Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Ausgewählt / Den Scoth
Ausgewählt / Den Scoth
Ausgewählt / Den Scoth
Ebook94 pages1 hour

Ausgewählt / Den Scoth

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

This book comprises an Irish language translation of twelve German short stories chosen from the anthology "Die besten deutschen Erzählungen" (The Best German Stories) compiled by the pre-eminent critic of German literature in the latter half of the twentieth century, Marcel Reich-Ranicki . The authors included in this book are: Siegfried Lenz, Elias Canetti, Lion Feuchtwanger, Wolfgang Borchert, Ernst Bloch, Gabriele Wohmann, Günter Kunert, Elisabeth Langgässer, Martin Walser, Uwe Johnson, Peter Bichsel and Christoph Ransmayr.

Is é atá sa leabhar seo ná aistriúchán ón nGearmáinis go Gaeilge ar dhá cheann déag de ghearrscéalta a roghnaíodh as an díolaim "Die besten deutschen Erzählungen" (Togha na nGearrscéalta Gearmánacha) leis an gcriticeoir clúiteach Marcel Reich-Ranicki. Ar na húdair tá Siegfried Lenz, Elias Canetti, Lion Feuchtwanger, Wolfgang Borchert, Ernst Bloch, Gabriele Wohmann, Günter Kunert, Elisabeth Langgässer, Martin Walser, Uwe Johnson, Peter Bichsel and Christoph Ransmayr.

Dieses Buch beinhaltet die irisch-gälische Übersetzung einer Auswahl von zwölf Kurzgeschichten aus "Die besten deutschen Erzählungen" von Marcel Reich-Ranicki. Die Autoren der ausgewählten Geschichten sind: Siegfried Lenz, Elias Canetti, Lion Feuchtwanger, Wolfgang Borchert, Ernst Bloch, Gabriele Wohmann, Günter Kunert, Elisabeth Langgässer, Martin Walser, Uwe Johnson, Peter Bichsel and Christoph Ransmayr.

LanguageGaeilge
Release dateNov 1, 2014
ISBN9781311326409
Ausgewählt / Den Scoth

Related to Ausgewählt / Den Scoth

Related ebooks

Reviews for Ausgewählt / Den Scoth

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Ausgewählt / Den Scoth - Fergus Ó Néill

    RÉAMHRÁ

    Tháinig borradh faoin ngearrscéal sa Ghearmáin mar fhoirm liteartha go díreach i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda. Ba é go comhfhiosach a tugadh droim láimhe don stíl liteartha áibhéalach idé-eolaíoch a bhí i réim sa Tríú Ríocht. Tar éis Kahlschlag (lomscrios) an chogaidh bhí an Stunde Null (uair an nialais) ann, agus an smionagar. Tús as an úire a bhí ag teastáil, dar le leithéidí Gruppe 47 mar shampla, agus ba i dtéacsanna gearra de sheánra an ghearrscéil gona stíl simplí réalaíoch a aimsíodh an meán feiliúnach leis an tionscnamh a chur i gcrích.

    Is solaoid den Trümmerliteratur (litríocht na bhfothrach agus an smionagair) agus den nádúrachas, leis, an gearrscéal An t-Arán le Wolfgang Borchert. Cruthaíonn an ganntanas bia sa ré iarchogaidh, agus luachmhaireacht an aráin dá réir, an comhthéacs. Agus is faoi bhrú an ghanntanais a nochtann an coimhthíos. Eipeafáine Sheoigeach, b'fhéidir, a airíonn an bhean faoin lampa ag an deireadh.

    Tá an réalachas draíochta ag baint le ball lárnach de Scéal Gnáthlaethúil faoi Shráid i mBeirlín le Günter Kunert. Is scéal é faoi Ghiúdach a theitheann as Béirlín agus a fhilleann ar fhothraigh agus smionagar na cathrach arís tar éis an chogaidh.

    Fís mhór an abhcóide mhúinte, Herrman Liebermann, sa ghearrscéal Przemyśl le Christoph Ransmayr is ea go mbunófaí útóipe ilnáisiúnta tar éis thurnamh Impireacht na hOstaire agus na hUngáire.

    Is i ré na Tríú Ríochta atá an scéal Tús an tSéasúir le Elisabeth Langgässer suite, a bhfuil dúlra agus áilleacht na sléibhte mar chúlra dó.

    An é d'fhonn atéamh a dhéanamh ar sheanchaidreamh a bhuaileann beirt le chéile arís in áit mar an Veinéis tar éis dóibh a bheith scartha óna chéile leis na cianta? Sa ghearrscéal Rendez-vous sa Veinéis le Gabriele Wohmann cheapfá gur mó ag an bhfear a shotal féin ná rud ar bith eile. Ach b'fhéidir nach aon dóithín an bhean sa deireadh.

    Sa scéal fáthchiallach An Fear leis an gCuimhne le Peter Bichsel ba mhaith leis an laoch rud a bheith ar eolas aige nach bhfuil ar eolas ag duine ar bith eile.

    Braitheann féinmheas an choirpigh sa scéal Féinphortráid mar Choirscéal le Martin Walser ar an mbleachtaire agus ar an díograis lena dtéann sé sa tóir air. Is cineál eochairscéil atá i gceist anseo a cumadh faoi anáil na coimhlinte idir an scríbhneoir Walser agus an criticeoir Reich-Ranicki san fhíorshaol, agus is amhlaidh gur mhinic go leor a bhíodh nimh san fheoil dá chéile acu.

    Ba cheist í a bhí tráthúil san fhichiú céad: nuair a théann intleachtóir i seirbhís shealbhóir na cumhachta, cad a tharlaíonn dó nuair a athraíonn sealbhóir na cumhachta sin a chúrsa? Seans gurbh fhearr dó athleagan den scéal ón mBíobla, Ióna, mar Shampla, le Uwe Johnson a bheith léite aige roimh ré. Más faoi anáil an Bhíobla a gineadh an bunleagan den ghearrscéal, is faoi anáil An Bíobla Nua a aistríodh é.

    Is as cultúr beoga an oirGhiúdachais (is cineál canúna den Ghearmáinis an Ghiúdais), ar deineadh scrios iomlán air le linn na Triú Ríochta, an scéal Titim isteach san Anois le Ernst Bloch. Ba iad saintréithe na scéalaíochta sa traidisiún Hasadach ná an ghontacht nathach, an paradacsa, an cor grod gan choinne agus féiniúlacht cheilte an duine.

    Cuireann an gearrscéal An Staonadh le Siegfried Lenz an nath i gcuimhne, Banalität den Bösen (comóntacht an oilc), a chum Hannah Arendt chun an neamhréiteach idir an t-olc mór ar an taobh amháin agus na mílte duine beag-le-rá gona gníomhartha suaracha ar an taobh eile a chruthaíonn an t-olc sin.

    An mbainfidh an t-eitleoir cróga an churiarracht amach a shonraítear sa teideal Curiarracht Airde na hEitilte le Lion Feuchtwanger agus an fiú an íobairt é?

    Dhein Elias Canetti aistear go Marrakech sa bhliain 1968 agus tháinig sé ar ais le Clúmhilleadh, scéal as saol na nEorpach i gcathair iar-chóilíneach a bhí fós faoi scáth ré an choilíneachais, nuair nach mbíodh an dara rogha ag na dúchasaigh seachas na droch-choilínigh agus na dea-choilínigh.

    Marcel Reich-Ranicki: Roghnaíodh na gearrscéalta sa leabhar seo as díolaim (Die besten deutschen Erzählungen. Insel Verlag) a chuir Marcel Reich-Ranicki i dtoll a chéile a chuimsigh, de réir a mheasa, togha na ngearrscéalta as a mhórshaothar Der Kanon. Die deutsche Literatur (An Chanóin. An Litríocht Gearmánach).

    Rugadh Marcel Reich-Ranicki sa bhliain 1920 in Włocławek sa Pholainn. Giúdach Polannach a athair agus Giúdach Gearmánach a mháthair. D'aistrigh an teaghlach go Beirlín sa bhliain 1929, áit ar fhreastal Marcel ar an meánscoil. Díbríodh ar ais go dtí an Pholainn sa bhliain 1938 é agus ó 1940 ar aghaidh cuireadh iachall air cónaí sa gheiteo in Vársá. D'éirigh leis éalú i dteannta lena bhean chéile as an ngeiteo sa bhliain 1943 agus chuaigh siad i bhfolach go dtí deireadh an chogaidh. Fuair sé amach tar éis an chogaidh gur dhúnmharaigh na Naitsithe a thuismitheoirí agus a dheartháir. Tar éis dó tréimhse a chaitheamh sa Pholainn ag obair sa tseirbhís taidhleoireachta, ina dhiaidh sin mar iriseoir, mar chraoltóir agus mar aistritheoir, d'aistrigh sé go dtí an Ghearmáin sa Bhliain 1958. Ba mar léirmheastóir agus mar chriticeoir liteartha leis na nuachtáin Frankfurter Allgemeine Zeitung (FAZ), Die Welt agus Die Zeit a thuill sé a bheatha ina dhiaidh sin. Idir na blianta 1958 agus 1967 ba bhall de Gruppe 47 é, ar dhream liteartha iad a raibh de chuspóir acu litríocht a bheadh ag teacht leis an ré iarchogaidh a spreagadh agus chothú. Ó 1988 go 2001 chuir Marcel Reich-Ranicki an clár teilifíse Das Literarische Quartett (An Ceathairéad Liteartha) i láthair agus de bharr na poiblíochta a bhí ag gabháil leis an gclár seo ba é an criticeoir ba mhó tionchar i measc phobal léitheoireachta na Gearmáine óna nóchaidí amach. Bronnadh an gradam íorónta Literaturpapst (Pápa na litríochta) air mar gheall ar an dóigh údarásach, b'fhéidir, ina dtugadh sé a chuid tuairimí ar shaothair liteartha.

    Ag tús na mílaoise ghlac sé mar chúram air féin díolaim deifnídeach de litríocht na Gearmáinise, Der Kanon. Die deutsche Literatur, a chur i dtoll a chéile a chuimsigh arna chríochnú di – i dteannta le húrscéalta, le drámaí, le filíocht agus le haistí – 180 scéalta as a roghnaíodh na gearrscéalta sa leabhar seo.

    I bhfianaise a bheathaisnéise, ní ábhar iontais é gur ag plé leis an nGiúdachas, an Dara Cogadh Domhanda agus an ré iarchogaidh a bhíonn cuid mhór de na gearrscéalta agus gurb as ceantair nach cuid den Ghearmáin iad a thuilleadh do roinnt mhaith de na húdair.

    Fuair Marcel Reich-Ranicki bás ar an 18ú lá de mhí Mheán Fomhair, 2013.

    Ióna, mar shampla

    Uwe Johnson

    (Jonas zum Beispiel)

    Ba Iáivé an Tiarna a chruthaigh muir agus talamh, agus ba iad na Giúdaigh a phobal, dhein sé conradh leo. Chuir an conradh seo na neacha daonna thar a n-acmhainn, ó am go chéile ligtí i ndíchuimhne é. Is é an rud a dhéanadh Iáivé ansin ná fíréan réamhchinntithe as a phobal a cheapadh ina fháidh a mbíodh de dhualgas air toil an tiarna a fhógairt don rí gona mhóra agus a ngéillsinigh. Ba mhór an t-údar mí-áidh a aithisc ag Íseáia, ina shuí sa pholl bréan a chríochnaigh Irimia. Bíonn anam an fháidh mothaitheach agus feasach agus mímhuiníneach chun glór an Tiarna a chloisteáil agus an mí-ádh a fhionnadh.

    Nuair a d'éirigh mallaitheacht agus peacúlacht chathair Nínivé aníos os comhair Iáivé tháinig fraoch feirge air as ucht a dhlí. Ghlaoigh sé ar Ióna (mac Aimití, ó Ghat-Hefer) agus leag an cúram air as a fhearg mhór a chraoladh go hard i sráideanna Nínivé agus a fhógairt go raibh an chathair sin i

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1