Seosamh Mac Grianna : Míreanna Saoil
By Pól Ó Muirí
()
About this ebook
Seosamh Mac Grianna was born in Rann na Feirste in Co. Donegal and is considered the greatest Irish-language writer of Ulster. His life was a tragic one. The traits which made him a great writer - a fiercely independent, enquiring mind and an unwillingness to bow to convention or to compromise - also contributed to his marginalisation. Throughout his life he remained a wandered and an outsider. His wife and son both committed suicide within a short space of time and he spent the last thirty-one years of his life in St Conall's psychiatric hospital in Letterkenny. In Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil Ó Muirí describes Mac Grianna's life in detail, from his youth in Rann na Feirste to his last years in Letterkenny, including extracts from newspaper stories about him, reviews of his work and extracts from Mac Grianna's personal papers, giving us an intriguing portrayal of one of Irish literature's most brilliant and most elusive figures.
Related to Seosamh Mac Grianna
Related ebooks
Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMicheál Breathnach: Scríbhinní Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Fear nach nDéanann Gáire Rating: 4 out of 5 stars4/5Máire Mhic Ghiolla Íosa: Beathaisnéis Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsRocky Ros Muc: Seán Ó Mainnín Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsTuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsGearrscéalta ár linne Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScéal Ghael-Linn Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓn tSeanam Anall Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScothscéalta Rating: 4 out of 5 stars4/5Anam na Teanga: Gearrscagadh ar Ghlac Gearrscéalta Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSeán Ó Ríordáin: Na Dánta Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMuiris Ó Gormáin: Beatha agus Saothar Fileata Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsTar Éis a Bháis: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAistriú Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsIad Seo Nach bhFaca Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAg Tnúth leis an tSolas Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsScread Mhaidne Rating: 4 out of 5 stars4/5Ceol Baile Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDaoine a Itheann Daoine Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAg caint linn fhéin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsNa Lucha ag Rince Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓlann Mo Mhiúil as an nGainséis Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsFill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCloch Nirt Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsLá an Phaoraigh Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsHomecoming: An Bealach na Bhaile Rating: 4 out of 5 stars4/5O Chosta go Costa Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsFin de Siècle na Gaeilge Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Related categories
Reviews for Seosamh Mac Grianna
0 ratings0 reviews
Book preview
Seosamh Mac Grianna - Pól Ó Muirí
2007
1
Míreanna Saoil 1959-1990
Tosaímis ag an deireadh mar is é deireadh a shaoil an chuid is poiblí de scéal Sheosaimh Mhic Grianna agus is é deireadh a shaoil, agus an dóigh ar mhair sé, a chaitheann scáil ar an chuid is luaithe dá shaol. Fuair Seosamh Mac Grianna bás ar 11 Meitheamh, 1990; bhí bliain is tríocha caite faoi chúram dochtúirí aige in otharlann Naomh Conall, ionad síciatrach, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall. Ag caint ar aifreann na marbh, ghabh an tAthair Seán Ó Gallchóir buíochas le gach duine a chuidigh le Seosamh Mac Grianna le linn dó bheith i mbun pinn agus thug buíochas do Dhia as a shaol agus as a shaothar:
Chuir Seosamh a bhuíochas féin in iúl dá Dhia. Óir is é an buíochas is bunúsaí úsáid a bhaint as na tíolacthaí a bhronnann Dia orainn. Agus rinne Seosamh sin. D’úsáid sé a eagna chinn, a intleacht ghéar, a dhoimhneacht dhiamhrach, a shaibhreas cainte, a dheise labhartha, a shamhlaíocht, a cheolmhaireacht, a fhileatas, a thuiscint dhomhain ar thraidisiún agus ar oidhreacht a mhuintire, a bhuanna annamha uilig - d’úsáid sé iad agus dhealbhaigh saothar álainn ar comhlíonadh cumais agus liú buíochais don Chruthaitheoir é.
Agus dá thairbhe sin agus de thairbhe rudaí go leor eile tá muidinne lán dóchais inniu nach bhfaigheann sé bás choíche - an luach saothair a ghealltar i soiscéal an lae inniu dóibh seo a itheann arán an Tiarna, bíodh an t-arán sin ar altóir theach an phobail nó ar altóir na beatha.
Agus, ar ndóighe, tá dóigh eile nach bhfaigheann Seosamh Mac Grianna bás. Leag sé a mhéar agus a pheann go beacht ar bhunmhothúcháin a mhuintire agus d’aistrigh sé na mothúcháin sin isteach i bhfriotal atá lán de bhrí agus d’éifeacht agus de dhraíocht. Agus is ar thobar an fhriotail sin a phillimid arís agus arís eile.
Ní fhéadfaí achoimre Uí Ghallchóir ar bhuanna Mhic Grianna a shárú. Is cuí an cur síos a rinne an Gallchóireach ar an Ghriannach, cur síos a sheasfaidh teist an ama agus cur síos a thug aitheantas poiblí don scríbhneoir ba cháiliúla dá aois.
Cuireadh Seosamh Mac Grianna sa reilig in aice le teach pobail Réalt na Mara in Anagaire ina chontae dúchais féin. Níl de scríbhneoireacht ar a uaigh ach a ainm. Ach na daoine a bhí cruinn ar lá a thórraimh, thuig siad luach an té a bhí caillte. B’éachtach an t-údar é agus bhí aird ag léitheoirí ar a shaothar go fóill d’ainneoin gur fhulaing sé tost cruthaitheach caoga cúig bliain. Briseadh an tost sin anois agus arís, gan amhras. Foilsíodh Mo Bhealach Féin, dírbheathaisnéis Mhic Grianna, sa bhliain 1940. Is ann atá cuid de na habairtí is clúití i nualitríocht na Gaeilge le fáil: Thráigh an tobar i samhradh 1935. Ní scríobhfaidh mé níos mó. Rinne mé mo dhícheall agus is cuma liom.
Ba thrua gur thráigh an tobar. Foilsíodh iarracht ar úrscéal, Dá mBíodh Ruball ar an Éan, mar aguisín le Mo Bhealach Féin. Úrscéal neamhghnách, ceannródaíoch a bhí ann agus ceann a léirigh go raibh samhlaíocht Mhic Grianna ag aibiú léi i rith an ama. Bhí an Griannach chun tosaigh arís ar scríbhneoirí a ré agus é ag scrúdú Éire a linne, idir shochaí pholaitiúil agus chultúrtha, san úrscéal seo.
Ba iad na focail sin a scríobh sé ina óige, thráigh an tobar
, feartlaoi Mhic Grianna chomh fada agus a bhaineann sé lena lán daoine. Agus ba é Mo Bhealach Féin an leabhar ba mhó a bhain clú agus cáil amach dó mar údar. Ó chlis a shláinte air i lár na 1930idí, d’éirigh glúnta aníos arbh é Mo Bhealach Féin an leabhar ba mhó a sheas a chlú dóibh; leabhar é a bhí lán le mistéir, leabhar a d’inis leath dá scéal dúinn, leabhar a thug le fios go raibh scríbhneoir mór le rá beo in Éirinn, cé gur chónaigh sé taobh thiar de bhallaí otharlainne ar feadh i bhfad.
Is é an tost fada sin an chuid is iomráití de scéal Mhic Grianna. Cuireadh tús leis an tost sa bhliain 1935 ó cheart, an t-am a d’éirigh sé as scríbhneoireacht chruthaitheach agus ba ar éigean a bhí iomrá air idir an bhliain sin agus an bhliain 1959, tráth a cuireadh faoi chúram dochtúirí é. Chuir an tost le mistéir agus le stádas Mhic Grianna mar scríbhneoir. D’aimsigh daoine rómánsaíocht éigin sa chiúnas rófhada sin - b’ionann é agus teistiméireacht Mhic Grianna go raibh sé dílis dá ghairm mar scríbhneoir; gurbh é an tost an éiric a baineadh as de bharr a chumais i mbun pinn; gur ina chinniúint a bhí an cliseadh seo. Gairm
an focal is fearr atá i gceist le cur síos ar ar bhain sé amach. Níor shlí bheatha aige í an scríbhneoireacht; níor phost ranga í, ach gairm - an cineál céanna gairme a chleachtann sagart agus saoi.
Tá roinnt íomhánna againn den Ghriannach as aois seo na hotharlainne: an seanduine doicheallach a bhfuil de ghruaig air liath anois agus a shúile dorcha ag stánadh amach orainn faoi chaipín. Mac Grianna, an saoi, an íomhá a mhaireann in aigne daoine. Ní hiontas é. Bunús na ngrianghraf a glacadh de agus a bhfuil fáil orthu go fóill, is le linn a thréimhse san otharlann a tógadh iad. Maireann fíorbheagán grianghraf eile de - grianghraif a thugann buille faoi thuairim dúinn den duine óg, fear a bhí chomh láidir ina cholainn le damh
agus é in aois na bhfichidí agus na dtríochaidí. Tá rud amháin nach n-athraíonn sna pictiúir ar fad - na súile, iad chomh lom, díreach, eolach ó aois go haois.
Bhí na blianta sin idir trá an tobair, 1935, agus é filleadh ar Rann na Feirste sa bhliain 1957, ar chuid de na blianta ba chorraí ina shaol. D’fhág Proinsias Mac an Bheatha, scríbhneoir, cuntas ar bhlianta anróiteacha Bhaile Átha Cliath. Thosaigh sé a thabhairt cuairteanna ar an Ghriannach i lár na 1950idí agus léiríonn an dialann a choinnigh sé de na turais sin scríbhneoir a bhí ar imeall na sochaí. Bhí an teach ina raibh cónaí ar Mhac Grianna cáidheach; bhí plátaí gan ní ina luí thart agus seanbhuidéil bhainne ag ramhrú. Bhí droch-chuma ar Mhac Grianna féin agus ba dhoiligh comhrá de chineál ar bith a bhaint as.
Rinne Mac an Bheatha, agus Conall Ó Dónaill, gaol de chuid Mhic Grianna, a ndícheall earraí a cheannach dó:
Tháinig mise ag cónaí i gCluain Tarbh i dtús na 1950í agus ón am sin amach chasainn ar Sheosamh minic go leor. Shiúladh sé bóithre Chluain Tarbh, agus go háirithe bóithre an chuid sin de ar a dtugtar Baile na gCorr, a dhá láimh sáite i bpócaí an chóta mhóir a bhíodh á chaitheamh bunús an ama aige, agus cuma air go raibh sé ag déanamh a mhachnaimh go domhain. Bhí cuma dhearóil go maith air, a fhéasóg gan bhearradh agus a bhróga agus a chuid éadaigh caite go mór. Professor Green
an t-ainm a thugadh na daoine air.
Maireann pictiúr anróiteach den Ghriannach i bhfianaise Mhic an Bheatha:
Bhí an seomra trína chéile go mór - salachar agus seanéadaí gach áit. Bhí dhá sheanleaba sa seomra, an dá cheann acu briste ach ceann amháin níos measa ná a chéile. Bhí roinnt leabhar caite sa mhullach ar a chéile ar an leaba seo. Bhí carn seanbhlaincéad agus seanchótaí caite ar an cheann eile. Bhí luaithreach agus conamar na mblianta carntha sa tinteán. Ar an aon bhord bheag amháin a bhí sa seomra bhí seanbhuidéil bhainne, cannaí bainne stánaithe, paicéad salainn agus roinnt plátaí salacha. Bhí an bord féin cáíoch [cáidheach]. Bhí cathaoir uilleach a bhí maith tráth dá saol os comhair an tinteáin amach. Bhí peann agus buidéal dúigh ar an chladhar. Bhí an seomra ar fad gruama salach agus boladh bréan ann.
Is é an tagairt don pheann agus buidéal dúigh an t-aon rud amháin a thógann croí an léitheora. Dá olcas a chás, bhí uirlisí a ghairme taobh leis i gcónaí. Ach b’fhéidir go bhfuil sin ró-rómánsúil; b’fhéidir nár cheart dúinn an rómánsachas a cheadú, nár cheart dúinn an neamhaird a tugadh ar an fhear a mhaitheamh de bharr peann agus buidéal dúigh bheith ina araicis.
De réir Mhic an Bheatha, bhí Mac Grianna ag foghlaim Spáinnise ag an am sin, teanga a bhí doiligh ach álainn, a dúirt an Griannach leis. Agus phléigh siad cúrsaí litríochta. Bhí Mac Grianna ag léamh leabhar de chuid Walter Scott - The Lord of the Isles agus Waverley - agus bhí Mac Grianna breá ábalta Scott a mheas mar scríbhneoir, ag rá gur scríbhneoir mór próis a bhí ann ach nach raibh sé thar mholadh beirte mar fhile.
Bhí Colm Ó Tórna, iriseoir, ina ghasúr óg an t-am sin agus d’fheiceadh sé Mac Grianna ag siúl na sráideanna, gan aird ar an trácht. Ní raibh gasúir na sráide chomh measúil sin lena gcuid leasainmneacha agus Auld Butts
a thugadh siad air de bharr go mbíodh Mac Grianna ag tógáil seanbhunaí toitíní den talamh. D’aithin Ó Tórna cruthaíocht bheith sa duine go fóill, é breá láidir, agus bhíodh bean le feiceáil ag teacht ar cuairt aige, bean dhathúil, béaldath uirthi, í ag mairgneach go raibh sí cráite ag Mac Grianna, nach labhródh sé léi.
Thuigfeá as cuntas Mhic an Bheatha gur dhuine thar a bheith seachantach a bhí sa Ghriannach faoin am sin. Mura raibh Mac Grianna fuar ar fad ann, ní raibh sé fáilteach ach an oiread. Bhain doicheall leis na cuairteanna in ainneoin iarrachtaí Mhic an Bheatha comhrá a spreagadh. D’imigh Mac Grianna ar ais go Dún na nGall gan slán a fhágáil leis nó a rá leis cá raibh a thriall, fiú. Chuir an t-imeacht an oiread sin imní ar Mhac an Bheatha gur chuir sé fios ar na Gardaí. Agus é ar saoire i Rann na Feirste, chonaic Mac an Bheatha é i samhradh 1958: Ach nuair a chonaic sé [Mac Grianna] chuige mé d’imigh sé leis gan focal a rá liom.
An bhliain ina dhiaidh sin, 1959, chuir bean Mhic Grianna, Peg, lámh ina bás féin. Chuir sí a ceann in oigheann gáis, de réir Néill Uí Dhónaill, comhghleacaí de chuid Mhic Grianna, agus fuarthas marbh ina seomra í. Ina dhiaidh sin, chuir a mac, Fionn, lámh ina bhás féin: bháigh sé é féin i gcuan Bhaile Átha Cliath. De réir mar is féidir a dhéanamh amach is in imeacht bliana a tharla an dá bhás. Dá mbíodh an saol i gceart, bheadh Fionn beo ar fad agus eisean a d’inseodh scéal a athar dúinn. Ach is ábhar iontais é a laghad seanchais a mhaireann faoi Fhionn. Ní hann dá chuimhne i Rann na Feirste. San áit a maireann scéalta go fóill faoi Sheosamh agus faoi chlann Mhic Grianna, níl ann ach an tost nuair a fhiafraítear faoi Fhionn. Ba iad na Bráithre Críostaí a d’oil Fionn ar scoil i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Ní raibh Seosamh ná Peg ábalta aire a thabhairt dó.
Chraol BBC Thuaisceart Éireann clár teilifíse dar teideal Dá mBíodh Ruball ar an Éan sa bhliain 1991 faoi Sheosamh Mac Grianna agus taispeánadh pictiúr d’Fhionn lena linn. Gasúr sé nó seacht de bhlianta d’aois atá ann, é ag stánadh ar an