Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Ré
Ré
Ré
Ebook90 pages1 hour

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Príomhcharachtar gan ainm i gcathair anaithnir - an t-aon dá rud is féidir a bheith cinnte fúthu, b'fhéidir, sa scéal seo. Caitheann sí a saol le ceo ar a hintinn nach féidir (nó nach mian léi?) éalú uaidh. Mionléiriú ar chás an té a bhfuil smacht caillte aici ar a timpeallacht ach nach léir céard is cúis leis.

A main charachter without a name in an ambiguous town -perhaps the only two things that are certain in this story. She spends her life with a foggy mind that she can't (or doesn't want to?) escape from.

LanguageGaeilge
Release dateMay 1, 2012
ISBN9781909367302
Ré
Author

Daithí Ó Muirí

Gearrscéalaí é an t-údar Daithí Ó Muirí, a bhfuil ceithre chnuasach gearrscéalta foilsithe aige, Seacht Lá na Díleann, Uaigheanna agus Scéalta Eile, Cogaí, agus Ceolta. Tá cónaí ar an údar i gCois Fharraige. Daithí Ó Muirí is a short story writer and a novelist. He has published four short story collections, Seacht Lá na Díleann, Uaigheanna agus Scéalta Eile, Cogaí, and Ceolta. He recently published the novel Ré. He lives in the Gaeltacht of Cois Fharraige.

Related to Ré

Related ebooks

Reviews for Ré

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    - Daithí Ó Muirí

    Gaillimh.

    1

    Bhí mé in ísle brí. Uair an chloig roimh am scoir a rinne mo dheirfiúr an choinne liom. Bhí rud éigin le plé aici, rud nach bpléifeadh sí liom ar an bhfón. Síos liom san ardaitheoir (ag obair ar an gceathrú hurlár a bhí mé, i mbanc tráchtála) agus bhí sí romham ar cheann de na toilg leathair, leathlámh ag útamáil lena fón póca, leathlámh ag casadh na leathanach ar iris lándaite a chaith sí ar leataobh sular sheas sí.

    Tá an gúna sin áiféiseach, a dúirt sí de chogar tar éis súil a chaitheamh síos suas orm, cár cheannaigh tú é?

    Níor mhínigh mé di gurb éigean gléasadh mar seo chun obair in áit mar sin – bhí a fhios aici cheana. D’iontaigh mé uaithi chun slán a fhágáil ag an bhfáilteoir, a rinne meangadh cairdiúil liom (bhí ainmneacha a chéile dearmadta againn arís) sular chaith sí súil síos suas ar mo dheirfiúr – seaicéad leathair agus sciorta gearr a bhí uirthi (ag obair i leabharlann phoiblí a bhí sí). Amach ar an gcosán linn.

    Bhuel, a dúirt sí, cén áit, mar sin?

    Bhreathnaigh mé ar dheis suas an tsráid mhór fhada, ar éigean a bhí mé in ann an bosca fóin ag a barr a aimsiú tríd an slua coisithe. Bhreathnaigh mé ar mo dheirfiúr, a bhí ag breathnú idir an dá shúil orm, ansin bhreathnaigh mé ar chlé.

    Ansin, a dúirt mé.

    Síos linn beagnach chomh fada le bun na sráide, áit a raibh beár beag (cuma an rachmais air), ceangal éigin aige leis an óstán mór in aice leis agus os a chionn. Mhínigh mé gur mhol comhghleacaithe liom sa bhanc é, gur chosúil go mbíodh sé bríomhar go leor ar an Aoine tar éis na hoibre (Máirt a bhí ann). Isteach linn.

    Ba dheacair do na súile dul i dtaithí ar a dhorcha is a bhí sé istigh, na boird a dhéanamh amach, na cathaoireacha, na toilg sna cúinní, na lampaí faoi scáthláin thiubha ar na ballaí. Freisin, ba dheacair do na scamhóga (mo scamhógasa – bhí mo dheirfiúr tar éis toitín a dheargadh ar an tsráid) dul i dtaithí ar dheatach na dtoitíní – ar éigean a bhí na geoláin ar an tsíleáil ag casadh. Bhí an áit beo le daoine (fir den chuid ba mhó) agus comhrá glórmhar ar bun acu, iad ag scairteadh gáire (cheapfá gurbh é lár na hoíche é), na seaicéid oifige caite díobh ar chúl na gcathaoireacha nó ar an urlár, carbhait scaoilte, cnaipe nó dhó in uachtar na léinte freisin, iad ina suí, ina seasamh, cuid acu crochta ar an gcuntar agus ar a chéile, duine ag luascadh anseo, i mbaol titim ansiúd, na boird lán le buidéil de gach saghas, gloiní de gach saghas freisin, gloine fholamh anseo agus slis líomóide ina tóin, ansiúd gloine leathlán agus bun toitín ar snámh inti, na luaithreadáin ag cur thar maoil i ngach áit.

    Is cosúil go bhfuil gach duine óltach anseo, a dúirt mé.

    Bhí orm seasamh ar leataobh chun bean a sheachaint – í ag siúl ar gcúl, trí bhuidéal agus trí ghloine lána (beagnach lán – braonta móra ag sileadh ar a bróga faiseanta) i ngreim místuama aici, stumpa de thoitín fáiscthe i gcúinne a béil, an deatach ag dul suas a srón, leathshúil dúnta aici, leathshúil eile géaraithe agus rud éigin doiléir á rá aici le duine éigin, áit éigin.

    Bhain muid an cuntar amach. An freastalaí (léine bhán le muinchillí gearra, bástcóta agus carbhat marún – ghlac mé leis gurbh é fear dáilte na dí é), taobh amuigh den chuntar a bhí sé, é tagtha amach agus siúlta anonn chuig bord a raibh ceathrar fear timpeall air agus iad ag caint in ard a gcinn (cé nár chosúil gur achrann é), gan oiread is duine acu ag tabhairt aird ar a chéile gan trácht ar an bhfreastalaí a thosaigh ag caint in ard a chinn freisin, ach ag iarraidh iad a chiúnú a bhí seisean.

    Is dóigh go mbeidh orainn fanacht, a dúirt mo dheirfiúr, gabhfaidh mise chuig an leithreas, mar sin.

    D’imigh sí, d’fhan mise ag an gcuntar, d’fhan an freastalaí ag an mbord thall, an ceathrar ag scairteadh gáire anois, é féin ina thost lena lámha fillte ina chéile agus an chosúlacht air nach mbogfadh sé ón spota. Shiúil mé anonn chuige ach rug duine den cheathrar ar mo lámh, ar chaol mo láimhe clé, d’éirigh óna chathaoir, chaith siar a chloigeann agus thosaigh ag canadh. Thuig mé nach raibh aon dochar ann ach ní scaoilfeadh sé liom, lean air lena amhrán, rud mall éigin, bhí glór binn ceilte ann áit éigin ach é bailithe óltach, an fonn curtha as riocht, fad á bhaint aige as na gutaí, na focail doiléir, rithim amú, ach ainneoin sin é lándáiríre faoin amhrán, súile dúnta, a thriúr comrádaithe ag caochadh súl ormsa agus á spreagadh le frásaí beaga dothuigthe.

    D’éirigh liom éalú. Ar ais ag an gcuntar bhí an freastalaí (é fillte agus cantal air) ag cur de go ciúin le bean óg (léine bhán, bástcóta agus carbhat marún uirthise freisin) ina suí ar stól ard taobh amuigh den chuntar, gloine á líonadh aici as buidéal ina lámh chlé, toitín ina béal, nach raibh lasta.

    Más é do thoil é, a dúirt mé leis an bhfear, an bhfuil an buidéal Guzar agaibh anseo?

    Níl.

    Lucht ólta Guzar, téann said i dtaithí ar an bhfreagra seo, go háirithe i mbeáranna a bhíonn ag freastal ar lucht oifigí, lucht gnó, lucht an fhaisin – an fáth nach dtaobhaím a leithéid de thithe óil de ghnáth. D’ordaigh mé dhá bhuidéal de leann éigin eile.

    Déarfainn go bhfuil breis is do dhóthain ólta agatsa agus ag do cheathrar comrádaithe thall ansiúd, a dúirt sé.

    Bhí orm a mhíniú dó faoi dhó go raibh dul amú air, go drogallach a ghlac sé leis ar deireadh agus ansin d’ordaigh sé don bhean óg freastal orm agus amach leis chun suí ar an stól ard, agus a toitín sise, a bhí leagtha go cúramach aici ar an gcuntar idir a gloine agus lastóir (bán is marún), a lasadh fad is a bhí sise ag freastal orm. Drochfhreastal – tá bealach ceart agus cuí chun buidéal leanna a oscailt, chun é a dhoirteadh amach, níor cheart an buidéal a fholmhú go hiomlán síos sa ghloine, tá gloine chuí ann freisin agus níor fhiafraigh sí díom an raibh leac oighir uaim (ní raibh), slis líomóide nó toradh éigin eile agus ina dhiaidh sin bhí orm a rá léi gur dhá bhuidéal a bhí ordaithe agam. Lig sí osna.

    Níl aon cheann eile díobh seo fanta, a dúirt sí – ní liomsa ach leis siúd taobh amuigh den chuntar (an toitín leathchaite aige).

    Thíos san íoslach ar an tríú seilf ar chlé, a dúirt seisean.

    D’imigh sí. Shocraigh mé dul chuig an leithreas. Shiúil mé go dtí an balla thall (sheachain mé an ceathrar – iad uile ag canadh anois), bhreathnaigh thart, chas ar chlé, shiúil agus comhartha leithris á chuardach agam nó doras éigin, chas ar dheis, tada, shiúil liom timpeall coirnéil, ansin suas ceithre chéim agus b’in doras le pláta práis greamaithe de, lámha á níochán faoi bhraonta uisce.

    Ach ní osclódh an doras, pé casadh deiseal ná tuathal a thug mé don mhurlán, tharraing, bhrúigh, thóg coiscéim siar, d’athscrúdaigh an pláta práis, thug faoin murlán arís – in aisce.

    Taobh liom bhí sraith eile céimeanna, staighre suas go dtí seomra in uachtar le beár eile, nó seomra itheacháin éigin – bhí glórtha anuas chugam, soithí cré, miotail, gloine á mbualadh faoina chéile, ceol éigin. Suas liom.

    Seomra fairsing go leor a bhí ann, roinnt cathaoireacha uilleann scaipthe thart, boirdíní tríchosacha agus tolg leathair os

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1