Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Sna Fir
Sna Fir
Sna Fir
Ebook343 pages5 hours

Sna Fir

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Scéal duine atá anseo; scéal guairneánach a bhainfeas suaitheadh asat. Aistear atá ann, aistear buachalla bháin a théann i gceann an tsaoil agus a imíonn le haer an bhaile mhóir. Cuntas é ar theacht in inmhe; ar fhéincheistiú, ar fhionnachtain, agus ar athnuachan; ar ghrá agus ar ghníomh in am an bhearrtha agus in aois na céille. Beatha dhuine a thoil. Toil an té seo a bheatha . . . sna fir.

A whirlwind account of the journey of a Connemara student, young, gay and determined in his quest for happiness and peace of mind; an ever-returning journey from the comfort and security of his family home to the blissful danger of the city.

LanguageGaeilge
Release dateJan 1, 1999
ISBN9781909367517
Sna Fir

Read more from Micheál ó Conghaile

Related to Sna Fir

Related ebooks

Reviews for Sna Fir

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Sna Fir - Micheál Ó Conghaile

    seo.

    CUID A HAON

    CUID A HAON

    Curriculum Vitae

    Ó, ó! … Rinne mé staic thostach ag an bhfocal cé gur i m’intinn amháin a bhí mé ag léamh. ‘Singil’ atá scríofa anseo agam. Ar ndóigh, sea. Céard eile a d’fhéadfainn a chur ann. Singil … Mé théis léimt amach aríst as mo shaol brionglóideach. Mé théis a bheith ag súil le léitheoireacht gan dua ná dualgas anseo. Mar a bheinn ag súil le sásamh maoithneach éicint a bhaint as mo shean-CV a léamh, as súil siar a chaitheamh air. Ní sásamh an focal cruinn dáiríre ach caitheamh aimsire, an chaoi úd gur breá liom ó thráth go chéile a bheith ag méirínteacht go leisciúil seachránach trí sheanlitreacha agus seandialanna de mo chuid agus mé ag glanadh nó ag pointeáil mo sheomra chodlata.

    Singil a mheabhraigh mé dom féin aríst is mé ag déanamh gáire beag liom féin. Cén pósadh a d’fhéadfadh a bheith orm ar aon nós. Gan mé fiú scór bliain d’aois. Pósadh, an ea. Chomh maith agus dá mbainfeadh le mo shaolsa ar aon chaoi fearacht Bheairtlí Bhun an Bhaile seo thíos, an diabhal bocht.

    Is ní CV ceart údarásach a bhí faoi mo láimh agam ar aon nós ach cur i gcéill de CV. Ní le haghaidh jab mór ná fiú jaibín séasúrach samhraidh a cuireadh le chéile é ach mar chuid de thionscnaimh na hidirbhliana dornán blianta ó shin. Cur i gcéill amach is amach a bhí ann ó thús. Mock, cé go raibh sé clóscríofa go slachtmhar agam i ndúch dubh ríomhaire ar leathanaigh bhána A4. Na leathanaigh, ceithre cinn acu, tollta agus snaidhmthe go cúramach cineálta le ribín réidh gorm, ar a raibh dhá shúil ubhchruthacha. Cuma údarásach fhírinneach air mar sin féin, díreach mar is nós leis an mbréag a culaith ghaisce Dhomhnaigh a chaitheamh nuair a bhíogann amach ar an domhain dhiamhrach éiginnte.

    As ucht Dé ort agus dún suas do chlab mór nó cuirfidh mé fata siar ann. Fógraíonn Michael Jó Beag trasna an bheáir ar Johnny Rua a bhéal a choinneáil dúnta. Ní chloiseann Johnny Rua é, nó tugann an chluas bhodhar dó. Tá cúpla seanleaid eile trasna uaidh ag ól a bpiontaí go mall, iad mar a bheadh idir dhá chomhairle an measa grágaíl mheisce Johnny Rua atá ag dul amú go stadach i gceann dá chuid amhrán ná fothramán callánach an scáileáin mhóir agus lucht féachana an tsacair.

    "Up Man. United. Come on Giggs."

    Ara, Giggs. Ní fhágfar gig anocht aige muis, fan go bhfeicfidh tú, fan ort.

    "Fuck Man. United. Níl iontu ach shower of wankers, anyways." Bhí nimh ag fiuchadh sa nglór a labhair.

    Ara céard atá tú ‘rá! Bolton Wanderers! Cloisim guth Mhichael Jó Beag aríst, agus strus air. "Cibé cé as ar tháinig siad, nó cá raibh siad le fiche bliain. Níbheadh ’fhios acu cén chaoi le haghaidh iad féin a bhainceáil, ní áirím sacar a imirt. Thíos i Division Three ba cheart dóibh a bheith."

    "Ní hea ach in éineacht leis na non-league clubs."

    "Má tá United chomh maith sin, cá bhfuil a gcuid goalannaí. Feictear dom gur nil-nil atá i gcónaí ann. Bhí acu fanacht sa mbaile. Deargchuntannaí."

    Fanacht sa mbaile! Fanacht sa mbaile, an ea, a deir an ABU bradach. Éiríonn Michael Jó Beag ina sheasamh, é saighdte. Nach thall san Eoraip, a mhac, atá Man. United ag imirt leath an ama. Cé mhéad uair, meas tú, ar imir Bolton Wanderers san Cup Winners’ Cup? Cé mhéad uair a d’imir siad san UEFA Cup. Buaileann sé rap de dhorn ar an mbord a chuireann deochanna lána ag slabáil. "Cé mhéad uair a bhuaigh siad an double, ní áirím é a bhuachtáil back to back. Ar imir siad i Wembley ariamh? Ah …? Ach meas tú an bhfuil ’fhios acu fiú cá bhfuil Wembley. Cois níor leag aon duine de na bitches istigh ariamh ann, ná ní leagfaidh go deo. Sin é anois agaibh é."

    Cuirtear ina shuí síos é, cúr cainte agus Guinness spréite lena bhéal.

    Bíodh ag an stair, a Mhichael. Kevin Teaimín a fhógraíonn air, é ag iarraidh foighne a chur ann. Tá cuid a’ainn ag iarraidh breathnú ar chluiche na hoíche anocht.

    Ach tá an fhírinne a’m, nach bhfuil? Níl sibh in ann a rá nach bhfuil. Nach beag nach mbuailfeadh Galway United iad? Ah …?

    John Paul, John Paul, pionta pórtair, maith an buachaill. Tá Johnny Rua théis a bhealach a staggeráil anall chuig an gcabhantar chugam.

    An bhfuil a luach a’d, a fhiafraímse de ag spochadh as.

    Tá a mhíle luach fágtha anseo ar an gcabhantar go minic cheana a’m, a mhac, a bhéiceann sé, sul má thuigeann sé gur ag magadh atáim. "Bhí luach a chuid pórtair ag Johnny Rua ariamh! Nach raibh? Nach é mo chuid airgidse atá ag cur greim in do bhéalsa, a mhaicín, atá de do chur isteach go Gaillimh ag university?"

    Johnny Rua! Dúin suas do chlab mór, maith an fear. Tá sacar ar siúl. Bhí Jim Mhicilín ag cur de, é ag iarraidh éisteacht leis an tráchtaireacht agus ag caitheamh súil chrosta trasna ar Johnny Rua. Casann Johnny timpeall, ag cur guaillí air féin go místuama.

    Sibh féin is bhur gcuid sacair, a phaca diabhal mímhúinte. Shílfeá gur leis a rugadh is a tógadh sibh.

    "Níor rugadh leath againne ar chor ar bith, a Johnny, a mhac. Nach amach as test tubes a tháinig muid."

    "Test tube babies, babe."

    "Bhuel cibé cé as ar tháinig sibh, tá sibh gan tógáil. Is níl maith do thada ionaibh. Ní bhuailfeadh an lot agaibh tóin bó le sluasaid. Búúú. Búúú."

    Johnny Rua, mura ndúna tú suas … Tá guth éicint eile nach n-aithním ag tacú le Jim. Buaileann spadhar Johnny Rua. Crágálann sé a bhealach amach i lár an urláir go meisciúil místuama, trasna idir an comhluadar agus an scáileán.

    "Suigh síos for fuck’s sake. Ní cairiócaí ar bith é seo a’d. Sí oíche Dé Luain oíche an chairiócaí."

    Ní shuífidh mé síos muis. Ní shuífidh mé síos nó go dtogróidh mé féin é. Amachaigí libh ar an bhféar plé! Osclaíonn Johnny Rua a sheaicéad, agus bíonn ag dul á chaitheamh de ach ní chaitheann. Tosaíonn ar amhrán, ag baint a thrí fhad as chuile fhocal.

    "Dá mbeinn trí léig i bhfarraige, nó i sléibhte i bhfad ó thír,

    Gan aon ní beo in mo ghaobhar …"

    Faraoir ghéar dheacair thú a bheith inár ngaobhar anseo anois …

    Faraoir gan tú báite agus curtha míle léig i bhfarraige.

    Agus do chorp ag na péiste is na portáin.

    " … ach raithneach glas is fraoch,

    An sneachta á shéideadh …"

    "Breathnaigh, a Johnny, níl Oireachtas ar bith ar siúl anseo, a mhac. Tá tú san áit mhícheart anois, bíodh ’fhios a’d.

    Bhí mise anseo romhaibh, a phaca diabhal, a bhéiceann Johnny Rua, é théis a anáil a tharraingt i lár véarsa.

    Ach ní bheidh tú ann inár ndiaidh.

    Ná b’fhéidir i bhfad eile, le cúnamh Dé.

    "Bhí muide anseo ariamh. Up an dream s’againne. Up na Flahertys. Diabhal ’fhios beo cé leis leath agaibhse anyways."

    Agus nach cuma linn. Sin é an chaoi is fearr é.

    Níl aon chall dúinn aird a thabhairt ar dhuine ar bith.

    Drochsheans gur le Johnny Rua muid ar aon chuma.

    Ná le Beairtlí Bhun an Bhaile, sin cinnte.

    … anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach díom …

    "Dúin suas do chlab mór, tá match ar siúl."

    Tá an Eurovision thart le seachtain, a Johnny, bíodh ’fhios a’d.

    Ní bhfaighidh tú aon vótaí anseo, a chréatúir.

    "And next, representing Ireland, all the way from the beautiful picturesque village of Corrownaglough, in the heart of the Connemara Gaeltacht – the final contender in this year’s Eurovision – please welcome Johnny Rua Flaherty."

    Cuireann John Paul Dhonnchú canúint air féin ag ligean air go bhfuil sé ag caint le trí mhilliún duine trí mhicreafón.

    "Johnny Rua dou point.

    Johnny Rua sanc point."

    … Is ag dul siar le hInse Ghainimh dúinn …

    Breathnaigh! Ní muide dream an raidió a’d ar chor ar bith, a Johnny. Níl muide ag tabhairt aon phingin duit as amhrán a rá dúinn. As ucht Dé ort agus coinnigh do chuid amhrán do dhream an raidió.

    "B’fhéidir dá ndéanfadh muid collection beag dó go ndúnfadh sé a bhéal. Dá mbeadh pláta an tsagairt againn."

    "Nó envelopes Mheitheal."

    An bhfuil aon phláta thart?

    Baineann John Paul Seoighe de a sheanchaipín speiceach gorm People in Need agus ligeann air féin go bhfuil á chur timpeall ó dhuine go duine go leibideach …

    "Dheamhan a bhfuil mé in ann aon phingin a mhealladh uathu seo dhuit, a Johnny, faraoir. Beidh tú chomh bocht is a bhí ariamh. Claibíní buidéil féin níl le fáil uathu. Tá siad chomh gortach, na jewannaí bradacha nó sin caithfidh sé nach maith leo do chuid amhrán."

    "Up Camden Town," a bhéiceann Johnny, véarsa eile dá amhrán críochnaithe ar nóta an-ard aige.

    Ar ndóigh, níl Camden Town ag imirt ar chor ar bith, a Johnny. Tá dul amú ort. United agus Bolton Wanderers atá ag imirt más maith leat fios a fháil air. Súr, níl foireann ar bith ag Camden Town.

    … is dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam …

    John Paul! John Paul! Screadann Michael Jó Beag orm, é éirithe ina sheasamh agus an canapaí caillte aige. "Cá bhfuil an remote control? Ardaigh suas an volume sky high nó beidh muid bodhraithe ag an mbastard seo."

    Johnny Rua! Johnny Rua! Ligim scread air, faitíos go ngabhfadh an rírá thar fóir. Gabh anall anseo, a chunt, nó doirtfidh mé do phionta síos sa sinc.

    Bearáil aríst an bastard.

    Cuir nimh ina phionta.

    Ní móide go maródh an nimh fhéin é.

    "Tabhair cúpla ecstasy dó a chuirfeas in aer é."

    Tagann Johnny Rua chugam, ag líochán a liopaí, é sásta go maith leis féin anois as rudaí a bheith curtha trína chéile aige.

    Le hómós do d’athair is do do sheanathair, a deir sé. Murach sin ní ligfinnse leo é. Paca scabhaitéirí.

    "Alright, a Johnny, alright, a mhac, a deirimse, tóg go réidh é. Ní bheidh an sacar sin ar siúl ar feadh na hoíche. Tá sé beagnach leath ama cheana féin, fan socair tamaillín eile, maith an fear. Féadfaidh tú neart amhrán a rá ar ball. Múchfaidh mise an scáileán dhuit ach a mbeidh an cluiche thart. Ócé."

    "Is nach mbeidh diabhal de chluiche éicint eile ansin air nó highlights slow motion boxáil nó …"

    Úúúú.

    "Ouchhhh!"

    Ciúnaíonn guthanna an chomhluadair go tobann, mar a stopfadh coscán carr. Feicim iad uile greamaithe den scáileán nuair a ardaím mo chloigeann. Tá imreoir éicint leagtha ina scraith ar an talamh. É istigh sa gcearnóg ar éigean, fillte ina dhá leath agus é á chasadh is á lúbadh féin le pian mar a bheadh eascann dhóite ann. Tá roinnt de na himreoirí eile agus stró orthu ag coinneáil a chéile siar.

    Bhí sé taobh istigh.

    Ní raibh sé taobh istigh.

    "Diveáil sé isteach. Nach bhfaca tú é."

    Breathnaigh aríst air. Spáinfidh an ceamara leataobhach é. Fan ort anois.

    Fan go bhfeicfidh tú an athimirt mhall. Nach bhfeiceann tú an líne! Caoch atá tú, an ea?

    Tá an réiteoir ag rith thart ó bhaicle go baicle imreoirí ina bhaileabhair – ag síneadh a mhéara go máistriúil agus an cárta buí á ardú go hard údarásach san aer aige. Tá an dochtúir foirne théis a chás dubh a oscailt agus é ar a leathghlúin ag freastal ar an té atá gortaithe – imreoir de chuid Bolton de réir dhath bán a gheansaí. Tá an dochtúir ag cuimilt a lámh síos agus suas ar a cheathrú dheas. Tarraingíonn amach a gheansaí as a bhríste peile agus cuimlíonn taobh a chorróige sul má spraeálann é le buidéal a mbíonn cúpla croitheadh tapa bainte as. Tarraingíonn sé amach an bríste peile ó bholg an imreora uair nó dhó mar a bheadh ag ligean aer úr isteach.

    Athraíonn pictiúr an scáileáin láithreach go dtí aghaidh mháistriúil fhuar an réiteora. Ní cic pionóis atá ann ach saorchic ar imeall na cearnóige. Tá an méid sin deimhnithe aige, é ag fágáil na n-imreoirí, an lucht fhéachana agus chomhluadar an bheáir scoilte ina dhá leath, iad réidh le dul i bpíobán a chéile. Ach níl aon amhras ar an moltóir faoina chinneadh. Brúnn sé chuile dhuine uaidh go dalba is a chloigeann go hard ceannasach san aer.

    Tá leath d’imreoirí United ag fás isteach ina líne dhíreach. Feicim iad, seisear acu ar leithead, ina mbrístí bána agus a léinte dearga, agus an cúl báire glórach taobh thiar díobh ag béiceadh orthu agus é ag sméideadh leis lena leathláimh nó go mbíonn eagraithe chun a shástachta. Fáisceann an seisear isteach lena chéile chomh dlúth teanntaithe agus go ngabhfadh do laidhricín i bhfostú eatarthu. Tá bosa a lámh tugtha le chéile acu ina gcupáin chosanta os comhair a gcuid magairlí …

    Tá imreoirí éagsúla de chuid Bolton ag dul i gcomhar le chéile, dá séipeáil féin suas leis an gcic a thógáil. Tosaíonn an rith … an rith bréige … an rith leataobhach …

    Cúúúúl! Ar bhealach éicint tá an liathróid báite san eangach, théis claonadh de ghualainn imreora sa mballa cosanta is cosúil. Ach is cuma. Tá sí istigh. Sin cinnte. Í aimsithe láithreach agus méadaithe ag súil mhór an cheamara thrí chearnóga na heangaí. Léimeann an leath mhór dá bhfuil i láthair sa bpub ina seasamh ag ceiliúradh go caithréimeach agus ag cur na háite trína chéile go clamparach callánach. Ní móide go bhfuil ag breathnú ar an scáileán anois nó in ann é a fheiceáil leis an éirí in airde ach mé féin … Feicim an scórálaí ag ardú a lámh san aer go buacach. Fear an-óg atá ann, timpeall scór bliain d’aois, uimhir a naoi ar a dhroim, gruaig fhionn réasúnta fada air. Ritheann sé siar ar chúl an chúil agus ansin i leathchiorcal i dtreo na taobhlíne. Tá scata de na himreoirí eile á leanacht, ar a míle dícheall ag iarraidh teacht suas leis. Iompaíonn sé thart os a gcomhair ansin agus léimeann duine acu isteach ann – ag scaradh a chos, á ardú féin den talamh de thruslóg amháin, ag breith barróige air agus á phógadh go díograiseach. Is gearr go mbíonn siad tite ar an talamh agus ceathrar nó cúigear eile carntha ina mullach, iad burláilte ina snaidhm ollmhór fháiscthe de chosa, de lámha is de chloigne. Nuair a scarann siad óna chéile ina nduine is ina nduine déanann an scórálaí a bhealach ar ais chuig a ionad féin ar an bpáirc, na himreoirí nár theagmhaigh leis go dtí seo á bhualadh go ceanúil moltach sa droim, ag leagan a lámha ar a ghuaillí, ar a chloigeann agus ag fí a gcuid méaracha trína chuid gruaige …

    Ach níl baol ar chomhluadar an bheáir socrú síos fós. An leath bhuacach ag baint faid as an ócáid. Iad ag déanamh comhghairdeachais lena chéile. Tá lámha á n-ardú san aer, screadanna agus liúnna á ligean, doirn á dtomhais. Swingeálann John Paul Dhonnchú a scairf san aer, le teann sásaimh is diabhlaíochta chomh bríomhar is dá mbeadh sé i láthair ag an gcluiche. Tá John Paul Seoighe ag iarraidh é a choinneáil amach as a chuid súl. Caitear glac beermats suas san aer agus cuirtear leath acu ar foluain ar fud an bheáir ina gceann agus ina gceann mar a bheadh frisbís ann. Déanann ceann acu poillín in airde ar speic chaipín Johnny Rua sul má thiteann síos i mullach a phionta ag léimneach dá shrón ar an mbealach. Éiríonn sé ina sheasamh go corrach ag fiafraí cé a chaith é agus á ordú amach ar an urlár ar an bhféar plé. Cuirtear ina shuí aríst é ag rá leis ciall a bheith aige agus gan bacadh leo …

    Beidh amhrán a’ainn, mar sin, a deir sé, le teann bioráin ar na bastardaí seo thall. An t-amhrán sean-nóis is faide agus is breátha dár dúradh ariamh, déarfaidh mé féin daoibh anois é. Ó mo sheanathair, beannacht dílis Dé lena anam is le hanamacha na marbh ar fad – leagann sé lámh ar speic a chaipín – a fuair mise é. Cuirfidh mé cúig amhrán eile isteach ann sul má bheas críochnaithe a’m, a fhógraíonn sé, "le barr feabhais a chur air agus le fad a bhaint as don chlean seo thall. Silence anois. Silence, now, a deirim. Listen to me please. Only one voice."

    Is síleann céad fear gur leo féin mé, nuair a ólaim leann …

    Baineann an réiteoir trí shéideog ghearranálacha as a fheadóg, ag fógairt leath ama …

    … Is go dtéann dhá dtrian síos dhíom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom.

    Cibé cé a chum an t-amhrán siúd ag Johnny Rua, ba cheart é a chaitheamh.

    Agus cén chaoi ar féidir é a chaitheamh agus é caillte cheana féin le b’fhéidir trí chéad bliain nó níos faide.

    Is dá gcaithfí féin é nach mbeadh an t-amhrán i gcónaí ann.

    Ní bheadh dá gcaithfí é sul má chum sé an t-amhrán. B’in an t-am ceart lena chaitheamh.

    Ach ní raibh mórán gunnaí ar bith an uair sin ann. ’Sé an chaoi a gcaithfí é a chrochadh nó …

    "Mallacht Dé do dhream an Oireachtais anyways."

    Mallacht Dé aríst dóibh. Murach an seanchupáinín seafóideach sin a chaith siad aige an bhliain cheana, ní bheadh a leath oiread táirim air ag imeacht.

    É ag ceapadh anois gur cheart do chuile dhuine éisteacht leis chuile uair dá n-osclaíonn sé a bhéal.

    Féach an gimp atá anois air. An fad atá sé a chur ina mhuineál mar a bheadh coileach ann. Mar a bheadh an t-amhrán ag tarraingt ina choinne.

    "Gabh anonn agus abair leis nach bhfuil sean-nós ar bith aige, gur le fabhar a bhuaigh sé an tOireachtas, gur thug siad dó é le trua mar go raibh siad fed up ag breathnú air ag teacht chuile bhliain is gan tada dá bharr aige."

    "Cén bhrí ach is measa a chuid amhrán ná… ná… ná droch-chountry and western."

    "Abair leis nach óna sheanathair a fuair sé na hamhráin ar chor ar bith, ach gurb amhlaidh a d’fhoghlaim sé ón transistor iad a bhíonn istigh ina chluais aige amuigh sa ngarraí agus é ag lánú fataí."

    Nach ó dhream Donegal a d’fhoghlaim sé na hamhráin, nach in é an fáth nach féidir é a thuiscint.

    "Ba cheart é a chur suas go Donegal ar tour fada agus cead an diabhail aige fanacht thuas uileag ann."

    "Ní hea ach é a chur anonn don Iodáil as an mbealach ag touráil in éineacht le Pavarotti."

    "Sea. Dul ar world year-long tour in éineacht le Pavarotti."

    Gan bacadh le theacht ar ais aríst go deo.

    Bainfidh muide na fataí dó, abair leis.

    Blífidh muid an bhó dhó, agus réiteoidh muid an lao.

    Agus an dá ghadhar agus na trí chat.

    Bhainfeadh sé féin agus Pavarotti an-cheart dá chéile, cinnte, déarfainn.

    D’fheicfeadh muid anseo ar scáileán MTV iad. Bheadh a chloigeann mór thuas ansin os ár gcionn ag breathnú anuas orainn.

    "Muide anseo ag waveáil suas air."

    Johnny Rua s’againne.

    "Croch suas é, a Johnny Rua! Croch suas é, tú féin agus Pavarotti. Duet anois."

    Is ní thuigfidh aon duine ceachtar acu.

    "Is nach cuma. Sin é an chaoi is fearr é. Tá go leor de na seanamhráin sin ródepressing le tuiscint ar aon nós."

    "Ní aithneoidh daoine an bheirt acu thar a chéile, nuair a bheas culaith mhoncaí, léine bhán agus dicí bow ar Johnny Rua."

    "Aithneoidh, go deimhin, mar bí cinnte go bhfágfadh an fear s’againne lorg a mhéaracha brocacha sa gcollar inti."

    Caithfidh sé an caipín speiceach a fhágáil sa mbaile, déarfainn.

    "Ceannóidh siad wig dó, is dóigh."

    Agus an píopa …?

    "Caithfidh sé naipicín bán a bheith ina láimh aige, má tá sé le bheith in éineacht le Pavarotti agus é a bheith á chroitheadh is á waveáil san aer ach a mbeidh sé ag gabháil fhoinn."

    Ach cá bhfaigheadh Johnny Rua bocht naipicín bán.

    "Tugadh sé leis ról toilet paper as na jeaics ansin thiar. Bainfidh sé píosa fada as."

    "Is beidh pictiúr dá straois crochta chuile áit ach a mbeidh sé ina star mór."

    Caithfidh sé a bhéal a choinneáil dúnta ionas nach mbeidh ’fhios acu go bhfuil sé leathmhantach.

    "Cén chaoi a bhféadfaidh sé smileáil sna pictiúir mar sin?"

    "B’fhéidir go gcuirfeadh na promotors drad false teeth isteach dó."

    Tiocfaidh slua turasóirí go Ceathrú na gCloch ag breathnú ar an áit ar rugadh é.

    Go bhfeicfidh siad an phrochóigín bheag bhrocach de bhothán inar tógadh é.

    "Níor mhór dóibh wellingtons maithe a thabhairt leo le dul síos an bóithrín sin."

    "Ní hea, ach wellingtons a mbeidh mudguards orthu."

    Báfar sa bpuiteach iad.

    "Ní bháfar. Beidh a phrivate jet féin aige lena dtabhairt ann cosúil le Michael Jackson ach a mbeidh sé ina mhillionaire. Ag flyáil go hard thar an bpuiteach a bheas sé ansin."

    "Ach a mbeidh an Eoraip siúlta aige caithfidh sé dul ag touráil ar fud an domhain."

    Ní bheidh Ceathrú na gCloch leath sách maith aige níos mó.

    Ná muide sách maith aige le hamhráin a rá dúinn feasta.

    Beidh air fanacht i San Diego, b’fhéidir?

    … nó fanacht i Santa Cruz.

    " … nó fanacht i San Francisco agus na queerannaí a joineáil."

    Haidhe! Haidhe! Maróidh mé an bheirt agaibh. Ó scliúchas amháin go scliúchas eile, a dúirt mé liom féin ar fheiceáil Oisín agus Jason dom ag réabadh leo is ag marú a chéile i mo sheomra leapa. Théis cúpla bliain eile sáróidh sibh an geaing thíos sa mbeár.

    Ní raibh a fhios againn go mbeadh tú ar ais chomh luath seo. Tá léine bhán de mo chuid, síos go rúitíní, iompaithe siar ar Jason – meangadh ciontach ceanndána ar a bhéal.

    Cheap muid go raibh tú imithe amach, a bhéiceann Oisín ag rith go dtí mé agus ag léimneach suas orm.

    Ní raibh mé imithe áit ar bith. Thíos sa mbeár a bhí mé ag obair. Léimeann Jason é féin go fiáin sa mullach ansin orm. Titim ar an leaba fúthu.

    Anois céard atá ar siúl agaibhse anseo, a bhuachaillí? Mé ag tabhairt suntais de mo leaba a bhí struipeáilte, agus mar a bheadh campa déanta os cionn ráillí na leapa de cheann de na braillíní.

    Cé a thug cead daoibhse campa a dhéanamh de na braillíní? a d’fhógair mé, mé ag breathnú ó dhuine go duine agus ag ligean orm féin go raibh mé crosta.

    Sin séipéal! Sin séipéal! a fhógraíonn Jason agus é ag gáire fúm.

    "Ní campa ar bith é sin. Tá tusa silly. Cheap tú gurb in campa."

    Séipéal, a deir mé. Ach cé le haghaidh séipéal? An bhfuil sibh ag dul ar Aifreann nó rud éicint?

    Ní raibh muid ach ag spraoi. Bhí Oisín ag dul ag pósadh.

    Ó!

    Agus sin é an fáth a raibh do léine bhán air, mar ghúna pósta, agus bhí séipéal déanta againn …

    Agus cé a bhí sé ag dul ag pósadh?

    Féachann Jason ar Oisín. Tosaíonn sé ag sciotaíl.

    Ní raibh muid ach ag ligean orainn féin.

    Ní raibh muid ach ag spraoi.

    Dúirt Deaideo linn go raibh tusa ag imeacht amárach.

    Ba cheart duit fanacht anseo linne.

    Tá tú ag dul suas go Bleá Cliath, nach bhfuil? Tá Jason bródúil as an eolas a bheith aige.

    Táim, a deirimse.

    Bhí a fhios againn go raibh tú ag dul go Bleá Cliath!

    Céard a bheas tú ag déanamh ann?

    Tada.

    Caithfidh tú a bheith ag déanamh rud éicint.

    Ó, ag siúl thart, a d’fhreagair mé, ag siopadóireacht, b’fhéidir, agus cuartaíocht ar chairde.

    An mbeidh tú ag fanacht le hAint Kate?

    Beidh.

    An t-am ar fad?

    Breathnaígí anois, a bhuachaillí. Is measa sibh ná Mamó ag cur ceisteanna. Éirígí as. Tá sé théis a dó dhéag agus in am ag buachaillí beaga dul a chodladh.

    D’inis Mamó rud éicint dúinne fútsa.

    Ó, ar inis anois? Is nach mbíonn Mamó ag inseacht scéilíní do chuile dhuine gach lá.

    D’inis sí dúinn cén fáth a raibh tú ag dul go Bleá Cliath. Bíonn Jason ag gáire.

    Téann an bheirt i gcogar sceitimíneach le chéile, iad ag sciotaraíl leo.

    Bhí sí ag rá linn ceist a chur ort.

    "Dúirt sí … Dúirt sí … b’fhéidir go bhfuil girlfriend agat ann."

    Go bhfuil céard? a iarraim go haineolach mar dhea, fios maith agam chomh luath agus a bhí an cheist curtha agam nach ligfí liom.

    "An bhfuil girlfriend agatsa?"

    "Girlfriend agamsa!"

    An mbeidh sibh ag dul ag pósadh? Gáireann Oisín.

    "An féidir liomsa a bheith i mo phageboy."

    "Ar dhúirt mise go bhfuil girlfriend agam? a deirimse. Tá sibh ag ceapadh rudaí anois."

    Dúirt Mamó go dtéann tú go Bleá Cliath go minic.

    Ach ní bhíonn Mamó in éindí liom agus mé i mBleá Cliath. Is níl sí in ann mé a fheiceáil as seo, an bhfuil? Mé ag rá buíochas mór le Dia faoi m’anáil.

    Ach tá ’fhios ag Mamó chuile shórt.

    Má tá ’fhios aici chuile shórt, cén fáth ar dhúirt sí libh ceist a chur ormsa? Anois!

    "Ní dúirt tú linn nach raibh girlfriend agat, so caithfidh sé go bhfuil."

    An gcaithfidh anois!

    Cén t-ainm atá uirthi?

    Ní inseoidh mé dhaoibh.

    Ach caithfidh tú é a inseacht dúinn.

    Ó, an gcaithfidh?

    Caithfidh.

    Agus céard a dhéanfas sibh mura n-inseoidh?

    Iompóidh muid a bhfuil sa seomra seo bunoscionn ort. Oisín a labhair, gáire díoltasach an mhí-ásaí ar a aghaidh.

    Bhuel, ní chaithfidh agus ní inseoidh. Sin sin, mé ag labhairt go crosta aríst mar dhea.

    Cén fáth?

    Mar níl mé ag iarraidh.

    Ach tá muide ag iarraidh.

    Is cuma fúibhse.

    Ní cuma.

    Insíonn muide chuile shórt duitse.

    Faraoir. Tomhaisigí a hainm mar sin, má tá sibh chomh glic sin.

    Mise i dtosach. Mise i dtosach … Nóirín.

    Ní hea.

    An bhfuil tú cinnte?

    Táim.

    Áine.

    Ní hea.

    Sandy.

    Ní hea. Nach in ainm madra?

    Ach is ainm cailín é freisin. Tá cailín … Sandy sa scoil s’againne…. Patricia.

    Ní hea.

    Carmel.

    Ní hea.

    Bridie.

    Ní hea.

    Mary.

    Ní hea.

    … Caithfidh tú inseacht dúinn.

    "Ach nach ndúirt mé libh nach bhfuil aon ghirlfriend agam, is ní féidir libh a hainm a thomhais. So, níl a leithéid ann."

    Ach tá. Caithfidh sé go bhfuil.

    "Nach mbíonn girlfriend ag chuile dhuine?"

    Sínte sa leaba dom, cloisim taobh amuigh den fhuinneog go glórach iad, blas meisciúil an óil ar chuile fhocal is ar chuile abairt dá gcuid cainte. Níl aon chruóg abhaile orthu cinnte. Iad ag ól six packs is cosúil. Tá Johnny Rua fós ag gabháil fhoinn, iad ar fad á ghríosadh anois, ag iarraidh air an t-amhrán seo is an t-amhrán siúd a rá. Aithním guth Mhichael Jó Beag ina measc, agus tá Kevin Teaimín é féin ann. Tá Johnny Rua, dá ainnisí é, ag déanamh a dhíchill dóibh, is cosúil. Is é príomhaoi agus croí an chomhluadair go cinnte anois é. Agus is léir go bhfuil sé ag baint fíorshásaimh as chuile nóiméad de, fiú má tá na cosa ag lúbadh faoi. Ligeann sé liúnna áthais óil idir na véarsaí fadálacha stadacha agus moltar dó go rialta a chosa a choinneáil faoi. Tugtar cúnamh dó caithfidh sé. Feicim le súile m’intinne iad cruinnithe timpeall air mar a chonaic le mo shúile cinn go minic cheana. Tá duine chaon taobh de, is dóigh, á choinneáil ina sheasamh: duine eile fós i ngreim láimhe go fáisciúil ann dá windáil, mar a bheadh ag windáil an amhráin ina shruthanna garbha amach as. Is deacair dhá fhocal as a chéile a thuiscint go soiléir uaidh. Ach is cuma.

    Táim ag súil agus ag guibhe Dé nach ndúiseoidh an rírá na gasúir atá ina gcodladh chaon taobh díom. Shílfeá gur mé a n-athair an chaoi a ngreamaíonn siad díom aon uair a dtagann siar ar cuairt chugainn …mé sáinnithe eatarthu anois mar a bheinn istigh i dtrap ann – cosa Jason caite trasna orm agus Oisín ina luí go místuama ar mo leathláimh ionas go bhfuil leisce orm í a chorraí go n-iompóidh sé féin uaim faitíos go ndúiseoinn é.

    Nach mbeidh mo leaba ar fad acu dóibh féin an t-am seo amárach, a smaoiním, is mé ag iarraidh titim in mo chodladh, bíodh éinne ina luí trasna ar mo láimhse nó ná bíodh …

    Aoine chrosach an Chéasta. An lá is leadránaí dár chruthaigh Dia, nó dár chum an duine. Lá duairc a dhéantar dorcha d’aon ghnó, ar nós mar a tharraingeodh duine dallóg fuinneoige i lár an lae, gan mar aidhm lena ghníomh ach go bhféadfadh iad a oscailt aríst chun an solas a ceileadh tamaillín a athghlacadh. Gach áit dúnta i gCeathrú na gCloch. Rud éicint aisteach ciúin, chomh ciúin ciontach sin ag baint leis an lá – mar a bheadh faitíos ar dhaoine labhairt go hard, gáire croíúil a dhéanamh nó liú áthais nó dóchais a ligean. Mar a bheadh drogall leisciúil ar dhaoine sásamh d’aon chineál a bhaint as an uair. Mar a bheadh daoine ag mothú ciontach náireach faoi go bhfuil beo nó faoi nach bhfuil ag fulaingt.

    Ach tá áthas croí ormsa a bheith ag gliondáil inniu, ráille a bhualadh, agus imeacht liom as an n Goddamn place seo. Deireadh seachtaine fada i mBleá Cliath. Deireadh seachtaine inar féidir liom imeacht liom amach as garraí gabhainn mo mhuintire agus mo bhaile.

    Ar an traein dom tá áthas orm suíochán a fháil liom féin. Tá compóirt agam. An fhairsinge timpeall orm is cúis leis, is dóigh. Agus gan aithne a bheith agam ar dhuine ar bith. Cé go bhfuil daoine ina suí trasna uaim, níl éinne brúite isteach sa mullach orm. Tá uain agam blaiseadh de mo spás féin anseo. An faoiseamh atá le fáil as an méidín sin féin. Gan fonn orm léamh ná fiú éisteacht le ceol, cé go bhfuil mo walkman liom i mo mhála. Easpa codlata na hoíche aréir b’fhéidir. Scíth bheag roimh dheireadh na seachtaine atá uaim anois. Chun go mbeidh fuinneamh úr agam. Searraim mo chosa agus ardaím suas ar an suíochán os mo chomhair iad ainneoin an fholáirimh – seats are not for feet – le m’ais ar phlána dúbailte na fuinneoige. Dúnaim mo shúile, ag diúltú don chomhrá briste trasna uaim, amach sna suíocháin romham, taobh thiar

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1