Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall
Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall
Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall
Ebook357 pages5 hours

Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

A book about emigration and the strong ties that have been created between Connemara and Boston, America down through the years. Special attention is paid to Tomás Ó Conaire and his family from Ros Muc and the life they led on both sides of the Atlantic from the 1980s right up to the present day.

LanguageGaeilge
Release dateNov 1, 2012
ISBN9781784440121
Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall

Related to Conamara agus Boston

Related ebooks

Reviews for Conamara agus Boston

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Conamara agus Boston - Máirtín Ó Catháin

    cinn

    1. Poill sna bóithre agus poill sa bpáighe

    Is deacair a rá cén uair a ndeachaigh an chéad duine as Conamara go Boston; chaithfí dul siar cúpla céad bliain. Tar éis an Ghorta Mhóir a thosaigh an sruth mór i dtreo phríomhchathair Mhassachusetts. Bhí bunáit agus comhluadar dá gcuid féin ag muintir Chonamara in áiteacha ar nós South Boston ag teannadh le deireadh an naoú haois déag.

    Lean an imirce ar aghaidh sa bhfichiú haois; ba é scéal Chonamara i gcónaí é: an bád bán.

    Cé go raibh an cháil ar Mheiriceá sa mbaile go raibh saibhreas agus deiseanna maithe ann, shaothraigh imircigh Chonamara an saol ar an taobh eile den Atlantach. Tháinig an Depression sa mullach orthu freisin agus fágadh daoine beo bocht ar feadh i bhfad sna 1930idí.

    Ach, gan bhuíochas dó sin, chruthaigh imircigh na hÉireann agus muintir Chonamara thar cionn in imeacht na mblianta agus bhain a sliocht céimeanna móra amach sa saol freisin.

    Thug an beochan in eacnamaíocht na hÉireann sna 1960idí dóchas go mbeadh bealach níos fearr le muintir na tíre seo agus go laghdófaí an imirce go mór. Tharla sin ar feadh tamaill. Thug an córas oideachais meánscoile a tosaíodh i ndeireadh na 1960idí tuilleadh muiníne do dhaoine. Ach chuir géarchéim ola na 1970idí athrú eile ar an saol.

    Pé dóchas agus muinín a bhí dúisithe go raibh ré nua i ndán d’Éirinn, chuir na 1980idí deireadh leis. D’ardaigh an ráta dífhostaíochta go dtí 17%, d’ardaigh an cháin agus d’ardaigh praghsanna. Chroch na mílte seolta. Chuaigh cuimse go Boston aríst agus b’as Conamara go leor acu. Níor facthas an oiread as Conamara i mBoston le fada an lá.

    De réir mar a bhí pobail i gConamara dá mbánú tháinig croí agus beochan ar ais i bpobal Chonamara i mBoston. Bhí na céadta daoine óga as na pobail sa mbaile ag teacht ina measc. Bhí pubanna Bhoston ag cur thar maoil le daoine óga na hÉireann agus an Ghaeilge le cloisteáil go fairsing. Glúin nua ar an tairseach.

    Sin ceathrú céid agus tuilleadh ó shin. Caithfidh muid súil ar an ré sin sa gceangal idir Conamara agus Boston.

    Bhí Tomás Ó Conaire as Ros Cíde i Ros Muc, a bhean, Eileen, agus a gclann i measc imirceoirí na 1980idí as Conamara. Ba mhinic a rinne mé féin tuairiscí faoi throideanna Thomáis sa bhfáinne dornálaíochta sula ndeachaigh sé thar Atlantach siar. Tugtar aird ar leith ar chosán Thomáis agus a theaghlach sa leabhar seo agus muid ag caitheamh súil ar an gceangal idir Conamara agus Boston sna blianta ó shin i leith.

    An bóthar. Drochrath ar an mbóthar céanna. Bhrisfeadh sé do chroí. Sclaig i ndiaidh sclaige. Bhí spotaí thíos in aice le crosbhóthar Dhoire an Fhéich agus ba gheall leis an ngealach iad le poill agus le gleannta – bóithre briste Chonamara. Ag taisteal as Ros Muc don Spidéal chuile mhaidin agus anoir tráthnóna. An gíoscán sa gcarr ag fáil níos glóraí in aghaidh an lae. Sa mullach air sin bhí an diabhal de cháin ioncaim do do chriogadh uilig, arsa Tomás Ó Conaire – Tom Phat Phádraig Fheilipe. Bhí os cionn an tríú cuid den pháighe a bhí sé a fháil sa monarcha scuabtha leis ag fear na cánach. Bhí sí ina ceist mhór ar fud na hÉireann san am. Chuaigh na mílte amach ar shráideanna na hÉireann ag agóidíocht in aghaidh cáin ioncaim ard i 1979 agus lean na hagóidí sin ar aghaidh i dtús na 1980idí.

    Bhíodh Tomás ag éisteacht leis an gcaint faoin gcáin ard agus faoin mbail a bhí ar eacnamaíocht na tíre agus é ag taisteal soir agus anoir as Ros Cíde i Ros Muc chuig an obair. Bhí an dífhostaíocht ardaithe go dtí 15% in Éirinn agus bhí an bhail a bhí ar bhóithre ar fud na tíre ina údar mór gearáin. Bhí sé ina údar magaidh freisin. Eagraíodh comórtas ar chlár Gay Byrne ar Raidió a hAon le go bhfaighfí amach cá raibh an sclaig ba mhó in Éirinn uilig! Cuireadh tuairisceoir óg darbh ainm Joe Duffy amach ar fud na tíre ag breathnú síos i sclaigeanna agus scuainí daoine ina thimpeall. Pé ar bith raidió a dtabharfá cluas dó ba é an port céanna é. Raidió na Gaeltachta ba mhó a bhíodh ag Tomás sa gcarr. Ar a laghad ar bith bhí sé de shamhlaíocht agus de dhiabhlaíocht i muintir Chonamara roinnt ceoil a chur leis an gcruachás. A Dic Mhic an Earraigh … a deir an t-amhrán agus John Beag Ó Flatharta dá chasadh go breá. Ba é Dick Spring, ceannaire an Lucht Oibre, an Tánaiste agus an tAire Comhshaoil. Comhrialtas idir Fine Gael agus an Lucht Oibre a bhí i gcumhacht in Éirinn idir 1982 agus 1987. Ar chrann Mhic an Earraigh a thit cúraimí bhóithre na tíre ar feadh tamaill i 1984. Agus mheabhraigh muintir Chonamara i gcúpla véarsa do Mhac an Earraigh go raibh sé ina chruachás taobh thiar den Choirib. Bhain an t-amhrán leis an iarracht mhór a bhí ar bun le feabhas a chur ar bhóithre Chonamara. Thuig Tomás Ó Conaire an cás go maith; bhí a lorg ar a charr, agus ar a phóca. Mulláin, sclaigeanna, gleannta agus scríobadh ar na bóithre i gcaitheamh an bhealaigh as Ros Muc chomh fada le monarcha Jetmara sa Spidéal. Ach thug an t-amhrán beagán sásaimh do dhuine ina dhiaidh sin féin: Dic Mac an Earraigh ag fáil preabtha ó mhuintir Chonamara:

    Sé Dic Mac an Earraigh is ciontaí ar fad leis,

    Tá sé geallta le fada go dtiocfaidh sé ann,

    Ach tá mise a cheapadh nach bhfuil sé ach ag magadh,

    Mar tá an iomarca ar a aire thuas ins an Dáil.

    Sé a dúirt Mac an Earraigh nach raibh aon mhaith ag caint air,

    Mar gheall ar an eacnamaíocht tá na pingneachaí gann,

    Ach mo dhíomú don Chouncil nach gcuireann caoi cheart air …

    Agus slaibín beag tearra agus é a réiteach faoi láimh.

    Ó, glacaigí mo chomhairle, a mhuintir Chonamara,

    Nuair a thiocfas an Eanáir ná híocaigí aon cháin,

    Ach seasaigí le chéile chomh maith is is féidir,

    Is b’fhéidir go líonfaí na potholes ar ball.

    Sea a mh’anam, glór bríomhar, ceolmhar John Beag agus tú ag casadh isteach i dtreo Ros Muc tráthnóna earraigh. Ansin ar an ard ar an Tamhnach Bheag, an radharc ildaite siar uait: Cuan Chill Chiaráin, Cnoc Mordáin agus, soir ó thuaidh, na Beanna Beola. Is beag an t-iontas gur anseo a chaith Pádraig Mac Piarais ancaire sa samhradh fadó agus é ag cuimhneamh ar shaoirse a bhaint amach d’Éirinn. Ach má bhí saoirse féin sa bpoblacht seo le trí bliana agus trí scór anois, bhí tú sáraithe ag cúrsaí airgid agus praghsanna arda in Éirinn i 1984, agus an rud ar baisteadh an boilsciú air ag imeacht sna cosa in airde freisin. Ní bheadh mí den bhliain féin caite nó go mbeadh cuid den mhaith imithe as an bpunt a shaothraigh tú inniu: praghsanna ag ardú as éadan, jabanna gann agus poill ar an orlach sna bóithre. Cén chaoi a mbeadh an saol anseo ar chor ar bith amach anseo? Cén chaoi a mbeadh sé ag do chlann ach a n-éireoidís suas? Ceisteanna agus ceisteanna. Bhí radharcanna i bhfad ó bhaile ag éirí níos soiléire in intinn Thomáis de réir a chéile. Tír eile i bhfad siar. Bhí go leor de mhuintir Chonamara agus de mhuintir na hÉireann ag teacht ar aon tuairim leis. An bád bán aríst, sin nó an t-eitleán as an tSionainn i dtreo na spéire thiar. Mar bhí dorchadas i spéir eacnamaíochta na tíre seo i 1984.

    Sa mbliain sin bhí an ráta dífhostaíochta gaibhte chomh hard le 15.4%. Ní stopfadh sé ag ardú nó go sroichfeadh sé 17.1% i 1986; thógfadh sé trí bliana eile ina dhiaidh sin sula dtiocfadh an ráta ar ais go dtí an pointe ag a raibh sé i 1984. Is mór ar bhealaí an difríocht a bhí i gcúrsaí na tíre i lár na n-ochtóidí agus an cúlú eacnamaíochta is deireanaí, a thosaigh i 2008. Ní raibh ach 1,121,900 a raibh jab acu i bPoblacht na hÉireann i 1984, i gcomórtas le beagnach dhá mhilliún a bhí ag obair i 2009. Bhí an céatadán ar an dól níos airde ná mar a bhí sé ariamh roimhe sin sa tír i lár na 1980idí, ná ariamh ó shin ach an oiread. San am céanna is dóigh go raibh an líon daoine a bhí ag obair ar an gcúlráid, beag beann ar an gcóras cánach, i bhfad níos airde sna 1980idí ná mar atá sé ar na saolta seo. Cé nach féidir an eacnamaíocht neamhoifigiúil seo a thomhas go cruinn, bhí níos mó fonn ar dhaoine in Éirinn san am sin bob a bhualadh ar an Stát agus ar fhear na cánach. Agus, ar ndóigh, bhí an cháin ioncaim ard, rud a chuir cuid mhaith daoine i dtreo an eacnamaíocht dhubh mar a bhí baiste uirthi.

    Bhí corraíl i measc oibrithe na hÉireann le riar blianta roimhe sin faoin lear cánach a bhí dá baint as a bpáighe. Ba iad an dream a bhí ar an gcóras Íoc mar a Thuillir (PAYE) ba mhó a bhí thíos leis: oibrithe oifige, státseirbhísigh, oibrithe monarchan, oibrithe sna siopaí agus chuile dhuine eile a bhí ag obair ar pháighe lae agus an cháin bainte as an bpáighe chéanna sula bhfuair sé luach saothair na seachtaine isteach ina láimh.

    I ndeireadh na 1970idí bhí an dream a raibh cáin dá bhaint díobh ar an gcóras Íoc mar a Thuillir in Éirinn ag saothrú 67% den teacht isteach iomlán a bhí ag muintir na tíre seo. Ach bhí an dream céanna ag íoc 87% den cháin ioncaim; bhí an coibhneas go mór as cor. Bhí brúchtaíl faoi thalamh agus thug rialtas na linne (Fianna Fáil) é sin faoi deara. I gcáinaisnéis na bliana 1979 moladh go ngearrfaí dleacht 2% ar an mbrabús ar tháirgí feilme. Sheas na feilméaraí a dtalamh féin agus d’eagraigh léirsithe agus TJ Maher i gceannas orthu. Shocraigh an rialtas go gcaithfí an dleacht 2% ar na feilméaraí i dtraipisí. Ach bhí an sop séidte i measc oibrithe na tíre.

    Ar an 11 Márta 1979 bhí léirsithe in aghaidh cáin ard pearsanta anonn agus anall ar fud na hÉireann agus meastar go raibh 50,000 duine amuigh ar na sráideanna. B’ansin a ghlac Comhdháil na gCeardchumann ceannas ar na hagóidí agus tháinig 200,000 duine amach ar shráideanna bhailte móra agus chathracha na tíre ar an 20 Márta 1979. Bhíodar ag iarraidh go laghdófaí an t-ualach cáin ioncaim orthu agus go gcuirfí cruth nua ar an gcóras cánach pearsanta in Éirinn. Bhí sí ar an agóid ba mhó ariamh dá cineál in Éirinn. Bhí réabhlóid tosaithe a chuirfeadh athrú ar an tír roinnt blianta ina dhiaidh sin – agus a chuirfeadh athrú suntasach ar chúrsaí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann. Ach ní de léim é.

    2. Abhus nó thall – an croí agus an cloigeann

    Faoin mbliain 1984 bhí an comhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre gaibhte beagnach leath bealaigh isteach ina dtéarma i gceannas ar an tír. Bhíodar sáraithe ag géarchéim mhór eacnamaíochta. Bhí an tír geall le bheith briste agus baincéirí idirnáisiúnta ag caitheamh súil amhrasach i dtreo na hÉireann. As chuile phunt a bhí ag teacht isteach sa státchiste i gcánacha, bhí tríocha a cúig pingin ag dul amach aríst mar aisíocaíocht ar fhiacha. Bhí a lorg seo ar chúrsaí cánach. Bhí daoine ann a bhí ag íoc beagnach 65% den airgead a bhí saothraithe acu ar ais leis an Stát. San am sin bhí comhlachtaí ag íoc ionann agus 50% cánach ar bhrabach, agus bhí an fear oibre a bhí fostaithe acu ag íoc beagnach 40% cánach as a pháighe seachtaine. Bhí Tomás Ó Conaire ar dhuine de na hoibrithe sin. Bhí mo bhean, Eileen, agus mé féin ag obair, arsa Tomás. Is dóigh go ndéarfadh go leor daoine go raibh ag éirí go maith linn ar bhealach. Bhí dhá jab agus teach againn. Ach nuair a rinne tú comhaireamh ar na puint agus na scilleacha ní raibh tada dá bharr agat. Bhí mise ag obair sa Spidéal agus bhí Eileen ag obair i gCasla. Bhí mise ar uaireanta éagsúla oibre, scaití san oíche agus scaití sa lá. Dá réir sin theastaigh dhá charr uainn agus bhí costas trom ag baint leis, sin gan trácht ar an síordhíobháil a bhí na drochbhóithre a dhéanamh ar na carranna céanna. Bhí mé sa ngaráiste seasta. Agus ansin nuair a fuair tú do pháighe seachtaine i do láimh bhí an sclamh seo bainte as ag fear na cánach; bhí ionann is leath ár bpáighe caillte againne.

    Bhí Tomás éirithe chomh tinn sin den ualach cánach a bhí air go ndeachaigh sé chuig cuntasóir i nGaillimh le súil agus go bhfaigheadh sé faoiseamh eicínt. Thriáil sé a mhíniú gur cheart go laghdófaí an cháin ioncaim de bharr an chostais a bhí ag baint lena charr. Ach dúirt an cuntasóir leis nach raibh seans ar bith air sin. Ní maith go dtuigim fós é, arsa Tomás. Ach ag teacht abhaile dó as Gaillimh an tráthnóna sin bhí tuilleadh ceisteanna dúisithe ina intinn. An mbeadh aon rath ar dhuine sa tír seo go deo agus a raibh de chostais agus de cháin ann? Arbh fhearr seolta a chrochadh uilig?

    Bhí mac óg Thomáis, Michael, ag dul chun na scoile sa Turlach, an áit chéanna a ndeachaigh Tomás é féin ar scoil. Bhí a iníon, Irene, ina naíonán. D’fhág a mhuintir an seanteach a bhí acu i Ros Cíde ag Tomás ach bhí go leor le déanamh leis. Fad agus a bhí an obair sin ar bun bhí Tomás agus Eileen ina gcónaí in éineacht le máthair Eileen, Delia Festy, sa Turlach.

    Ach fiú agus go raibh eacnamaíocht na tíre go dona bhí spraoi agus caitheamh aimsire sa bpobal freisin. Ar bhealaí anois sílim go raibh siad ar chuid de na laethanta ab fhearr a chaith mé ariamh, a deir Tomás. Bhí dhá bhliain caite agam i Sasana ag obair ar bhildeáileacha. Sé bliana déag a bhí mé nuair a chuaigh mé anonn. Phós mé féin agus Eileen go hóg. Ar mo theacht abhaile dom d’iarr Mike Flaherty orm an mbeinn sásta a bheith i mo ‘pháirtí speárála’ ag John Phateen Tom, Seán Ó Mainnín, an dornálaí. Dúirt sé gur theastaigh duine uaidh a choinneodh Seán aclaí agus scafánta. Dúirt mé leis go dtabharfainn iarraidh faoi.

    Chaith Mike Flaherty scaitheamh maith san Arm agus nuair a tháinig sé ar ais go Ros Muc, chuir sé oiliúint ar dhornálaithe óga. Ba iad leithéidí Sheáin Mannion agus Mháirtín Uí Nia na dornálaithe ba mhó cáil a raibh lorg thraeneáil Mhike orthu. Bhí aithne ag Tomás ar Sheán ag éirí aníos dó agus abraíonn sé go raibh mianach iontach ann mar dhornálaí ón gcéad lá ariamh.

    Is dóigh nár thuig muid cé chomh cumasach agus a bhí sé mar go raibh an oiread sin aithne againn air san am. Ach ag breathnú siar air anois bhí sé cumasach ó thús. Thiocfadh an t-am nuair a thabharfadh Seán iarraidh mhór faoi chraobh meánmheáchain éadroim an domhain i Madison Square Garden i Nua-Eabhrac. Bhí Tomás ina dhornálaí paiteanta é féin sa marcmheáchan agus bhuaigh sé cuimse troideanna. Ba mhinic le cumann Ros Muc a bheith páirteach i gcomórtais agus in oícheanta dornálaíochta. Agus bhí an saol sóisialta go maith freisin.

    "Is cuimhneach liom an uair sin – abair idir 1975 agus 1980 – go mbíodh go leor de na dinner dances thart. Bhíodh siad ag lucht monarchana ar fud Chonamara, bhíodh ócáidí ag na cumainn pheile, bhíodh ceann ag an gcumann dornálaíochta. Bhíodh ócáid mhaith ag na Gardaí in Uachtar Ard agus is cuimhneach liom a bheith ann cúpla babhta. Bhí ceoltóirí agus fonnadóirí ar nós John Beag agus na hAncairí ag cur fonn le ‘Dic Mac an Earraigh’ agus comórtais jiveáil agus waltzáil ar fud na háite. Bhí na pubanna i mbarr a réime agus a maitheasa san am. Bhí neart imeachtaí sóisialta pobail ann an uair sin." Ach ní raibh spraoi na hoíche ag múchadh dhorchadas an lae in eacnamaíocht na hÉireann, ná san eacnamaíocht ar leic an dorais i gConamara.

    Bhí an dífhostaíocht ag teannadh gar do 16% i 1984. Laghdódh an figiúr go dtí an tríú cuid de sin fiche bliain ina dhiaidh sin, ach d’athraigh an saol aríst i 2009.

    Bhí deich nduine fhichead ag obair i monarcha Jetmara an uair sin sa Spidéal. Oícheanta ba mhó a bhí Tomás a dhéanamh. Ba méiteanna móra liom iad na deartháireacha Petie agus Pádraic McDonagh as Cladhnach, a deir Tomás, agus ba cara mór liom freisin é Pádraic Ó Cualáin as Cois Fharraige. An fear bocht, feallmharaíodh é féin agus a dheartháir le hurchair ghunna i Nua-Eabhrac blianta ina dhiaidh sin.

    Ach bhí intinn Thomáis ag athrú treo.

    Bhí an pháirtí speárála a bhíodh ag Tomás Ó Conaire i Ros Muc gaibhte go Meiriceá: bhí John Phateen Tom – Seán Ó Mainnín – i mBoston agus é ag dornálaíocht leis i Meiriceá anois. Bhí sé ag buachan troid i ndiaidh troda ar an taobh eile den Atlantach. Bhí sé i measc an dreama ab fhearr sa rannóg meánmheáchain éadroim sa domhan. Socraíodh i 1984 go dtabharfaí deis dó iarraidh a thabhairt faoi chraobh an domhain. Throidfeadh sé Mike McCallum as Iamáice sa bhfómhar i Madison Square Garden i Nua-Eabhrac.

    Shocraigh Tomás go ngabhfadh sé anonn chuig an troid. Ach bhí socrú níos cinniúnaí fós déanta aige: ní thiocfadh sé anall. Bhí Tomás agus Eileen tagtha ar an tuairim gurbh fhearr a bheadh an saol acu féin agus ag na gasúir i mBoston. D’imigh Tomás scaitheamh roimh throid Sheáin. Rinne sé an réiteach thall sula dtáinig Eileen agus na gasúir amach: Michael, naoi mbliana, agus Irene ina páiste. D’fhágadar an baile sa bhfómhar agus dhírigh compás ar Bhoston. Bhí Éire ciaptha ag cáin agus dífhostaíocht, bhí Conamara ar deireadh mar a bhí ariamh, agus bhí glas curtha ar dhoras eile i Ros Muc. An bhliain: 1984.

    3. Cosáin chasta na himirce

    Tá an pictiúr greanta ar intinn Thomáis Uí Chonaire fós. An bhliain 1958, sa seanteach ceann tuí. Déanann sé gáire faoi anois agus é ag cuimhneamh air, lorg na gcos báite sa gciseán fataí ar an teallach. Lá cinéal garbh a bhí ann chomh fada le mo chuimhne, a deir Tomás, agus bhí an ciseán fataí leagtha ar an urlár. Bhí muid uilig cruinnithe ar an gciseán agus muid ag placadh linn. B’in mar a bhíodh sé chuile lá: ciseán fataí i lár an urláir. Ba é an cás céanna é i mórán chuile theach eile. Bhí an líon tí ag ithe leo nuair a tháinig scáile sa doras. Sheas fear a bhí gléasta agus réitithe go maith ar an tairseach. Deamhan blas a rinne mé féin, mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha ach éirí de léim agus é a thabhairt do na bonnachaí, cuid againn ag dul siar sa seomra agus cuid againn amach an doras dúnta. Ach bhí an oiread sin scéine ionainn agus go ndeachaigh an chuid againn a bhí ar thaobh na tine den chiseán amach díreach san áit a raibh an ciseán nó go ndearna muid brúitín de na fataí faoinár gcosa! Feiceann sé an pictiúr sin fós. Sracfhéachaint amháin a thug sé thairis agus é ar a theitheadh: lorg na gcos báite sna fataí sa gciseán.

    Bhí scáth roimh údarás agus roimh dhaoine oifigiúla ag gasúir i gConamara san am. Ach bhí údar imní ag na tuismitheoirí freisin. Is é an t-oifigeach leasa shóisialaigh a bhí tagtha. An géaigéara a bhí baiste ar an bhfear i gConamara. Ba é fáth a chuarta ná tomhas agus meastachán a dhéanamh ar do chuid acmhainní: na beithígh, an mhóin a bhí bainte agat, tairbhe ar bith a bhain tú as an trá nó teacht isteach ar bith eile a bheadh agat. Go minic bhíodh drochthoradh ar an gcuairt: chaillfeadh an líon tí an dól nó cuid den dól. Mar sin a bhí sé ag Pat Phádraig Fheilipe, athair Thomáis, an lá sin.

    Freagraíodh ceisteanna an ghéaigéara go faiteach agus nuair a bhí a chuid foirmeacha líonta aige caitheadh go maith leis. Drochlá a bhí ann agus dúirt Pat leis an ngéaigéara go dtreoródh sé chuig an mbóthar é ar an gcosán ba lú a raibh fliuchán air. Ar an mbealach thug an géaigéara faoi deara go raibh ceithre bheithíoch ar an bhfoscadh le taobh claí. D’fhiafraigh sé de Phat cén fáth ar dhúirt sé nach raibh aige ach bó amháin nuair a bhí ceithre cinn ansin. Ní liom na beithígh sin, arsa Pat. Tar éis dó slán a fhágáil ag an ngéaigéara d’fhill Pat ar an teach. Bhí na fataí a raibh brúitín déanta díobh faoi chosa na ngasúr caite go leataobh agus pé ar bith ceann a bhí fanta ar íochtar an phota mhóir caite amach sa gciseán aríst.

    Agus é ag ithe cúpla fata eile i gcuideachta na ngasúr shíl Pat go raibh aige an iarraidh seo. Ach nuair a tháinig foirm an dól an tseachtain dár gcionn, ní raibh ann ach ocht scilleacha i leaba punt agus ocht scilleacha sa tseachtain mar a bhíodh aige roimhe sin. Ba throm an buille é i dteach a raibh seachtar gasúr ann. Dhiúltaigh Pat dul chuig Teach an Phosta le haghaidh na n-ocht scilleacha ar feadh i bhfad. Mar sin a fágadh muid freisin, a deir Tomás, sin nó gur labhair John Toole as Béal an Daingin do m’athair agus fuair sé an t-airgead ar ais sa deireadh. Tréimhse chrua a bhí inti i dteaghlach Uí Chonaire.

    Ba bheag an t-iontas é go raibh na gasúir féin ag cuimhneamh ar an mbád bán. Ó, bhíodh caint ann i gcónaí faoin imirce, arsa Tomás. Ag dul chun na scoile dúinne sa Turlach Beag sílim go raibh mórán chuile dhuine againn ag caitheamh súil chun cinn ar an lá a mbeadh muid ag fágáil an tseomra ranga agus ag imeacht linn thar sáile. Bhí sé tuigthe agat gur dóigh ná a mhalairt gurbh in é an cosán a bhí i ndán duit. Ach bhí uaigneas agus briseadh croí ag baint leis an gcosán céanna. Cuimhníonn Tomás i gcónaí ar scéal a d’insíodh a athair. Maidin Domhnaigh a bhí inti tar éis an aifrinn thoir i Ros Muc. "Bhí roinnt acu thoir le taobh an sconsa ag comhrá tar éis an aifrinn nuair a tháinig fear óg anoir an bóthar agus suitcase beag ina láimh aige. B’as Inis Treabhair é agus tharla sé go raibh m’athair ag comhrá le deartháir leis, Sonaí Chóilín Choilm, ag an bpointe ceannann céanna sin. Ansin nuair a bhí an fear óg gaibhte píosa amach an bóthar chuaigh a dheartháir amach ina dhiaidh. Tháinig sé suas leis agus nuair a shroich siad gleann sa mbóthar san áit nach raibh mórán amhairc orthu chroith a dheartháir lámh leis agus d’fhág slán aige."

    Slán go brách a bhí ann, mar a tharla go minic. Níor fhill an fear óg sin ar Inis Treabhair, ar Chonamara ná ar Éirinn lena shaol aríst. Samhlaíonn Tomás an cumha a bhain leis an eachtra sin i gcónaí. Níl a fhios agam cén chaoi go barainneach a raibh sé ag imeacht, a deir Tomás. "Chuile sheans go raibh an traein ag dul soir as an gClochán go Gaillimh an uair sin agus go raibh a thriall – de shiúl a chos – ar an Teach Dóite le dul ar bord ansin. B’in sé nó seacht de mhílte siúil agus sin tar éis dó an bealach a bheith déanta aige amach as oileán Inis Treabhair go Ros Muc. Is cosúil nach raibh a fhios ag a dheartháir go raibh sé ag imeacht nó go bhfaca sé ag dul siar an bóthar é an mhaidin Domhnaigh sin. Seans gur beag réiteach a bhí ann: seansuitcase agus an beagán a bhí aige agus an bóthar a bhualadh, gan a fhios aige céard a bhí roimhe … agus ba é an cás céanna é ag na mílte eile."

    D’imigh aintíní le Tomás é féin agus níor thángadar ar ais. Go Chicago a chuadar. Bhíodh a athair ag caint fúthu. Bhítí ag súil i gcónaí go dtabharfaidís cuairt ar an mbaile. Níor thug. Bhí scarúint na mílte agus na mblianta idir iad féin agus a n-áit dúchais. Níor dúnadh an bhearna sin ariamh. Tharla a leithéid sin go mion minic, arsa Tomás, agus sílim go mbíodh daoine sa mbaile ag tabhairt milleáin scaití don dream a d’imigh faoi nár thugadar cuairt ar an mbaile. Ar ndóigh, níor tuigeadh an scéal.

    Blianta ina dhiaidh sin chuaigh Tomás go Chicago agus casadh a chol ceathracha air. Bhí a chuid aintíní caillte agus curtha faoin am sin.

    D’fhiafraigh mé díobh cén fáth nár chuimhnigh m’aintíní cuairt a thabhairt ar ais go hÉirinn, a deir Tomás. Bhí freagra simplí air sin. Níor tharla sé ariamh go raibh a ndóthain airgid acu leis an aistir a dhéanamh. Caithfidh tú cuimhneamh go raibh an saol crua i Meiriceá san am sin, a deir Tom. "Ní raibh sé chomh crua agus a bhí sé sa mbaile, ach ní raibh ag daoine ach caitheamh agus fáil ina dhiaidh sin féin; bhí fíor dhrochthréimhse saoil i Meiriceá in aimsir an Depression agus ina dhiaidh. Ceapadh sa mbaile i gcónaí go raibh bealach maith leo i Meiriceá ach is minic nach mar sin a bhí."

    Bhí Tomás ag súil go mbeadh a chosán féin i Meiriceá níos fearr. Bhí an oiread de bhuntáiste aige agus go raibh sé as baile cheana, cúpla mí i Chicago agus cúpla bliain i Sasana. Sé bliana déag a bhí sé an chéad uair nuair a d’fhág sé an baile agus a chompás dírithe ar Londain. D’imigh slua againn an fómhar sin. Is cuimhneach liom go mbíodh muid ag comhaireamh gur fhág sé dhuine dhéag óg Ros Muc in imeacht coicíse an uair sin i 1971. Dháiríre, ní raibh a fhios againn beo cá raibh muid ag dul agus níor thuig muid céard a bhí romhainn. Ní raibh Béarla ag cuid den dream a d’imigh. Ní raibh mórán scoile ar dhuine ar bith acu. Bhí beagán Béarla agam féin, a deir Tomás, "agus ba mhór ab fhiú é sin. Bhí mé in ann Béarla a léamh agus a scríobh ach ní bhuafainn aon gheall as an méid a bhí agam! Ach creid uaimse é, chonaic mé daoine a raibh trioblóid

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1