Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis
Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis
Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis
Ebook527 pages8 hours

Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis charts the fascinating journey of an inspirational woman, on her pilgrimage from Ardoyne to the Phoenix Park. Authorised by the President, it includes excerpts from private diaries and papers from before her Presidency, and interviews with members of her family, colleagues and acquaintances. It tells the real success story of a determined, spirited woman, the first Northerner to hold the office of the President of Ireland. Mary McAleese is a woman who has never been afraid to speak her mind, and has often courted controversy, and her biography is certainly a page-turner. It includes interviews with Fr. Alex Reid, Annie Maguire and Monsignor Denis Faul, among others, as well as extensive interviews with the President. It paints a picture of a woman who has worked incessantly for peace and reconciliation in Northern Ireland, and who stands by her convictions. A riveting read, and a tremendous insight into the life of Mary McAleese up until her inauguration.

LanguageGaeilge
Release dateOct 1, 2003
ISBN9781784440398
Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis

Related to Máire Mhic Ghiolla Íosa

Related ebooks

Reviews for Máire Mhic Ghiolla Íosa

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Máire Mhic Ghiolla Íosa - Ray Mac Mánais

    1948.

    1


    INSEALBHÚ

    TÁ CUMA ghlan, úrnite ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá an seaneibhear ag lonrú faoi ghrian gheal an gheimhridh agus níl néal sa spéir. Go moch ar maidin, i bhfad sular tháinig na haíonna sna carranna móra, thosaigh na busanna agus na mionbhusanna ag teacht isteach sa Chlós Uachtarach, gach ceann acu lán le páistí scoile as gach contae in Éirinn; ocht gcéad páiste anois ina seasamh, ina dtost, i bhfáinne thart ar bhallaí chlós an Chaisleáin. Taobh istigh, i Halla Naomh Pádraig, tá maithe agus móruaisle na hÉireann bailithe: beirt iar-Uachtarán, an Taoiseach agus seisear iar-Thaoiseach, ceannairí páirtithe polaitiúla thuaidh agus theas, baill Rialtais, baill Oireachtais, ambasadóirí, ionadaithe na n-eaglaisí agus na ngiúistísí, an Príomh-Bhreitheamh, Coimisinéir an Gharda Síochána, Stát-Rúnaí an Tuaiscirt.

    Tá Banna Ceoil Uimhir a hAon an Airm ar an áiléar os cionn an tábla a ndéanfaidh an tUachtarán nua an mionn a shíniú air. Tá píosaí nua ceoil réidh acu, cumtha go speisialta don ócáid. Tá píosa úr eile ceoil, ‘An Droichead’, cumtha ag an phíobaire Liam Ó Floinn in onóir na hócáide agus is gearr go seinnfidh sé é. Ar an dá thaobh den phasáiste láir tá dathanna na ngúnaí, na róbaí agus na dtuineach mar a bheadh pailéad péintéara mhire ann. Tá boladh na gcumhrán álainn éagsúil ag caismirt le chéile, snas na mbróg agus loinnir na mbúclaí ag spréacharnach faoi na soilse teilifíse.

    Amuigh sa chlós tá na leanaí, na grianghrafadóirí agus lucht teilifíse agus nuachtán ag fanacht go míchéadfach leis an chéad radharc a fháil ar an uachtarán nua-insealbhaithe, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ochtú Uachtarán na hÉireann. Tá leanaí ar fud an Stáit ar lá saoire ón scoil in onóir na hócáide. Tá na céadta míle ag amharc ar an searmanas seo ar an teilifís ó cheann ceann na tíre. Murab ionann agus na daoine sa bhaile a bhfuil radharc acu ar a bhfuil ar siúl taobh istigh, tá an slua sa chlós mífhoighneach, ag fanacht le comhartha. Tá na múinteoirí ag cogar le chéile, na leanaí ag caint agus ag glaoch ar a chéile, ag cur aithne ar a chéile, ag léamh bhratacha na scoileanna eile; Protastúnaigh ón ‘Dúthuaisceart’ ag cur aithne ar Chaitlicigh ón ‘Saorstát’, Caitlicigh ó na Sé Chontae ag cur aithne ar Phrotastúnaigh ón Phoblacht, Iúdaigh agus Moslamaigh na hÉireann ag croitheadh lámh le chéile. Is leo uile an tUachtarán. Tagann an comhartha a bhfuil siad ag fanacht leis agus titeann ciúnas orthu.

    Réabtar an t-aer le tuairt mhillteanach de ghunnaí móra, ceann is fiche acu i ndiaidh a chéile, ó Chill Mhaighneann, ag léiriú chúirtéis na bhfórsaí cosanta don Uachtarán nua. Tá tormán na ngunnaí fós ag bodhradh na gcluas nuair a ardaítear bratach an Uachtaráin agus an saighdiúir ag tarraingt na téide go mall. Suas, suas a théann sí, an bhratach fhillte ag leathadh anois, an chláirseach óir agus an gorm ag croitheadh amach ar chúlra gorm éadrom na spéire glaine. Anois tá an bhratach ar foluain go séimh síodúil sa leoithne bheag ghaoithe taobh le bratach na hÉireann ar dhíon an Chaisleáin, agus tá a fhios ag an slua go bhfuil an t-oirniú déanta, go bhfuil uachtarán nua ar an tír. Tá an slua ag éirí callánach anois, daoine ag caint os ard agus ag béiceach ar a chéile le teann scinnide, páistí ag tarraingt agus ag bualadh a chéile go giodalach; fuadar ar fud chlós an Chaisleáin.

    I lár an chlóis tá na saighdiúirí ag fanacht go foighneach; tá an garda onóra mar a bheadh dealbha ann, comhbhanna ceoil ó Cheannasaíocht an Churraigh agus ó Cheannasaíocht an Iarthair taobh leo agus a gcuid uirlisí réidh; marcshlua na ngluaisrothar ina línte díreacha; iad uile beag beann ar an fhuacht agus ar spleodar agus ar ghlór an lucht féachana, iad ina seasamh go hómósach in onóir a n-ardcheannasaí nua. Níl neart acu ar an mhoill ach a luaithe a thagann an tUachtarán ina láthair is iad na fórsaí cosanta a bheas ar an stiúir agus reáchtálfar an chuid eile den searmanas seo go cruinn míleata.

    Téann an cogar thart faoin chlós mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann: ‘She’s coming!’ Díríonn gach súil ar an doras mór atá ar lánleathadh. Seo chugainn na hoifigigh airm, beirt acu ag siúl go mall maorga i dtreo an dorais agus amach sa chlós le seasamh ar leataobh. Agus seo anois í, díreach taobh thiar díobh, faoi dheireadh, an tUachtarán nua, Máire Mhic Ghiolla Íosa. Pléascann an slua d’aonghuth, gáir áthais agus fáilte, alla aoibhnis agus urghairdis. Preabann macallaí na suáilce ó sheanbhallaí an chaisleáin seo a bhí mar shiombail dochma ag muintir na hÉireann ar feadh na gcéadta bliain; preabann gach croí le gliondar san áit seo ar phreab croí na nGael le heagla agus le ceann faoi ar feadh naoi gcéad bliain. Seo amach anois leis an Aide-de-camp Sinsearach, an Coirnéal Bernard Howard, agus taobh thiar de sin, an Taoiseach Bertie Ahern, an Tánaiste Mary Harney agus fear céile an Uachtaráin, an Dochtúir Máirtín Mac Giolla Íosa.

    Seasann an grúpa ar feadh bomaite leis an teannas a scaoileadh as an slua mór sa chlós. Agus í ag teacht anuas an staighre i Halla Naomh Pádraig cúpla bomaite roimhe sin bhí croí an Uachtaráin ag preabadh, ach anois agus í ag doras an fhoirgnimh, an clampar agus an gleo síoraí ag baint gealgháire aisti, feiceann sí radharc a sháimhríonn a croí agus a chiúnaíonn a cuisle. Tá cúis a gliondair díreach os a comhair amach, ar an taobh eile den chlós: is í an chéad aghaidh a fheiceann sí sa slua gnúis ghrianmhar a seanchara Kathleen Boyle agus a cuid daltaí ó Chlochar Naomh Louis Chill Chaoil i gContae an Dúin. Díreach in aice leo feiceann sí daltaí agus múinteoirí ó Bhunscoil Blythefield i Sandy Row, an áit is Protastúnaí i mBéal Feirste, daoine a raibh sí ag obair leo le bliain anuas. Bhí sí i ndiaidh a chinntiú go bhfuair siad cuireadh ach ní raibh sí cinnte go dtiocfaidís. Tuigeann sí an turas atá déanta acu. Is fada fuar an t-aistear é ó Sandy Row go Caisleán Bhaile Átha Cliath, níos faide agus níos anfaí i bhfad ná an turas fisiciúil atá déanta acu ar maidin. Seo an comhartha a raibh sí ag súil leis, cruthú dearfa go bhfuil daoine sásta dul a fhad leis an imeall, sásta lámh chairdis a shíneadh amach. Ligeann sí osna bheag shásaimh agus faoisimh leis an phaidir ghasta bhuíochais. Thart ar an chlós tá gach aon liú agus bolsa ón slua, ach is ócáid Airm anois í seo.

    ‘Ar aire!’ Scairtear an t-ordú i nglór ard míleata agus bloscann sála na saighdiúirí mar a bheadh pléasc ghunnaí ann. Titeann ciúnas sollúnta ar an slua. I lár an chiúnais glacann oifigeach ceannais an gharda onóra, an Captaen Mark Hearns, trí choiscéim chun tosaigh. Stadann sé. Go díniteach, ceannard ardaíonn sé a chlaíomh. Tá a lámh sínte amach roimhe aige, an claíomh snasta ag glioscarnach i solas tanaí na gréine. Tarraingíonn sé urla an chlaímh isteach lena smig. Le tormáil druma déantar bratach na briogáide a chlaonadh go mall righin mar chomhartha ómóis. Ardaíonn an stiúrthóir ceoil a mhaide stiúrtha. Tá tormáil an druma ag cur le híogaireacht agus le rúndiamhracht na hócáide. Nuair a thugann an stiúrthóir an nod tosaíonn an banna ar an phíosa ceoil sin, ‘Gairm an Uachtaráin’, ar leagan giorraithe é de ‘Amhrán na bhFiann’.

    Tá Máire Mhic Ghiolla Íosa ina colgsheasamh, an Aide-de-camp trí choiscéim taobh thiar di, faoi fhorscáth an dorais. Tá súile an Uachtaráin ag lonrú. Tá sé deacair uirthi cúl a choinneáil ar na deora ach tá aoibh ar a béal. Tá sé deacair an crith a cheansú ach tá cuma shocair sheasta uirthi. Tá a súile anois dírithe ar an bhrat náisiúnta, ar na dathanna glas, bán agus oráiste. Tá sé ráite aici go poiblí agus go sollúnta go mbeidh sí féin in áit an bháin idir an dá dhath eile, go mbainfidh sí leas as an ardoifig atá bronnta ag pobal Phoblacht na hÉireann uirthi le droichead a thógáil idir dhá phobal agus dhá thraidisiún an oileáin seo. Tá idir chinnteacht agus scéin, idir mhórtas agus umhlaíocht, ina croí.

    Ach tá na seanchuimhní agus na contrárthachtaí á ciapadh anois. Seo í ina hUachtarán ar Éirinn, ollás agus mórdháil an Stáit thart uirthi, na daoine is cumhachtaí agus is tábhachtaí in Éirinn bailithe in ómós di, brat na hÉireann ar foluain in onóir di, Fórsaí Cosanta na hÉireann ag cur fáilte fhoirmiúil roimpi mar ardcheannasaí; agus an ghirseach seo ó gheiteo Ard Eoin ag éalú siar ar bhóithrín na smaointe chuig an am ar thromchoir é brat na hÉireann a chur ar foluain in áit phoiblí, nuair ba ghníomh tréasach é ‘Amhrán na bhFiann’ a sheinm. Tá sí ag smaoineamh siar ar a hóige ar a fód dúchais, céad míle go díreach ón áit a bhfuil sí anois, áit atá i bhfad níos gaire dóibh ná Tír Chonaill nó Ciarraí, ach áit inar bhain Éireannachas, nó Gaelachas de chineál ar bith, leis an gheiteo, leis an fhoshaol, leis an fho-aicme; ar an oilithreacht phearsanta fhada fhiontrach atá déanta aici.

    2


    DÍSHEALBHÚ

    BHÍ LÚCHÁIR ar chroí Mháire an tráthnóna breá samhraidh sin, Déardaoin 14 Lúnasa 1969, agus í ag siúl thart lena cara Eileen Gilmartin agus leis an Athair Honorius Kelly CP, sagart ó Mhainistir na Croise agus na Páise in Ard Eoin, cara mór le muintir na mban óg. Ag spaisteoireacht trí ghairdíní áille an óstáin, Woodbourne House,¹ ar Bhóthar Suffolk, tamall taobh amuigh de chathair Bhéal Feirste, a bhí siad an tráthnóna sin, agus bhí an saol ina cheart. Bhí torthaí na scrúduithe A-Leibhéal i ndiaidh teacht amach cúpla lá roimhe sin agus na torthaí a bhí uathu faighte ag an bheirt chailíní. Bhí áit faighte ag Máire i Scoil an Dlí in Ollscoil na Banríona. B’fhiú an sclábhaíocht agus an dianstaidéar a bhí déanta acu. Mar cheiliúradh ar na torthaí breátha a fuair siad thug an tAthair Honorius amach iad faoi choinne béile.

    Bhí an dinnéar ceiliúrtha blasta, agus an comhluadar croíúil cairdiúil. Ní raibh a dhath ag cur buairimh ar cheachtar acu agus iad i gcarr an tsagairt ar a mbealach ar ais go hArd Eoin, áit chónaithe an triúir. Ní raibh caint ar bith ar an teannas a bhí mar thoitcheo ina luí go trom ar an chathair le mí nó dhó anuas, teannas a bhí ag géarú le séasúr na máirseála. Ní ar chúrsaí máirseála a bhí siad ag smaoineamh; ní ar chúrsaí ceart sibhialta, ná ar an trioblóid i nDoire ar na mallaibh leis na Printísigh. Ní raibh Cath Thaobh an Bhogaigh, a bhí ag dul ar aghaidh le cúpla lá, agus a raibh 112 duine san ospidéal dá bharr, ag déanamh tinnis dóibh. Bhí siad ábalta dearmad a dhéanamh ar an scliúchas i nDoire a bhí ag béiceach orthu le seachtain ón teilifís, ón raidió agus ó leathanach tosaigh gach nuachtáin. Anocht is ar an todhchaí a bhí na girseacha ag díriú a n-airde agus bhí an sagart breá sásta ligean dóibh bheith ag geabaireacht. Bhí clapsholas mall an tsamhraidh fós ann nuair a thiontaigh an carr isteach in Ascaill Twadell, cúpla céad slat ó ghabhal Bhóthar Woodvale le Bóthar Chromghlinne, ag barr Ard Eoin.

    Agus an chabaireacht ag gabháil mar a bheadh sraoth muilinn ann bhí siad chóir a bheith ag siopa an Cabin nuair a chonaic siad grúpa fear agus cuma iontach corraithe orthu; fir le camáin agus maidí ina lámha acu.

    There’s my daddy!’ a scairt Eileen agus alltacht uirthi.

    Where?’ arsa Máire. Ní raibh sí ábalta Jack cúthail Gilmartin a shamhlú i measc baicle fear a raibh maidí ina lámha acu. Nuair a labhair Máire faoin fhear seo blianta fada ina dhiaidh sin chuir sí síos air mar ‘fear chomh caoin, chomh cineálta agus a tháinig riamh amach as Iarthar na hÉireann, fear lách ón Ghaobhach, Contae Ros Comáin.’ Ach ba é Jack a bhí ann, go cinnte. Ba chóir dó bheith ag obair i dteach tábhairne an Crown i lár na cathrach ag an am seo den tráthnóna.

    Stad an sagart an carr nuair a tháinig sé a fhad leis na fir. Bhí faobhar imníoch ar a ghuth nuair a labhair sé.

    What’s going on here?’ a d’fhiafraigh sé.

    They’re burning the parish!’ a d’fhreagair duine de na fir agus stad ina ghlór. ‘Look at the smoke!’

    Bhí bús deataigh ag éirí os cionn halla an pharóiste agus bhí dearglach sa spéir.

    Who’s burning the parish?’ arsa Máire, ach faoin am seo bhí an sagart agus na fir imithe ar cosa in airde suas chuig an ghabhal le radharc a fháil síos Bóthar Chromghlinne. Thug na girseacha rúideog ina ndiaidh. Agus í ag druidim leis an choirnéal bhí Máire ábalta an screadaíl agus an liúireach a chluinstean, pléascanna aisteacha, agus gach cineál calláin, gleo agus tormáin. Bhí fuarallas léi in ainneoin an fhuadair agus theas an tráthnóna.

    Nuair a shroich sí an coirnéal d’amharc sí síos Bóthar Chromghlinne agus chonaic sí radharc atá greannta ina hintinn go fóill. Dhá chéad slat uaithi bhí an bóthar dubh le póilíní agus le strainséirí, agus bhí maidí troma ina lámha ag cuid de na póilíní agus ag na B-Speisialaigh, an chonstáblacht speisialta sin. Níos scanrúla fós ná sin, bhí piostail, raidhfilí agus fomheaisínghunnaí Sterling ina lámha ag cuid eile acu. Ba as ceantar Woodvale agus ó Bhóthar na Seanchille na strainséirí; bhí clogaid ar chuid acu agus bandaí bána ar a sciatháin. Bhí siad taobh thiar de na póilíní, ag caitheamh buamaí peitril tharstu isteach sna tithe ar Shráid Butler, ar Shráid Herbert agus ar Shráid Hooker, trí shráid a bhí ag síneadh ó Bhóthar Chromghlinne isteach i gcroílár shean-Ard Eoin. Tógadh Máire le hómós don dlí agus d’fhórsaí an dlí, ach níor réitigh an tógáil sin lena raibh ar siúl os a comhair amach anois. Bhí fórsaí dlí an stáit ag tabhairt faoin mhuintir a raibh móid tugtha acu go gcosnóidís iad, fórsaí dlí agus oird ag briseadh an dlí agus an oird. Ní ag tacú leis na dílseoirí a bhí siad, ach ag tabhairt cinnireachta dóibh.

    Bhí carranna trí thine, gach uile shórt trioc ag blocáil na gcúlsráideanna istigh, muintir na háite taobh thiar de na baracáidí ag briseadh na gcosán agus ag caitheamh na bpíosaí briste agus corrbhuama peitril leis na hionsaitheoirí, na tithe taobh amuigh de na baracáidí ina maidhm bladhairí. Smaoinigh duine ar sheift agus as go brách le grúpa fear trí Shráid Herbert agus suas Páirc Brompton go hÁras na mBusanna. Thiomáin siad cúpla bus síos trí na cúlsráideanna agus chuir trasna na sráideanna iad. Chuir siad trí thine iad agus bhí baracáidí éifeachtacha acu. Cá raibh cuidiú le fáil? Bhí na daoine a mbeifí ag súil le cosaint uathu á n-ionsaí anois. Cá raibh an IRA leis na gunnaí a bhí in ainm a bheith acu do lá seo an ghátair? Bhí daoine ag rá go raibh siad díolta leis an Meibion Glynd w^ r² a bhí ag agóid tamall roimhe sin in éadan Insealbhú Phrionsa Charles Shasana mar Phrionsa na Breataine Bige, agus go raibh luach na ngunnaí sin ólta. Cibé fíor nó bréagach na ráflaí sin ní raibh gunna ar bith de chuid an IRA in Ard Eoin an oíche sin. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go bhfacthas scríofa i mbloclitreacha arda ar na ballóga a fágadh mar iarsmaí ar oíche seo an uafáis ‘IRA … I RAN AWAY’.

    Ó am go ham scaoiltí fras lámhaigh ó Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC) agus ó na B-Speisialaigh isteach sna sráideanna. Taobh thiar de na póilíní, amuigh ar Bhóthar Chromghlinne idir Sráid Herbert agus Sráid Butler, agus ar an taobh eile den bhóthar, bhí balla ghairdín an tséipéil buailte le cosán an bhealaigh mhóir. Thosaigh duine éigin taobh thiar de na baracáidí ag caitheamh mirlíní le crann tabhaill agus phléasc na mirlíní in éadan an bhalla eibhir le bloscadh mar a bheadh urchar ann. Siar leis na BSpeisialaigh, leis an RUC agus leis na dílseoirí gach uair a chuala siad ceann de na mirlíní ag pléascadh, nó bhí siad ag déanamh go raibh snípéir ag aimsiú orthu. Bhí foscadh ar fáil do chuid acu taobh thiar de charr iarnaithe Shorland a raibh meaisínghunna trom Browning ag gobadh amach as túirín ar a bharr. Suas síos an bealach mór leis an Shorland, drantán an innill le cluinstean os cionn an trup. Anois is arís, mar a bheadh basso profundo le rucht na raidhfilí, chluinfí glór an ghunna Browning ag cur leis an scéin dhamanta.

    Le titim na hoíche chuaigh an troid i bhfíochmhaire. D’éirigh leis an Shorland briseadh trí chuid de na baracáidí agus thug na póilíní agus na dílseoirí ruathar ina dhiaidh. Bhí na soilse sráide ar fad briste faoin am seo. Ní raibh lampa ar lasadh i dteach ar bith, ní raibh de sholas sa cheantar ach na lasracha ó na tithe a bhí trí thine amuigh in aice an bhealaigh mhóir agus bladhairí na mbuamaí peitril. Thug na hionsaitheoirí sciuird isteach arís agus arís eile. Arís agus arís eile d’éirigh le muintir na háite iad a stopadh agus iad a bhrú siar le cith buamaí peitril agus cloch. Arís agus arís eile d’athghrúpáil na hionsaitheoirí agus thug ruathar eile isteach sna sráideanna caola taobh thiar den charr iarnaithe.

    Le linn ceann de na ruathair sin maraíodh Sam McLarnon agus é ina shuí ina sheomra suite i Sráid Herbert. Trí urchar de chuid na bpóilíní a chuaigh trína fhuinneog agus bhuail ceann acu sa chloigeann é. Maíodh ag Binse Fiosraithe an Tiarna Leslie Scarman: ‘Clearly police shooting in the street was for a time heavy.’³ Ar ruathar eile maraíodh Michael Lynch agus é ag dul ar foscadh in aice tí ar Shráid Butler. Is é a dúirt Scarman faoi seo: ‘Mr Lynch was killed by police fire into Butler Street. All else is unclear.’⁴ Ag Dia atá a fhios cá mhéad duine a gortaíodh an oíche sin agus sna hoícheanta a bhí le teacht. Dúirt bean amháin ó Shráid Elmfield agus í ag tabhairt fianaise do Choiste Cróinéara Michael Lynch go raibh ochtar fear ina luí gonta ina teach an oíche sin.

    Cé i measc ghaolta agus chairde Mháire a bhí gonta? Cé a bhí dóite as a dtithe? Cé a bhí marbh? Bhí sí ábalta teach a haintín Nóra, a bhí os comhair gheata an tséipéil, a fheiceáil ón áit a raibh sí. Bhí an teach sin fós slán. Ní raibh sí in ann siopa a haintín Úna a fheiceáil, teach a bhí níos faide síos an bóthar. Bhí cúpla teach trí thine tamall síos ó Shráid Hooker. Teach McBrierty? Bhí Eileen McBrierty iontach mór le muintir Mháire. Bean ghlúine a bhí inti, duine a raibh meas ag pobal uile Ard Eoin uirthi, nó is í a thug a mbunús ar an saol. Bhí iníon léi, Annette, ar tí a cáilithe mar bhean ghlúine fosta. Ní raibh a fhios ag Máire é ag an am, ach a fhad is a bhí an bheirt seo amuigh ag banaltracht sna cúlsráideanna an oíche sin cuireadh a dteach trí thine. Is í Annette a thug babaí na baracáide ar an saol amuigh faoin spéir an oíche sin, naíonán a tháinig ar an saol rud beag luath i lár an uafáis. Bhí cara eile le Máire, Maureen Totten, ina cónaí ar Shráid Chatham. An raibh sise slán? Cén dóigh a bhí ar Catherine Kane agus a clann a raibh cónaí orthu ar Shráid Hooker?

    Bhí Máire agus a cairde slán sábháilte san áit a raibh siad, ach bhí siad gar go leor le gach uile rud a fheiceáil go soiléir, le gach scread, gach pléasc agus gach brioscarnach bladhaire a chluinstean, agus le bréantas agus géire an dó a bholú. Níor laghdaigh an t-achar a bhí siad ón scrios an t-uafás a bhain leis. Tháinig an radharc agus na fuaimeanna, an bhuairt agus an scanradh idir Máire agus codladh na hoíche go ceann i bhfad ina dhiaidh. Deir sí, agus í ag smaoineamh siar air:

    ‘Ba í an éidreoir a bhí ag réabadh mo chroí an oíche sin. Ar crith a bhí mé, ar crith le teann feirge agus scaoill, ach thar rud ar bith eile bhí mé ar crith le teann beaginmhe.’

    Den chéad uair ina saol, a deir sí, mhothaigh sí fíoruamhan agus fíoruafás. Dar léi gur imigh naíondacht a hóige le smál an deataigh ar an ghaoth, go raibh soineantacht a saoil á loscadh leis na bladhairí ó thithe a cairde agus a comharsan. Chonacthas di go raibh athchraiceann na sibhialtachta á bhaint agus go raibh fiántas gránna na buile á nochtadh féin trí screamh thanaí na measúlachta. Deir sí gur thuig sí nach mbeadh an saol mar a chéile choíche arís, go ndeachthas rófhada an babhta sin. Bhí nithiúlacht agus réaltacht an tsaoil ag athrú os a comhair amach; d’fhágfadh an oíche sin a rian uirthise agus ar gach duine eile a bhí i láthair ar bhealaí nár samhlaíodh dóibh riamh.

    fonótaí

    ¹    Rinneadh beairic den óstán sin ó shin.

    ²    Arm Fuascailte na Breataine Bige.

    ³    Luaite in McKittrick et al., 35.

    ⁴    Luaite in McKittrick et al., 36.

    3


    A SINSIR IS A SLOINNE

    Tá dlúthbhaint ag Abhainn an Lagáin le scéal Mháire. Ag béal an Lagáin a rugadh í agus ba ag foinse an Lagáin a rugadh muintir a máthar roimpi. Éiríonn an abhainn sin i gContae an Dúin, ar shleasa Shliabh Crúibe, an sliabh is faide ó thuaidh de na Beanna Boirche. Ar an sliabh seo, atá beagán os cionn 1,800 troigh, níl in abhainn mhór mhaorga an Lagáin ach srutháinín beag bídeach. Is anseo, i dteach ceann tuí, a rugadh Catherine McCullough, sinseanmháthair Mháire, an duine ba shine d’aon duine dhéag agus an t-aon duine díobh sin nár thug aghaidh ar Mheiriceá.

    Phós John McCullough, duine dá deartháireacha, Lilian Fitzgerald, bean de mhuintir Fitzgerald Kennedy, agus bhí cónaí orthu i limistéar mhuintir Kennedy ar Cape Cod. Duine eile den chlann chéanna ba ea Maggie McCullough, bean a chruinnigh na milliúin dollar i Meiriceá. ‘The Boston Pig’ a bhaist The Boston Globe uirthi as a suarachas i gcúrsaí gnó agus as an ghráin a bhí aici ar leanaí. Phós sise Ed Boudreau, fear as ceantar Fraincise na hAlban Nua. Fuair seisean bás ar dtús agus, nuair a cailleadh Maggie sa bhliain 1944, d’fhág sí a cuid airgid le huacht ag Deoise Boston. Mar rubaillín íorónach ar scéal shinseanaintín seo Mháire, caitheadh cuid den airgead sin ar dhílleachtlann a tógadh in onóir na mná sin a raibh fuath aici ar leanaí.

    Ní fhaca an bhean a d’fhan sa bhaile mórán de shaibhreas sin Mheiriceá. Phós sise John Rogan, fear áitiúil, agus bhí triúr leanaí acu: Mary Agnes, John Óg agus máthair mhór an Uachtaráin, Cassie Rogan. Nuair a bhíodh a comhaoisigh ag spraoi le bábóga bhíodh Cassie Rogan ag cniotáil agus ag dearnáil. Bhíodh sí ag bácáil aráin agus bonnóg agus ag réiteach béilí sula raibh sí sna déaga, fiú. Cleachtaíodh an athchúrsáil sa teach beag sin ar Shliabh Crúibe agus ba ghnách léi seanéadaí a ghearradh agus gúnaí agus cótaí a dhéanamh astu. Ba mhinic clann Cassie gléasta go hálainn in éadaí ‘nua’ ag dul ar Aifreann Dé Domhnaigh ar an Droim Bhearach, a bhuíochas sin do cheardaíocht agus do chruinneas Cassie.

    Níor fágadh Máire dealbh ar na buanna sin nó leathchéad bliain ina dhiaidh sin bhí a máthair mhór ag múineadh na gceachtanna céanna don ábhar uachtaráin, girseach a bhí ina dalta díograiseach. Ba bhródúil an lá é do Cassie nuair a chonaic sí a gariníon á glaoch chun an Bharra i mBéal Feirste agus í gléasta go faiseanta i gculaith éadaigh a rinne sí féin don ócáid. Is iomaí ceacht eile a mhúin Cassie dá gariníon. Tógadh í féin ar sheanchas agus ar amhráin 1798 nó tharla cuid de na cathanna ba thábhachtaí san Éirí Amach i gceantar Shliabh Crúibe. Preispitéirigh agus baill d’Eaglais na hÉireann a bhí i mbunús na n-Éireannach Aontaithe i gContaetha an Dúin agus Aontroma, leithéidí William Orr, Henry Joy McCracken, William Steele Dickson, Jemmy Hope agus William Warwick. Ba bheag Caitliceach a bhí i measc na gceannairí ach ní fhacthas do Cassie go raibh déscaradh ar bith ag baint leis seo. Bhí Máire fós ina girseach nuair a d’fhoghlaim sí nár ghá go mbainfeadh dearcadh polaitiúil le sainghrúpa ar bith.

    Naoi mbliana déag d’aois a bhí máthair mhór Mháire nuair a phós sí John McManus, duine de bheirt mhac Arthur McManus agus Catherine Murray, sa bhliain 1921. Arthur Óg a bhí ar an mhac eile. Nuair a thosaigh Cogadh na Saoirse chuaigh John isteach in Óglaigh na hÉireann, glan in éadan thoil a athar, agus bhog sé go Contae na Mí, áit a raibh sé gníomhach iontu. I ndiaidh Chogadh na Saoirse tháinig sé abhaile le Cassie a phósadh agus go gairid i ndiaidh na bainise thug a dheartháir, Arthur, a aghaidh ó dheas, le liostáil san fhórsa úr póilíní a bhí díreach bunaithe: an Garda Síochána. B’éigean do John dul ar a sheachnadh nuair a thosaigh na pograim i gContae an Dúin i 1921. Bheadh iar-bhall d’Óglaigh na hÉireann ina sprioc ar leith ag lucht ionsaithe na náisiúnach. Chaith sé tamall in Albain agus bhí sé idir dhá thír ar feadh roinnt blianta. I 1927 fuair sé post mar fhear friothála aráin le comhlacht Bernard Hughes i Machaire Rátha, i gContae Dhoire, agus chuaigh sé féin, Cassie, a chéad mhac, Arthur, agus a chéad iníon, Cassie Óg, chun cónaithe ann.

    Níorbh fhada gur tháinig Bridget ar an saol, agus ansin Eileen agus Seán. Ar Chónocht an Earraigh, 21 Márta na bliana 1931, a rugadh Claire McManus, máthair an Uachtaráin. Go gairid ina dhiaidh sin rugadh Úna agus ansin Bernadette a cailleadh in aois a naoi seachtaine. Celine an duine deireanach den chlann a rugadh ar an bhaile sin nó ba i mBéal Feirste a rugadh Declan agus Anne. Bhí bainisteoirí chomhlacht Bernard Hughes ag iarraidh go rachadh John ag obair sa chathair sin, áit a raibh a bpríomhbhácús. D’fhág siad slán ag Machaire Rátha, ag Séipéal an Ghleanna, ag Scoil Fairhill agus ag an reilig ina raibh an babaí Bernadette curtha go drogallach agus go faiteach agus thug siad aghaidh ar Bhéal Feirste.

    Mar thoradh ar chíréibeacha 1932 agus 1935 i mBéal Feirste bhí na geiteonna níos daingne ná riamh agus bhí drogall ar dhaoine cónaí áit ar bith taobh amuigh dá gceantair chomhchreidimh féin. Fuair teaghlach McManus teach beag ar cíos i gceantar Caitliceach i dTuaisceart na cathrach. I bhfómhar na bliana 1937, agus Claire McManus sé bliana d’aois, bhog siad isteach i bPáirc Duneden i bparóiste Ard Eoin. Is é a deir Máire faoi:

    ‘Is cuimhin liom m’athair mór, John McManus, ag siúl thart go péacógach i gculaith bhreá, hata ar a cheann, píopa ina bhéal, ar nós Bing Crosbie. The Major a thugadh muintir Ard Eoin air de bhrí gur shiúil sé ar nós saighdiúra agus de bharr a chúlra sna hÓglaigh. Bhí dhá chaitheamh aimsire mhóra aige: fuist agus garraíodóireacht, ach ba é an t-aon fhear é a chonacthas riamh ag gearradh an fhéir in Ard Eoin le speal.’

    I gceantar Ard Glas, i gContae Ros Comáin, leath bealaigh idir Cruachán agus Cora Droma Rúisc, a rugadh Brigid McDrury, máthair mhór Mháire ar thaobh a hathar, sa bhliain 1898. Ba í Brigid an dara duine clainne de chearthrar deirfiúracha. Ba iad Mary (ar ainmníodh Máire aisti), Nóra agus Sara Jane (nó Eileen mar a thugtaí uirthi) an triúr eile, iníonacha le William McDrury agus Mary McGreevy. Fuair máthair an cheathrair seo bás le hailse sa bhroinn sa bhliain 1910 agus an chlann fós an-óg. Maraíodh a n-athair, oibrí iarnróid, gar don teach sa bhliain 1924 nuair a bhuail traein é agus é ag siúl abhaile ó Chora Droma Rúisc cois an iarnróid lá nach raibh sé ag obair. Bhí Mary, an cailín ba shine, ina monatóir leis an Mháistreás O’Dowd sa scoil áitiúil. Bhí an mháistreás seo cairdiúil le muintir Burke ar leo Óstán Royal Avenue i mBéal Feirste. Ní raibh mórán oibre le fáil i Ros Comáin ag an am. Le cuidiú mhuintir Burke fuair Mary McGreevy post i siopa Lipton i Lios na gCearrbhach, Contae Aontroma. Tháinig Eileen a chónaí léi ansin. Nuair a thosaigh na pograim dódh an teach ina raibh siad ina gcónaí agus bhog na deirfiúracha go Béal Feirste.

    Phós Mary McGreevy Patrick Cassidy ó Chontae Thír Eoghain, fear a chaith seal i gConstáblacht Ríoga Éireann (RIC) sular díscoireadh iad. I ndiaidh di siopa milseán, tobac agus earraí beaga grósaera a cheannach ar Bhóthar Aontroma, cheannaigh sí siopa eile den chineál chéanna ar an choirnéal idir Bóthar Chromghlinne agus Sráid Butler in Ard Eoin. Nuair a chuaigh Nóra go Béal Feirste d’fhan sí le Mary agus Patrick Cassidy. D’fhoghlaim sí ceird na gruagaireachta agus bhunaigh sise a gnó féin in Ard Eoin fosta. Bhí a gnó féin ag an tríú deirfiúr, Eileen, in Ard Eoin chomh maith. Phós sise Willie O’Hara, fear áitiúil. Cheannaigh sí eischeadúnas ar Shráid Chromghlinne ina dhiaidh sin. B’iontach an teistiméireacht é do thriúr ban, sna 1940í i mBéal Feirste, gur bhunaigh agus gur reáchtáil gach duine acu gnó agus gur chaith siad saol a bhí compordach, daingean. Bhí an ceangal le hArd Eoin bunaithe go daingean fosta.

    Ní raibh fonn ar an cheathrú deirfiúr, Brigid, máthair mhór Mháire, dul rófhada ó bhaile. Thaitin saol na tuaithe léi agus ba leasc léi cairde a hóige a thréigean. Bhí cúis eile aici fanacht san Iarthar: bhí sí i ndiaidh éirí mór le Frank Leneghan, fear áitiúil a raibh aithne aici air ó bhí siad ar scoil. Phós siad agus shocraigh siad síos ar fheirm bheag mhuintir Frank in Ard Glas. Bhí an radharc ab áille sa cheantar le fáil ón ghiota talaimh sin ach ní raibh beathú teaghlaigh san fheirm – ceithre acra dhéag de thalamh bocht.

    Ba mhac é Frank Leneghan le Patrick Leneghan as Ard Glas agus le Anne Flanagan as Béal an Átha Mín. Ar nós mhuintir Mháire ar thaobh a máthar thug roinnt de theaghlach Flanagan aghaidh ar Mheiriceá sna 1880í. Ina measc bhí Patrick Banahan Flanagan, an chéad duine de sheanmhuintir Mháire a chuaigh le gairm an Dlí. Glaodh chun Barra Shiceagó é in 1895 agus ceapadh ina bhreitheamh é ag tús an chéid seo caite.¹ Má d’éirigh go maith lena uncail thall i Meiriceá ní raibh de thodhchaí ag Frank Leneghan agus a theaghlach i Ros Comáin ach an bhochtaineacht. An méid dá chuid talaimh nach raibh clochach bhí sé riascach. B’éigean do Frank dul ag obair ar na bóithre, sa chairéal agus ag an áith aoil áitiúil. Bhí tuarastal na sclábhaíochta seo de dhíth go géar nó ba ghairid go raibh clann óg acu. Rugadh Paddy Leneghan, athair an Uachtaráin agus an duine ba shine den chlann; ar 5 Iúil, 1925. Ina dhiaidh tháinig Dan, Mary, Willie agus Michael. Bhog an teaghlach chuig feirm eile sna 1930í: chuig gabháltas nach raibh pioc níos mó ná níos fearr, ach bhí an talamh cois an bhealaigh agus bhí sé níos fusa dul a fhad leis. Bhí an teach féin níos mó, le cistin agus trí sheomra bheaga ann: bhí ceithre chéad caoga troigh cearnach ar fad ann!

    Fear tostach agus duairc a bhí in athair mór seo Mháire. Ba ghearánaí é, mairtíreach ina aigne féin. I gcomparáid lena hathair mór eile ní bhíodh de chaitheamh aimsire ag Frank Leneghan ach na haibhleoga a bhogadh sa tine a mbíodh Brigid ag réiteach an dinnéir uirthi. Ba dhraíodóir é leis an mhaide bhriste. Bhíodh sé ábalta an mhóin a shocrú sa dóigh go raibh bladhmsach thine le bac amháin faoi choinne prátaí a bhruith agus tine choigilte leis an bhac eile fá choinne cístí nó arán a bhácáil. Chaitheadh sé an tráthnóna ag síor-rúscadh agus bhíodh an tine ina spóirseach seal agus ina luaith mhóna seal eile. Ach ba bheag a bhíodh le rá aige lena bhean seachas a bheith ag cáineadh agus ag gearán. Deir Máire gur amharc Frank Leneghan ar a bhean chéile mar rud gan luach, mar dhuine nárbh fhiú éisteacht lena tuairimí, agus nach raibh cead aici aon tuairim a nochtadh. Síleann sí go raibh atrua aige di ach nach raibh sé riamh ábalta é sin a chur in iúl di. Bhí a chuid tuairimí féin dubh agus bán. Cibé rud a déarfadh an Eaglais Chaitliceach agus Éamon de Valera bhí sé ceart. I dtreo dheireadh a shaoil, agus é ag fanacht i dteach Willie agus Cepta Leneghan, chonaic sé clár teilifíse de chuid ITV den chéad uair. Bhí an clár iomlán mí-mhorálta, dar leis, agus chlúdaigh sé an scáileán le cóip de The Irish Press le hé féin a chosaint ar an droch-thionchar gallda.

    Dar le Paddy gur fear cráifeach a bhí ann. Níor leor leis an Paidrín mar lón paidreacha gach tráthnóna; bhí Liodán na Maighdine Muire le reic fosta. Bhí sean-Frank leathbhodhar agus ba mhinic clann óg Leneghan ag baint spóirt as nuair a bheidís ar saoire ann. Ina leabhar féin déanann Máire cur síos ar leagan den liodán nach bhfaighfeá in aon leabhar urnaí:

    ‘I don’t suppose you say the family rosary at all up there,’ he once remarked. We defended our home valiantly, lying that, of course we said the Rosary every night. ‘Right so’ he conceded. ‘You can give out the Litany at the end.’ … Once we had started the litany I could get no further than ‘Mirror of Justice’. My sister – God bless her, came to the rescue. Leaning towards his deaf ear, she took up the litany after ‘Mirror of Justice’. ‘Church of England’ she added firmly. ‘Pray for us,’ he replied unperturbed. ‘Church of Ireland … Church of Scotland,’ she continued; and when she ran out of churches, she took up bingo calls: ‘Two little ducks. Legs Eleven. Clickety Click.’ He prayed happily for them all.²

    Bean fhadaraíonach a bhí ina chéile, Brigid, ach bean a mbíodh craic inti agus í óg. Bhíodh dúil mhór aici sna damhsaí tí ach chuir doicheall Frank deireadh leo sin go luath i ndiaidh a bpósta. Ba bhean ghlúine í nach raibh cáilíocht ar bith aici seachas an ealaín a bhí ó dhúchas inti agus an méid a d’fhoghlaim sí ó na mná a chuaigh roimpi. Bhíodh sí i mbun glantóireachta i Scoil Náisiúnta Woodbrook, gar don teach, agus d’oibríodh sí ar an fheirm. Gach maidin shiúladh sí cúig mhíle chun an tséipéil i nDroim Laighean agus ar ais, ba chuma soineann ann nó doineann. Bhíodh sí ann i bhfad roimh am Aifrinn agus d’fhágadh an sagart an eochair faoin mhata faoina coinne. Lasadh sí cúpla coinneal agus dhéanadh sí Turas na Croise. Shuíodh sí ansin i mbun marana i ndoilbhe an tséipéil go dtí go dtosaíodh an tAifreann. San eaglais a fuair sí a sólás agus a neart agus bhí a creideamh mar chrann taca aici ina saol. Deir Máire fúithi:

    ‘Ní duine cráifeach a bhí i mo mháthair mhór ach duine beannaithe, duine umhal, naomh cruthanta a ghlac lena staid ar an saol seo agus a raibh a leathshúil dírithe aici i gcónaí ar an saol a bhí le teacht. Misteach a bhí inti, duine a bhí i gcomaoin le Dia gach bomaite den lá ar bhealach an-simplí. Blianta fada i ndiaidh a báis thosaigh mise ag foghlaim theicnící an mhachnaimh Chríostaí. Dúradh liom gur ceangaltas úr idir an duine agus Dia a bhí ann, cleachtas nua a bhí ag teacht isteach i saol spioradálta na hÉireann ón Oirthear. Ach thuig mé láithreach nár rud úr é ar chor ar bith do mhuintir na tíre seo, gurbh í an mharana chéanna í a chleachtaíodh mo mháthair mhór, Brigid Leneghan, fadó.’

    As measc na mban uile ar chuir Máire aithne orthu i rith a saoil, taobh amuigh dá máthair féin, is dóigh gur faoi anáil a beirt sheanmháithreacha is mó a tháinig sí. Ar nós na mban sin cuireann Máire go leor di gan a mothúcháin a léiriú. Dála na máithreacha móra bíonn síorchomhrá ag dul ar aghaidh istigh ina hintinn féin, nó mar a deir sí féin: ‘Cíoraim gach ceist mhór, agus éistim le gach tuairim, i gciúnas callánach mo chroí féin.’ Cibé faoi na tréithe eile a fuair Máire le huacht uathu tá neart agus uaillmhianachas agus fearachas Cassie inti agus tá spioradáltacht, foighne agus croí spórtúil Brigid inti. Ní beag an oidhreacht í.

    Sa bhliain 1939, agus Paddy Leneghan ceithre bliana déag d’aois, thug sé aghaidh ar Bhéal Feirste. Chuig teach a Aintín Nóra a chuaigh sé, cionn is go raibh sise ina cónaí léi féin. Chuir an Dara Cogadh Domhanda srian ar imeachtaí go leor i mBéal Feirste ach níor chuir sé isteach ná amach ar chúrsaí óil, agus fuair Paddy post, gan stró, i dteach tábhairne The Alderman, ar Bhóthar Chromghlinne. Chaith sé roinnt blianta ag obair i dtábhairní i mBaile Átha Cliath agus i nDún Laoghaire ina dhiaidh sin ach nuair a tháinig deireadh leis an chogadh d’fhill sé ar Bhéal Feirste arís. Faoin am seo bhí printíseach gruagaireachta úr ag a Aintín, bean óg áitiúil a bhí díreach tagtha abhaile go hArd Eoin ó cheantar Shliabh Crúibe, áit a raibh sí ag stopadh lena haintín Mary Agnes le linn an Blitz. Nuair a d’fhiosraigh Paddy a hainm fuair sé amach gur Claire McManus a bhí uirthi, duine den chlann mhór sin as an Ghleann Ard a raibh cáil na háilleachta ar na girseacha. Deir Paddy fúithi: ‘You could say I fell in love with her as soon as I saw her, and the more I saw of her the more in love I fell with her.’ Bhí sí féin tógtha go maith le Paddy fosta: ‘He was a very handsome man. He was sensible, but great fun to be with, and he had a marvellous sense of humour.’

    Pósadh Claire McManus agus Paddy Leneghan i Séipéal na Croise Naofa in Ard Eoin ar 5 Meitheamh 1950, agus bhí cónaí orthu ar feadh tamaill ina dhiaidh sin in árasán in Ascaill Skegoniel, ar Bhóthar Aontroma. Bhí an ceantar sin coimhthíoch don bheirt acu agus chronaigh siad Ard Eoin go mór. Taobh istigh de leathbhliain fuair siad teach ar cíos i gCéide Ladbrook, an tsráid díreach in aice le Páirc Duneden, an áit ar tógadh Claire agus áit a raibh cónaí fós ar a tuismitheoirí. Ní raibh ann ach teach beag le dhá sheomra thuas staighre agus péire eile thíos ach bhí an bheirt acu sona sásta go raibh siad ar ais i measc a muintire i gcroílár Ard Eoin.

    Ón lá a rugadh Máire Pádraigín Ní Leanneacháin bhí sí glórach agus trodach, agus breá ábalta an fód a sheasamh. Tháinig sí ar an saol ar 27 Meitheamh 1951, Féile Mhuire Máthair na Síorchabhrach, in Otharlann Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Deireadh sí go minic le linn a hóige: ‘My mammy and daddy were married on the 5th of June and I was born on the 27th.’ Bhí an oiread sin trup uaithi féin agus ó naíonán beag eile – céad mhac Fred Daly, an galfaire clúiteach – gur ruaigeadh an bheirt acu as an naíolann agus isteach sa seomra folctha, áit a dtiocfadh leo bheith ag troid agus ag argóint in ard a ngutha. ‘The nurses told me that Mary and Fred Daly’s son were the two noisiest babies ever to be born in the Royal Hospital’, a deir a máthair, Claire. ‘They said it was our bad luck that they both came on the same day.’

    Deir Claire go raibh an lá a rugadh Máire ar cheann de na laethanta ba tábhachtaí ina saol. Naoi n-uaire ar fad a rinne sí an turas abhaile ón otharlann le leanaí nua-bheirthe, ach bhí sásamh agus pléisiúr ar leith, blas thar a bheith mórtasach ar an chéad turas seo. Tá cuimhne aici ar gach aon ghné dá tinneas clainne, den bhreith, den mheascán mearaí sin de mhothúcháin a thagann salach ar a chéile ar cuid iad, dar léi, de shainchuimhní gach máthar ar shaolú a gcéad linbh. Bhí a máthair agus a hathair féin ar láimh nuair a shroich sí féin agus Paddy Céide Ladbrook lena gcéadghin. Níor leanbh go dtí í, dar leosan agus dar leis an tseanlánúin. Ón bhomaite a leag máthair Claire súil ar Mháire bhí bá ghaoil ar leith eatarthu. Deir Máire, agus aontaíonn muintir Leneghan léi, go raibh coibhneas agus cairdeas as an ghnách idir í féin agus a máthair mhór, fiú nuair a bhí suas le trí scór garpháiste eile aici.

    Bhí Paddy ag obair ag an am sin i dteach tábhairne Skelly ar Bhóthar Grosvenor. Cuireadh an sméar mhullaigh ar an cheiliúradh nuair a thairg Mrs McCormack, ar léi an tábhairne, post bainisteora do Paddy. Bhí an saol ina cheart ag teaghlach óg Leneghan. B’álainn an áit é Ard Eoin.

    Tá clú ar fud an domhain ar Ard Eoin an lae inniu mar dhaingean Caitliceach náisiúnach atá timpeallaithe ag ceantair Phrotastúnacha, ach aisteach go leor, b’áit Phrotastúnach ó cheart í. Sa bhliain 1815 thóg an Preispitéireach Michael Andrews sráidbhaile beag fíodóireachta ann, áit a ndéantaí damasc ríoga ar sheolta láimhe. Éadan Doire a bhí ar an cheantar ag an am. Thóg Andrews teach mór ar chnoc a raibh Ard Eoin, nó ‘St. John’s Hill’ air, áit a raibh áras na mbusanna ina dhiaidh sin. Thaitin an logainm Ard Eoin go mór leis agus bhaist sé é ar an sráidbhaile úr a bhí bunaithe aige.

    Chuir teacht na muilte móra lín deireadh leis an seansráidbhaile. Tógadh tithe beaga ina gcéadta ar an dá thaobh de Bhóthar Chromghlinne mar chóiríocht d’oibrithe na muilte agus dá dteaghlaigh. Rinne Jack Allen, fear a rugadh in Ard Eoin sa naoú haois déag, cur síos ar bhás an tsráidbhaile:

    The handlooms that had woven linen for royal palaces were flung into a lorry and taken away. Belfast marched over our wee place. They drove a clean concrete street through the silent village like a dagger through its heart.³

    Sa sean-Ard Eoin bhí ainmneacha aisteacha eachtrannacha ar chuid de na sráideanna: Sráid Havana, Sráid Jamaica; bhí ainmneacha tiarnaí gallda ar chuid eile acu: Sráid Herbert, Sráid Disraeli; bhí ainmneacha ann a raibh macalla shaol na n-uaisle faoin tuath orthu: Sráid Oakfield, Sráid Elmfield, Sráid Fairfield; ach ní raibh ach an t-aon ainm sráide amháin ann a bhí fóirsteanach don cheantar: Sráid Flax. Bhí na sráideanna beaga cúnga pacáilte le tithe beaga nach raibh de ghairdín tosaigh acu ach cosán na sráide, iad brúite suas cúl le cúl; ní raibh leithreas iontu, ná uisce te, ní raibh leictreachas i gcuid mhór acu go dtí na 1950í. Ina ainneoin seo maíonn Máire go raibh Ard Eoin mar a bheadh cocún ann, go raibh sí sábhailte, agus sona sásta sa pharóiste. Seo dearcadh an gheiteo, ach an taobh deimhneach de. Deir a tuismitheoirí nach raibh ann ach cineál de chocún tanaí, ach go bhfuil cuid mhór den fhírinne sa ráiteas fosta. Mar aon le go leor daoine eile a d’imigh as an cheantar chronaigh Máire an cairdeas agus an oscailteacht a mhothaigh sí i gcónaí thart uirthi.

    Ar Bhóthar Chromghlinne, a ritheann faoi chiumhais thiar Ard Eoin, ó lár na cathrach amach i dtreo Log an Aoil agus na sléibhte, a thóg Ord na Croise agus na Páise mainistir mhór agus séipéal le freastal ar riachtanais spioradálta Chaitlicigh an cheantair. Tá níos mó ceana ag Máire fós ar an séipéal sin ná mar atá aici ar áit ar bith eile i mBéal Feirste. Osclaíodh an seanséipéal i mí Eanáir 1869. Osclaíodh an ceann atá anois ann, an teach pobail inar baisteadh Máire Ní Leannacháin, i mí Bealtaine 1902. Bhí ceathrar easpag agus leathchéad sagart i láthair nuair a léigh an Cairdinéal Logue an chéad Aifreann ann. Bhí seanfhocal ag muintir Ard Eoin faoi achar an pharóiste sna laethanta fadó: ‘The parish stretched from the jail to the mountain, and from the Shankill to the moon.’ Is é Príosún Bhóthar Chromghlinne, míle go leith síos an bóthar ón séipéal, an charcair atá i gceist. Is é an ‘Shankill’ atá luaite an tseanchill a ndeirtear faoi gurbh é Naomh Pádraig féin a bhunaigh é san áit a bhfuil Bóthar na Seanchille anois.

    Is geiteo Caitliceach é Ard Eoin. Níorbh aon iontas é go mbeadh muintir áite mar seo cúramach agus go ndéanfaí féiniúlacht an phobail a léiriú ar bhealaí éagsúla mar fhreagra ar a raibh de ghalldachas thart orthu. Ba dhlúthchuid den fhéiniúlachas seo an creideamh Caitliceach agus léiríodh go tréan é. Bhí muintir Ard Eoin go mór faoi thionchar na hEaglaise i gcónaí. Ba léir sin sa ról lárnach a bhí ag an Athair Aidan Troy nuair a bhí girseacha Scoil na Croise Naofa faoi ionsaí ag dílseoirí Eastát Glenbryn sa bhliain 2001. Tháinig Máire faoi anáil shagairt na mainistreach agus í fós an-óg. Sagairt iad a chaith saol a bhí broidiúil go leor le cúrsaí paróiste, ach bhí gné eile dá saol a bhí ríthábhachtach dóibh, gné an mhachnaimh. Bhí Máire óg an-tógtha leis an chuid seo de shaol

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1