Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Dílis
Dílis
Dílis
Ebook130 pages2 hours

Dílis

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

These stories are grounded in everyday life in its raw and tragic beauty. A loyal woman betrayed, another coming to terms with rape and her stolen childhood. Children carrying secret parcels and a man reflecting on his life as it comes to an end. Collected in the pages of this book readers will find love, heartbreak and revenge, death and sadness, the innocence of youth and the loss of that innocence. Sometimes life lifts us up. Sometimes it leaves us broken. Sometimes it does both. Cnuasach gearrscéalta le scríbhneoir nua. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhair seo tá téamaí casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil. Is iomaí cor a chuireann an saol di agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo.

LanguageGaeilge
Release dateOct 1, 2015
ISBN9781784441456
Dílis
Author

Réaltán Ní Leannáin

Réaltán Ní Leannáin is originally from Belfast and lives in Dublin. This is her first collection of short stories. Her short story 'Clic' – which is featured in this collection – won first place in Comórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine in 2014. Her story 'Dílis' which is also featured in this collection, won a prize in Comórtas Liam Mhic Uistín in 2013. Coiscéim published a collection of her poetry in 2011 titled Turas Ailse. Réaltán's writing can also be found on her blog: turasailse.blogspot.com

Related to Dílis

Related ebooks

Reviews for Dílis

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Dílis - Réaltán Ní Leannáin

    Aerfort

    Dílis

    ‘Tá mé ag iarraidh a bheith i mo Chaitliceach, a Mham.’

    Thóg Heather na pónairí óna hiníon, Wendy. Seacht mbliana d’aois. Rístuama.

    ‘Agus cad chuige a bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do Chaitliceach?’ Bhrúigh sí an canna siar go cúl an chófra agus thug sí spléachadh ar an am ar a fón póca. B’fhearr don bheirt acu deifriú le bheith in am do Girls’ Brigade.

    ‘Is Caitliceach í Maggie, agus tá an gúna is gleoite amach is amach aici; chonaic mé inné é.’

    ‘Ach níl aici ach an t-aon lá amháin lena chaitheamh, ar ndóigh?’

    Shleamhnaigh Heather an t-anlann korma isteach sa chófra taobh leis an channa pónairí.

    ‘Domh an próca biatais, a chroí.’

    Chroith Wendy a cloigeann fionn agus shéid sí ribe fánach óna súil.

    ‘Tá sé gleoite ar fad ar fad, agus ní lá amháin atá i gceist. Caitheann sí ar Shatharn an Chéad Chomaoineach é, agus arís ar an Domhnach, an lá dár gcionn, agus ar scoil an Luan sin chomh maith, faoi choinne grianghrafanna agus agus –’

    ‘Agus sin é.’

    ‘Is cuma! Tá mé ag iarraidh a bheith i mo Chaitliceach! Tá mé ag iarraidh gúna bán! Deir Liam –’

    ‘Ná creid gach focal amach as béal Liam.’ Dingeadh mála rís basmati idir an t-anlann korma agus bosca paiprice.

    ‘An bhfeicfimid arís é, a Mham?’

    ‘Aon phrócaí eile fágtha ansin, a chroí?’

    ‘Níl, a Mham. An ndearna muid rud inteacht cearr ar Liam?’

    D’amharc Heather idir an dá shúil glas uirthi.

    ‘Ní dhearna, a thaisce, ní dhearna muidinne rud ar bith cearr ar chor ar bith. Rud ar bith. An cuimhin leat gur imigh Deaidí a chónaí le June agus babaí Lindsey?’

    ‘Is cuimhin.’

    ‘Ní dhearna muidinne aon rud ar Dheaidí le go n-imeodh sé, an ndearna?’

    Chroith Wendy a cloigeann.

    ‘Bhuel, is amhlaidh nach ndearna muid aon rud ar Liam. Anois, domh an spaigití ón mhála sin thall, a stór.’

    ‘Níl cead ag Maggie spaigití a ithe nuair atá an gúna á chaitheamh aici. An bhfuil spaigití Protastúnach?’

    ‘Níl, a rúin. Ní bhíonn bia Caitliceach ná Protastúnach. Níl ann ach go bhfuil Mamaí Mhaggie ag iarraidh an gúna a choinneáil glan nuair nach bhfuil sé ar Mhaggie ach cúpla lá!’

    Lig Wendy osna.

    ‘Dá mba agamsa a leithéid de ghúna chaithfinn é gach uile lá dá raibh mé beo.’

    Tharraing sí anall mála mór prátaí chuig Heather agus chuir sí siúd sa chófra faoin doirteal é. Chrom Wendy isteach chuig cluas a máthar agus chuir sí cogar ann, ‘Tá péarlaí ar na muinchillí aici.’

    ‘Caithfidh go bhfuil sí iomlán álainn.’

    Chrúc Heather méar tríd an eangach oinniún lena chur sa chuisneoir. Ón taobh eile de dhoras an chuisneora chuala sí an guth beag ag leanstan leis:

    ‘… agus parasol. Sin scáth fearthainne ach don ghrian. Tá sé bán fosta, agus rufa agus sequins airgid air. Agus lámhainní. Agus bróga bána. Agus stocaí bána. Agus caille.’

    Ag brú na bpiobair isteach i lámh a máthar, thairg sí di cromadh síos. Rinne Heather amhlaidh agus stán a súile liatha féin isteach i súile liatha caointeacha. ‘An dtig liom caille a bheith agam, a Mham, le do thoil? Le do thoil thoil thoil?’

    Dhruid Heather na súile ar feadh soicind. Rinne sí machnamh.

    ‘Seo anois. Seo an rud a dhéanfas muid, tá seanchúirtíní net againn sa gharáiste. Déanaimis caille as ceann acu sin, do bharúil?’

    Lig Wendy guldar lúcháire aisti.

    ‘Anois?’

    ‘Chan anois, inniu Déardaoin, lá Girls’ Brigade. Nuair a ghabhfas muid ar ais abhaile. Anois féin ba mhaith liom dá dtabharfá trasna an cháis agus an t-iógart, más é do thoil é, a Wendy. Sin an ghirseach mhaith. Thig linn na cúirtíní net a chuartú nuair a bheas Girl’s Brigade thart anocht.’

    Thiomáin siad ar ais ón chor is ón chasadh ag Girl’s Brigade, an carr ar a bhealach abhaile, síos suas droimníní rollacha Ráth Fraoileann. Léim Wendy amach as an charr le doras an gharáiste a oscailt dá máthair, agus rith sí isteach. Thosaigh sí a thochailt na gcúirtíní net amach as málaí plaisteacha dubha ar sheilf ar an bhalla cúil.

    ‘Ó, a Wendy.’ Rinne Heather draothadh gáire, ag breith ar sheanbhalcaisí liatha a d’eitil tríd an aer ionsuirthi. Tháinig Wendy de sciuird ina ndiaidh.

    ‘Agus amharc air seo!’ a scréach sí, coróin phlaisteach ina glaic aici a d’oirfeadh do bhanphrionsa.

    ‘Tae ar dtús, tiara ina dhiaidh.’

    Bhí muc ar gach mala ag Wendy ach ar feadh soicind díreach. Bhí an choróin i bhfad Uladh róloinnireach le smut a choinneáil ar a haghaidh ar feadh i bhfad. Coróin suite ar a cuid coirníní, thug sí faoi mháirseáil mhaorga mhall amach as an gharáiste agus isteach sa chistin.

    Nuair a bhí a gcuid tae déanta acu, thóg Heather agus Wendy an bosca fuála amach. Gearradh an cúirtín net de réir mar a d’ordaigh Wendy agus ghreamaigh Heather leis an tiara é. Spréigh Wendy a raibh sa seanbhosca stáin (brioscaí Nollag fadó fadó) amach ar an tábla. Bhí sé lán d’fhuíoll is d’fharasbarr ó thionscadail eile ceardaíochta. Rannaigh Wendy an cnuasach ina dhá charn – ‘b’fhéidir’ agus ‘bealach ar bith’. Ruaigeadh cnaipí breise do léinte scoile, do chótaí móra agus do gheansaithe chuig an charn ‘bealach ar bith’ – ní raibh bealach ar bith ann go raibh siad dlite don chaille. Chíor sí tríd an mholl beag ‘b’fhéidir’ a bhí fágtha – cnaipí ó ghúnaí agus ó bhlúsanna, bréad breise órshnáithe agus ribíní éagsúla – ar nós seodóra ag scrúdú tearcsheoda luachmhara.

    Thaispeáin sí cnaipe mór órga dá máthair.

    ‘A Mham, amharc, an dtig leat é seo a fhuáil díreach anseo?’ agus chuir sí a méar ar an láthair féin.

    ‘A Mham, tá na cinn sin le gabháil, fan go bhfeice mé, anseo.’

    ‘A Mham, domh an dá chnaipe phéarlacha.’

    ‘Maith go leor, a Wendy. Sin deireadh leis an fhuáil. Anois seo dhuit an glae. Úsáid é do na sequins agus an bréad.’

    Chóirigh agus d’fheistigh Wendy a caille go sona sásta. Rinne Heather fútráil fhánach leis an charn ‘bealach ar bith’, na cnaipí ag titim trína cuid méar ar nós gainimh. Ghabh cnaipe mór donn sna méara aici, cnaipe seanaimseartha leathair, do gheansaí Árann. B’fhada uathu an Nollaig anois, agus b’fhada uaithi an teach lóistín rófhoirfe udaí taobh amuigh de Bhaile Raghnaill, leis na cúirtíní agus cuilt Paisley, agus an bhábóg a stán amach ort nuair a shiúil tú isteach san en suite bándearg, a bhí ina clúdach don pháipéar leithris. Bhí an teach iomlán acu féin an oíche sin, Liam agus ise, an oíche Chéadaoin gheimhridh sin roimh Nollaig. Nár bhreá le Liam an geansaí lámhdhéanta a cheannaigh Heather dó.

    ‘Díreach ceart le dul amach ag iascaireacht!’ a dúirt sé. Agus d’fhág sé ar leataobh é chun buíochas ceart a ghabháil léi, ina bhealach féin.

    Ghlan Heather a sceadamán.

    ‘Am suipéir, a thaisce. Seacláid the agus cúpla briosca Marie?’

    Ar ball, luigh Wendy ina cnap codlata thuas staighre. Thíos, bhreathnaigh Heather ar an déantúsán drithleach glioscarnach a bhí ar crochadh thar an chathaoir sa chistin. Uilig le bheith ina Caitliceach.

    Chuaigh sí amach go dtí an carr agus thóg lear mór cóipleabhar ar ais isteach léi. Shuigh sí ag an tábla sa chistin agus thosaigh sí ag treabhadh trí aistí Spáinnise 2A. Cuachta idir ciúnas na gcnoc agus tost na spéire, scríob sí agus ticeáil sí agus nótáil sí sna cóipleabhair. Thug sí sracfhéachaint amach ar an fhuinneog ar an ghrian ag dul faoi ag bun na ngort. Spéir dhearg thiar. Dá leanfadh leis an dea-aimsir seo, bheadh an-lá ag Maggie agus ag a muintir do na grianghrafanna.

    Bhris cling a fóin phóca isteach ar an chiúnas. Léigh sí an t-ainm ar an scáileán agus mhoilligh a lámh ar feadh soicind sular fhreagair sí é.

    ‘Bhuel?’

    ‘A Heather, a stór –’

    ‘Chan mé, a Liam, chan mise do stór. Níor mé ariamh.’

    ‘Tá mé fíorbhuartha. Cladhaire mé, níl mé in ann aon rud a rá nach gcuirfidh isteach ort –’

    ‘Rud beag rómhall dó sin, nach bhfuil? Shiúil tú amach as seo maidin Déardaoin an tseachtain seo caite le gabháil a dh’obair. An ndearna tú dearmad a inse domh nach mbeifeá ar ais an tráthnóna sin? Seachtain ghlan ó landáil tú ar mo thairseach, do chuid leat? Bulaí fir, a Liam.’

    ‘Ní thig liom a bheith leat. Tá mo chroí is m’anam ag screadaíl ar a chéile ó –’

    No, a Liam, níl cead screadaíola ag do chroí ná ag d’anam. Lig Monica béic amháin aisti agus thug tú sciotar faoina sciorta arís. Bhuel, éist go cúramach: ormsa a thiteann sé screadaíl anois. Ach ní d’iarraidh ar ais atá mé.’

    ‘Thréig mé mo bhean chéile is mo chlann Aoine an Chéasta le bheith leat,’ a chaoin Liam síos an fón léi.

    ‘Muise, thréig tú do chlann? Tara óg? Ach shíl mé nár tháinig sí abhaile ón ollscoil don Cháisc, fiú. Agus Aodhán? Caidé mar atá an mháistreacht aige, dála an scéil?’

    ‘B’fhéidir go ndearna mé iarracht imeacht róluath. Tá cion agam go fóill ar Mhonica ach cion iomlán éagsúil ón ghrá atá agam duitse atá –’

    ‘Sea, bhuel, dar ndóigh, a Liam. Gach maidin Déardaoin, b’in an sliotán sa sceideal a bhí againne, nárbh ea? Maidin amháin sa tseachtain domhsa ach ar ais abhaile chuicise gach uile oíche? Cinnte dearfa, déarfainn féin go bhfuil cúrsaí iomlán éagsúil.’

    ‘Is í mo bhean chéile í, a stór; phós mé í go scara an bás sinn, más fearr, más measa.’

    ‘Is amhlaidh gur measa atá aici, cinnte. Agus ná bac leis na móideanna pósta a aithris, a Mhister Bainseacha agus Tórraimh, ba chuma sa tsioc leat fán chreideamh ariamh roimhe seo. Fágaimis an ‘Is Caitliceach mé’ amach as seo, an bhfágfaidh?’

    ‘Tá grá agam di go fóill, a thaisce, ach tá mé dúnta i ngrá leatsa chomh maith.’

    ‘A Liam, ní dóigh liom go raibh aithreachas chomh mór orm ariamh roimhe fá dhuine ar bith ná rud ar bith.’

    ‘Tá mé i ngrá leat, a stór. Is tú mo dhealán gréine sa tsaol gruama seo.’

    Stán Heather amach an fhuinneog, gan an dúdhearg ag bun na spéire taobh amuigh a fheiceáil in aon chor. Gan na gabhláin bhinne a bhí ag tabhairt ruathair fán teach a thabhairt faoi deara.

    ‘Tá mé chomh tuirseach, a Liam, chomh tuirseach. Stopann sé seo

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1