol ar son an cheoil agus an chultúir. B’fhear uasal é a raibh an greann, an gáire agus an ceol go síoraí ina chuideachta. Tá údar ag muintir na hÉireann a bheith bródúil gur rugadh agus gur mhair laoch dá leithéid inár measc. Fíor-Éireannach a bhí mar ambasadóir lena chuid ceoil ar fud an domhain. Faraor, ní raibh saol fada i ndán dhó ach níor imigh Johnny uainn gan oidhreacht mhillteach cheoil a fhágáil ina dhiaidh. Feicfidh sibh anois é ag seinnt poirt a chum sé féin, ‘Nead an Damháin Alla’. Tógadh an chuid seo den scannán ag Fleadh Cheoil an Chláir i dtús na seascaidí.’

    Ar éigean a chuala Caitlín an cúpla abairt deiridh. Ní fhéadfadh sí a chreidiúint go raibh aoibhneas an lae úd i dtaisce ar scannán ar feadh na mblianta. Fleadh Cheoil an Chláir 1954 an chéad uair riamh ar chaith sí deireadh seachtaine ina theannta agus ní dhéanfadh sí dearmad go deo ar aoibhneas an deireadh seachtaine sin nó go gcaithfí na trí sluaiste cré os a cionn. Bhí súil an cheamara ag ruatharach ar fud an bhaile ag aimsiú na sluaite a bhí ag guairdeall timpeall na gceoltóirí agus an ghrian ag fágáil a scáile mar aingeal coimhdeachta ag chuile mhac máthar acu.

    Shlog Caitlín puth dá hanáil de chnead nuair a d’aimsigh an ceamara Seán agus slua lucht éisteachta ina thimpeall. Cáir gháire ar a éadan agus na méaracha ag damhsa go héadrom ar fhad na feadóige móire. Dhírigh súil an cheamara a lóchrann ar chailín óg a bhí ina suí ar an tsráid faoina chosa. Dhírigh Caitlín aniar sa gcathaoir agus i ngan fhios di féin rinne sí aithris ar na geáitsí a bhí sí féin a dhéanamh ar éadan na teilifíse, gan de dhifríocht ann ach go raibh sise an uair sin gealgháireach ag dearcadh in airde air, a dhá láimh le chéile mar bheadh sí ag tabhairt adhradh dó. Ba léir ón meangadh nádúrtha a bhí ar a haghaidh nár mhothaigh sí an ceamara ag fíochán dhealbh a colainne agus á cur i dtaisce i stórais scannáin.

    Dá dtéadh an t-arm capall faoin doras ag an nóiméad sin ní thabharfadh sí faoi deara é. Í scaoilte amach i ndiaidh a cinn agus greim an fhir bháite ar shlinneán na cathaoireach aici mar bheadh sí ar ancaire ag iarraidh í féin a choinneáil siar ón scáileán. Bhí a súile bog braonach, leata ar an ógfhear ceolmhar a bhí arís ar follas. Nár bheag an t-ionadh di titim i ngrá leis an chéad lá riamh? Colainn lúfar láidir mar bheadh sí tógtha amach as múnla aclaíoch. Folt gruaige ar dhath na tuí eorna. Chuile dhual ina throisleáin síos leis go nádúrtha agus dhá shúil a mheallfadh meangadh as dealbh. Níorbh é lán na súl a mheall Caitlín ach an bealach álainn a bhí leis. Ceoltóir den scoth gan ghaisce gan ghaileamaisíocht. Dá dtitfeadh an t-aer ar an talamh ní chuirfeadh sé mórán múisiam ar Johnny.

    Chuile sheans dá bhfuair sé is i measc ceoltóirí a bhí sé. Le linn dó bheith ag freastal ar an ollscoil bhí sé faoi gheasa ag ceol, geasa a choisc a intinn mheabhrach ar an léann agus a mheall ar ghairmthreoir go dtí an Spailpín Fánach é nuair ba chóra dó bheith ag freastal ar léachtaí.

    Bhí fíorcháil ar an Spailpín mar theach ceoil agus é de gheis ar chuile cheoltóir dá dtaobhaíodh an taobh sin tíre eadra a chaitheamh ann. Bhí sé chomh dóigh togha seisiúin a bheith ann i lár an lae le lár na hoíche. Bhí a shliocht ar Johnny; bhí lorg a thóna go síoraí ar stólta an Spailpín.

    Sa Spailpín a leag Caitlín súil air den chéad uair riamh. É ag cur ceoil go fraitheacha agus scata mac léinn ag gairm as. Ise sa tríú bliain agus eisean ag athstaidéar i gcomhair BA den tríú babhta. Duine de na mic léinn a d’iarr uirthi amhrán a chasadh sa Spailpín oíche agus chomh luath is a chuala Seán a guth binn bhí dorú caite amach aige. Bhíodh na cailíní eile in éad léi, iad ag éagaoin go grámhar as an ádh a bhí uirthi suí lena thaobh ag chuile ócáid. Níor ghá do Chaitlín bás a fháil chun na flaithis a bhlaiseadh. Chaith sí an bhliain sin sna flaithis, méaracha a gcuid lámh fite ina chéile ag maidhm an ghrá agus iad ag spaisteoireacht ar chladach an locha ardtráthnóna. An t-uisce glé glan ag lapaireacht go fáilteach, gan rian den imní shaolta ag cur isteach ar an gciúnas nádúrtha ach an grúscán beag a bhí an gairbhéal a dhéanamh faoina gcosa.

    ‘Ssss,’ a deireadh Seán corruair agus dhéanaidís beirt staic chomh ciúin leis na liagáin, ag éisteacht le héinín ag seinnt ceoil ar chraobh, gan ann corruair ach leithscéal chun í a fháisceadh go muirneach isteach leis. Bhídís ansin ar thrá an locha faoi dhraíocht ag paisiún; ag diúl na liopaí as a chéile is gan de chuideachta acu ach cearc uisce a sheasadh ar bhileog bháite corruair ag déanamh iontais den ghné neamhshéasúrach seo den dúlra.

    B’in é a nGairdín Pharthais. Tráthnónta breátha ag éisteacht le siosarnach na ngiolcach nó go dtiteadh na héin ina gcodladh agus go bhfógraíodh an dorchadas síocháin sa gciúnas. Má bhí na flaithis inchurtha le haoibhneas na bliana sin b’fhiú don chine daonna a bheith go síoraí ar a nglúine. Ba mhinic Caitlín ar a glúine i suíochán cúil an tséipéil ag glacadh buíochais le Dia as an sonas a bhronn sé uirthi. Sonas seasta a mhair nó go dtáinig toradh na scrúduithe agus gur bogán a bhí arís eile i ndiaidh ainm Sheáin ar chlár na ngradam.

    Scairt gháire a rinne sé i gcomhludar na mac léinn eile a bhí go fiosrach ag iniúchadh na dtorthaí. Thosaigh an chuid ba theanntásaí acu ag scairtíl in éineacht leis agus ag bualadh bos aontais sa droim air ag tréaslú a dhearcaidh ar an saol leis. Chuig an Spailpín ag ceiliúradh a bhí lucht na n-onóracha ag dul.

    ‘Chuig an Spailpín atá muidne ag dul freisin,’ a deir Seán, ag breith i ngreim láimhe ar Chaitlín, ‘agus déanfaidh sí oíche go maidin.’ Chuireadar liú áthais astu ach bhí blao Sheáin ar an gceann ba chroíúla agus ba lú imní díobh ar fad.

    ‘Feicfidh muid thíos sibh,’ a deir sé ag treorú Chaitlín i dtreo an dorais, ach ní síos a thug sé a aghaidh ach suas, suas le habhainn mhór na Coiribe, thar na strapaí chomh fada leis an gcúlráid, gan focal as ceachtar acu. Seal fada a mhair an tost, iad araon ag brath ar a chéile, nó gur phléasc Seán amach ag caoineadh faoi dheireadh. Ar an bpointe boise bhíog a cineáltas banúil Caitlín agus chuir sí a colainn mar thaca faoina chroí briste. D’fhan sí sa staid sin ina tost ar feadh tamaill, a leathláimh go muirneach ina thimpeall agus an láimh eile mar bhuadán timpeall a mhuiníl nó gur mhothaigh sí a chuid deor ag rith síos ar thaobh a leicinn. Labhair sí focla cineálta grámhara á bhréagadh is á mhisniú nó go raibh an t-ualach curtha dá chroí. Í gcogar a labhair sé faoi dheireadh agus é fós ag snugaíl caointe.

    ‘Ní dhéanfaidh mé aon mhaith go brách, a Chaitlín. Imigh leat uaim is ná bím ag cur do shaoil amú. Imigh leat is fág liom féin mé. Ó, a Mhaighdean bheannaithe, céard a dhéarfas mo mhuintir? Tar éis chuile phingin dá raibh ag gabháil leo a chaitheamh orm. Is mór an náire mé. Níl ach rud amháin sa saol ba mhaith liom a dhéanamh anois agus sin mé féin a chaitheamh amach sa bpoll báite sin.’

    Chriothnaigh Caitlín agus thug súil fhaiteach ar an abhainn. Meall mór cumhachtach uisce ag sníomh go mear ach go ciúin cé is moite de chorrghnúsacht a rinne círín na nguairneán go bagrach. Súile glugair ag snámh go mall ar dhuifean an uisce mar bheidís ag faire orthu. Thóg sí a súile den uisce go deifreach. Bhí an fuarlach chomh dubh domhain is go raibh sé ag cur sceoine uirthi—beag a cheapfadh gurbh é an t-uisce gléigeal céanna é a bhíodh ag lapaireacht leo thuas ar bhruach an locha.

    ‘Stop,’ ar sise ag fáisceadh a barróige. ‘Stop den chaint sin. Is féidir maireachtáil gan céim ollscoile a bheith agat. Cuimhnigh gur céim ar gcúl í an chéim ar aghaidh don té nach bhfuil sí feiliúnach dhó.’

    Bhí sé ag éisteacht.

    ‘Ná bíodh imní ort, a Johnny—beidh mise críochnaithe agus post agam faoi cheann bliana.’ Bhí a dhá láimh ina gcrios ina thimpeall anois agus í ag sioscadh lena chliabhrach.

    ‘Ná bíodh imní ort, a Johnny. Nuair a bheas muid pósta bainfidh muid ceol as an saol.’

    Scior na focla amach go nádúrtha i ngan fhios di ach níor lig seisean thar a chluasa iad. Chuir sé a bhois faoina smig agus bhreathnaigh sé isteach ina dhá súil.

    ‘Pósfaidh tú mé,’ ar seisean. Sméid sí a ceann. ‘Abair é,’ ar seisean, ‘go gcloisfidh mé thú.’

    ‘Ach níor iarr tú fós mé,’ ar sise. Las splanc an dóchais ina amharc.

    ‘An bpósfaidh tú mé, a Chaitlín?’ ar seisean.

    ‘Pósfaidh, a Johnny,’ ar sise. Ar an toirt bhí a gcuid liopaí ag cur séala ar an ngealladh. ‘Ní phósfaidh mé aon fhear eile ar an domhan ach thú,’ ar sise, nuair a tháinig anáil di. Bhí sé ag crith ó mhullach a chinn go dtí bonn a choise.

    ‘Gheobhaidh mise obair,’ ar seisean; ‘is cuma liom cén cinéal oibre é. B’fhéidir i monarcha na mbréagán sa mbaile ach tá rud amháin cinnte; is fáinne dhuitse atá mé a cheannacht ar mo chéad phá.’ D’fháisc sí a láimh mar chomhartha ríméid.

    ‘Teara uait,’ ar sise, ‘síos sa Spailpín. Tá ceiliúradh le déanamh againne freisin.’

    Shiúladar beirt i dtreo an aoibhnis, a leathláimh á fáisceadh chomh teann isteach ina aghaidh is gur mhothaigh sí go raibh sí leis an gcuid eile dá saol a chaitheamh greamaithe istigh ina ascaill.

    Ba iad boilg ghaoithe na bpíob uilleann bhí le feiceáil greamaithe faoi ascaill Johnny ar éadan na teilifíse anois aici agus lucht éisteachta ag gairm agus ag gáire go ríméadach as saibhreas dosháraithe a chuid ceoil. Mheas sí gur chóir di í féin a fheiceáil lena thaobh agus fios maith aici nár ann di—níor mhór smacht a chur ar a hintinn agus staidéar a dhéanamh ar an gclár a raibh oiread sin réitigh déanta faoina chomhair aici. B’iontach proifisiúnta an cur i láthair é. Seán Ó Dubháin gléasta go galánta ag tabhairt coirm cheoil i gceoláras náisiúnta na tíre. Seán ina shuí i dtom fraoigh ar

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1