Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Na Scéalta Atá Fós Ann
Na Scéalta Atá Fós Ann
Na Scéalta Atá Fós Ann
Ebook53 pages47 minutes

Na Scéalta Atá Fós Ann

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Tá an tUasal Ó Sé agus a mhadra dílis, Seoirse, ag dul amach ar cuairt ghairid chuig na siopaí. Tá dearmad déanta ag an Uasal Ó Sé ar a chuid eochracha, ach beidh Bean Uí Shé ann, mar a bhíonn sí i gcónaí, chun iad a ligean isteach. Ach ar an mbealach ar ais, tugann Seoirse faoi deara go bhfuil rud éigin amú – chas siad faoi dheis nuair ba chóir dóibh casadh faoi chlé, rud atá á dtabhairt níos faide ó bhaile. Chun rudaí a dhéanamh níos measa, tá an chuma air go mbeidh báisteach ann. Buaileann na seanchairde an bóthar ar thuras trasna Bhaile Átha Cliath agus trína gcuid cuimhní, atá, de réir cosúlachta, ag imeacht ceann ar cheann… 
Mr Bolton and his faithful dog, George, are just popping down to the shops. He forgot his keys, but Mrs Bolton will be there to let them in like always. But on the way back, George notices something wrong - they turned right when they should have turned left, bringing them farther from home. To make things worse, it's beginning to look like rain. The old friends set off on a journey across Dublin and through their memories, which seem to be disappearing one by one...
LanguageEnglish
PublisherNew Island
Release dateAug 8, 2023
ISBN9781848409156
Na Scéalta Atá Fós Ann
Author

Ciara Geraghty

Ciara Geraghty is a bestselling Irish novelist. She lives in Dublin with one husband, two 'technically' grown-up children and one actual kid, who is probably the most mature of the lot of them. When she is not writing in her garret, Ciara loves reading, swimming in the sea and playing her violin and also co-hosts the podcast BookBirds.

Related to Na Scéalta Atá Fós Ann

Related ebooks

General Fiction For You

View More

Related articles

Reviews for Na Scéalta Atá Fós Ann

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Na Scéalta Atá Fós Ann - Ciara Geraghty

    NA SCÉALTA ATÁ FÓS ANN

    Foilsithe den chéad uair in 2023 ag New Island

    Glenshesk House

    10 Páirc Oifigí Richview

    Cluain Sceach

    Baile Átha Cliath, D14 V8C4

    Éire

    www.newisland.ie

    Cóipcheart © 2023 Ciara Geraghty

    Aistrithe ag Seosamh Ó Cuaig

    Tá ceart Chiara Geraghty mar údar an tsaothair seo dearbhaithe aici de réir Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000.

    Tá taifead chatalóg an CIP don leabhar seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

    ISBN 978-1-848409-15-6

    Is le maoiniú ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a cuireadh leagain Ghaeilge de leabhair Open Door ar fáil

    Almost There

    Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

    Arna chlóchur ag JVR Creative, India

    Arna chlóbhualadh ag FINIDR, Czech Republic

    Dearadh clúdaigh ag Artmark agus New Island

    A Léitheoir dhil,

    Ábhar mórtais dom mar Eagarthóir Sraithe agus mar dhuine d’údair Open Door, réamhrá a scríobh d’Eagráin Ghaeilge na sraithe.

    Cúis áthais í d’údair nuair a aistrítear a saothair go teanga eile, ach is onóir ar leith é nuair a aistrítear saothair go Gaeilge. Tá súil againn go mbainfidh lucht léitheoireachta nua an-taitneamh as na leabhair seo, saothair na n-údar is mó rachmas in Éirinn.

    Tá súil againn freisin go mbeidh tairbhe le baint as leabhair Open Door dóibh siúd atá i mbun teagaisc ár dteanga dhúchais.

    Pé cúis atá agat leis na leabhair seo a léamh, bain taitneamh astu.

    Le gach beannacht,

    Patricia Scanlan

    Spreag Peggy Mangen agus Casper, a madra dílis, an leabhar seo, agus tá sé tiomnaithe dá gcuimhní.

    Tá an leabhar seo tiomnaithe freisin do m'athair, Don Geraghty, nach ndéanann dearmad riamh grá a thabhairt dúinn.

    Clár ábhair

    Réamhrá an Eagarthóra

    Dúthracht

    A hAon

    A Dó

    A Trí

    A Ceathair

    A Cúig

    A Sé

    A Seacht

    A hOcht

    A Naoi

    A Deich

    A hAon

    Tá rudaí ann agus cuimhníonn sé orthu.

    An iall le cur orm, mar shampla. Na málaí cumhra ar fhaitíos go mbeidh timpiste ann. A chuid toitíní. Cuireann sé an lastóir i bpóca cúil a bhríste, ach cuireann sé a lámh ar phóca brollaigh a léine i dtosach agus é ag iarraidh teacht air.

    Gach uair.

    Ní dóigh liom go gcuimhníonn sé cén t-ainm atá orm. Seoirse. Sin mise. Ainm é a bhfuil sé éasca dearmad a dhéanamh air. Is dócha gur cheart dom a bheith buíoch nach é ‘Rógaire’ nó ‘Smuitín’ a tugadh orm. Nó ‘Plobairín’ mar a tugadh ar an gcréatúr bocht in uimhir caoga a seacht. Nár lige Dia go dtabharfaí.

    Tá beagán dínite ag baint leis an ainm Seoirse mar sin féin.

    Téann sé ar a leathghlúin le mo thaobh agus é ag fáisceadh na héille ar mo choiléar. Cloisim cnagarnach a chuid cnámh. Bhuel, ní ag éirí níos óige atáimid. Cuireann sé a lámha ar mo chluasa agus slíocann sé iad. Faigheann sé greim ar ráille an staighre agus tarraingíonn sé aníos é féin.

    Séideann an ghaoth tríd an halla nuair a osclaíonn sé an doras tosaigh. Tá a sheaicéad ar an mbord sa halla. Fágann Bean Uí Shé ansin dó é. Cuireann sé air é agus dúnann sé an zip. Tá cuma an fhuachta air cheana féin. Tá a chuid méar geal craptha. Tá an ceart aici. Is iad na toitíní a chuirfidh den saol é. Tá imrothlú a chuid fola go dona.

    ‘Tar uait, a bhuachaill,’ ar seisean agus déanann sé an smeach sin a dhéanann daoine lena dteanga. Níor casadh aon mhadra orm fós a déarfadh gur smeach é a thaitníonn leis. Croithim m’eireaball ar aon nós. Taitníonn sé sin leo nuair a dhéanaimid sin. Tagann aoibh an gháire air. Ní gáire mór é anois ach gáire beag, cuimhne ar gháire. Cromann sé, tarraingíonn sé ceann de mo

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1